Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An Sínus

Options
  • 27-07-2001 3:57am
    #1
    Closed Accounts Posts: 65 ✭✭


    An Sínus (The Sinus)

    Tháinig seanbhean isteach in oifig an dochtúra agus tar éis roinnt braiteoireachta (hesitation), d'admhaigh sí go raibh fadhb iogair ag cur as di. "Ligim bromanna (farts) gan stad. Ach tá siad gan fhuaim (noiseless) agus gan bholadh (odourless). Déanta na fírinne, lig mé fiche broim ar a laghad ó thainig mé isteach. An féidir leat cuidiú liom, a Dhochtúir?"
    "Seo oideas duit, a Bhean Uí Néill. Caith na piollairí (pills) seo trí huaire sa
    lá go ceann seacht lá agus tar ar ais ansin."
    An chéad seachtain eile tháinig Bean Uí Néill ar ais, agus cuma an togha uirthi. "Níl a fhios agam céard tá sna piollairí sin, a Dhochtúir, ach tá chuile shórt níos measa anois! Tá mé ag ligean bromanna fós, agus tá boladh uafásach uathu anois! Céard tá le rá agat?!"

    "Tóg go bog é, a Bhean Uí Néill," a dúirt an dochtúir go suaimhneasach. "Tá do chuas (sinus) thar barr anois, bail ó Dhia ort. An chéad rud eile, cuirfidh muid caoi (fix) ar do chloisteáil! "


Advertisement