Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Éire agus Cursaí Sacair 2019/20

  • 23-03-2019 6:26pm
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭


    Tá 25% fós le himirt sa chluiche ar an gCloch inniu. Cúl amháin aimsithe ag foireann na hÉireann go dtí seo. Coinníolacha aisteacha, is dócha, agus iad ag imirt ar pháirc astro faoi ghaoth láidir. Gibraltar ag obair go fíor-dhian, agus meas tuilte acu ar a laghad as ucht a n-iarrachtaí.

    Níltear ró-shásta ar na meáin shóisialta, fiú agus na coinníolacha sin san áireamh! Bhúr measa, a chairde Gael?


Comments

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 6,769 Mod ✭✭✭✭nuac


    Is deas an rud go raibh an bua ag na h-Éireannaigh, ach béidh gá le feabhaú mór san cluife atá romhainn


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Bhain mé taitneamh as an alt Béarla seo le Gavin Cooney

    https://www.the42.ie/republic-of-ireland-gibraltar-4557466-Mar2019/


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Poll Dubh wrote: »
    Bhain mé taitneamh as an alt Béarla seo le Gavin Cooney

    https://www.the42.ie/republic-of-ireland-gibraltar-4557466-Mar2019/

    Ay, tá sé sin cothrom. Nod beag don chonspóid leis an iar-CEO freisin! ;)


  • Registered Users Posts: 2,793 ✭✭✭CrabRevolution


    Ceapaim go raibh buntáiste mór ag Gibraltar leis an páirc thacair sin. Ní amhán go bhfuil sé a staidiam náisiúnta, ach imríonn siad gach uile cluiche sa tsraith Gibraltar ar an bpáirc sin.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Ceapaim go raibh buntáiste mór ag Gibraltar leis an páirc thacair sin. Ní amhán go bhfuil sé a staidiam náisiúnta, ach imríonn siad gach uile cluiche sa tsraith Gibraltar ar an bpáirc sin.

    Beimid ag súil le taispeántas i bhfad níos cruinne ar chré oíche Mháirt, gan an ghaoth ag cur isteach ar an imirt, agus le slua ceart chun atmaisféar ceart a chruthú.

    Fecicim nach bhfuil ach pointe amháin anois idir Luimneach (#5) agus Shelbourne (#1) sa tsraith, cé nach bhfuair na Super Blues a gcéad chúl go dtí a gceathrú chluiche. Ní bheinn ag cur airgid ar thorthaí sa chomórtas sin, tá sé chomh deacair na torthaí a thomhais.


  • Advertisement
  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 6,769 Mod ✭✭✭✭nuac


    Tá súil agam nach béidh an gaoth cómh láidir anocht


  • Registered Users Posts: 2,793 ✭✭✭CrabRevolution


    Sé phoínte, barr an ghrúpa agus gan chúl géillte again. Sin tús maith!


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Toradh dochreidte ón gcluiche eile anocht! :eek: Céard sa Diabhal a tharla sna deich nóiméad deiridh?!


Advertisement