Advertisement
Boards Golf Society are looking for new members for 2022...read about the society and their planned outings here!
How to add spoiler tags, edit posts, add images etc. How to - a user's guide to the new version of Boards

Spórt

13»

Comments



  • Ááá,in ainm Chroim Chruaich 😬
    N'fheadar cén fáth a ghearrtar é.

    Is dócha gur chuir sé "uabhar" ar daoine.(bú-húhú)
    👎

    Tá sé ar ais! :D Chas RTÉ an fógra le linn an bhriseadh leath-ama agus bhí an chuid sin ann.




  • An File wrote: »
    Tá sé ar ais! :D Chas RTÉ an fógra le linn an bhriseadh leath-ama agus bhí an chuid sin ann.

    Sea, chonaic mé é!

    Maidir leis an gcluiche,an-díomá orm nár bhuaigh muid tar éis an taispeántas seo.Bhí na buachaillí glasa thar barr.

    Ar chuala tú an tráchtaireacht i nGaeilge?




  • Beidh an comórtas,agus na sráideanna,lofa ag na bligeardaí ón lucht leanúna na Rúise agus go mórmhór agus mar a bhíonn i gcónaí,na Sasanaigh.Tá cogadh idir an dhá lucht anois agus neart foréigean.
    Ach i ndáiríre,tá clú agus cáil ag cuid de lucht leanúna na Sasana de bharr trioblóid agus coimhlint.
    Tá trua mór orm don chuid eile a leanann an foireann agus an cluiche go dílis gan troid ar bith.




  • Dochreidte anocht.Thar a bheith iontach.Táim beagnach ag caoineadh le háthas, céard faoi sibhse?

    Taispeántas agus bua thar cionn ag na laochra glasa-tuilte go mór acu. Ach bhí an réiteoir go h-ainnis amach is amach.

    Díoltas ceart in aghaidh na Francaigh an chéad rud eile......




  • Ná déanaigí dearmad....

    Éire vs Sasana, cluiche ceannais chraobh an domhan faoi 20,rugbaí beo ar TG4 amárach ag 6.30i.n.


  • Advertisement


  • Ná déanaigí dearmad....

    Éire vs Sasana, cluiche ceannais chraobh an domhan faoi 20,rugbaí beo ar TG4 amárach ag 6.30i.n.

    An bhfuil an cluiche féin ag tosnú ag an am sin (6:30) nó an clár teilifíse?




  • An File wrote: »
    An bhfuil an cluiche féin ag tosnú ag an am sin (6:30) nó an clár teilifíse?

    Táim ag ceapadh go bhfuil an cluiche féin ag tosnú ag 7.00i.n.Ach is cinnte dearfa go bhfuil craoladh an clár ag 6.30i.n. le haghaidh comhrá roimh an cluiche agus a leithéid.




  • Táim ag ceapadh go bhfuil an cluiche féin ag tosnú ag 7.00i.n.Ach is cinnte dearfa go bhfuil craoladh an clár ag 6.30i.n. le haghaidh comhrá roimh an cluiche agus a leithéid.

    Go raibh maith agat. :) Seans go mbeidh orm féachaint air le ~100 dalta meánscoile. :P




  • An File wrote: »
    Go raibh maith agat. :) Seans go mbeidh orm féachaint air le ~100 dalta meánscoile. :P

    A dhiabhal diabhalach!
    Bhuel ar an taobh eile,beidh an t-atmaisféar agaibh,go mórmhór má tá an bua againn!


Advertisement