Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Arracht

Options

Comments

  • Posts: 0 [Deleted User]


    Chun dul ar an Aoine - ag súil leis. Fan go bhfeicfidh muid. Tá na léirmheasanna go maith is cosúil.

    https://nos.ie/cultur/scannain/scannan-laidir-cumhachtach-ata-in-arracht/



  • Moderators, Category Moderators, Education Moderators Posts: 27,130 CMod ✭✭✭✭spurious


    Bhain mé an-taitneamh as. Tá sé rud beag mall ag bogadh ach tá an chineamatagrafaíocht iontach. Chuir sé scannáin le Ingmar Bergman i gcuimhne dom. Níl an Gaeilge ann deacair ar chor ar bith, bhí mé in ann é a thuiscint.



  • Registered Users Posts: 1,328 ✭✭✭Upforthematch


    An-mhaith go deo. Is cosúil gur scannán ealaíne atá i gceist mar sin.

    Deir tuairisc.ie go bhféadfaí cás a dhéanamh gurb é seo an taispeántas scáileáin i nGaeilge is fearr riamh.

    Bhain mé an-sult as Black 47 chomh maith agus is maith an rud é go bhfuil scannánaíocht na hÉireann ag dul i mbarr feabhais.

    Ag tnúth go mór leis!



  • Posts: 0 [Deleted User]


    Rud amháin a chur isteach orm sa scannán ‘The Guard’ a taifeadadh i gConamara ná nuair a chuaigh siad chuig teach ina raibh muintir an tí a labhair Gaeilge amháin, ní raibh Gaeilge ar a dtoil ag na haisteoirí. Mhill sé an t-atmaisféar don radharc sin. Ní raibh sé inchreidte.



  • Registered Users Posts: 302 ✭✭Piollaire


    Bhí ormsa filleadh abhaile ón bpictiúrlann gan é a fheiceáil mar bhí na suíocháin le fáil go léir tógtha!



  • Advertisement
Advertisement