Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Drochaistriúcháin...

Options
  • 19-09-2015 11:45pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,530 ✭✭✭


    Is é "Carrchlós Ionad Cúraim an Féinics" an t-aistriúchán ar "Phoenix Care Centre Car Park" anseo:

    Carrchlós Ionad Cúraim an Féinics

    Níl sé ach km amháin ón bPáirc an Fhionnuisce é féin agus dá bharr sin luíonn sé le céill go bhfuil an Pháirc sin i gceist seachas an t-éan miotasach, an Féinics.

    "Carrchlós Ionad Cúraim Pháirc an Fhionnuisce"?
    "Carrchlós Ionad Cúraim an Fhionnuisce"?

    Deirtear "HSE" ar an gcuaille eolais thíos agus is cosúil go bhfuil "Grangegorman Development Agency" os cionn na Forbartha, de réir an leathanach seo.

    Conas a éalaíonn botúin mar seo ar na haistritheoirí sinsearaigh, fiú na daoine le breaceolas acu maidir le háiteanna i mBaile Átha Cliath (i measc rudaí eile, d'fheicidís "Páirc an Fhionnuisce" ar an Uimhir 10 le blianta)?



    An bhfaca sibhse aon samplaí d'aistriúcháin mhícheart le déanaí?


Comments

  • Registered Users Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi


    An ceann is measa i mo thuairimse ná gur é ainm oifigiúl fearann Ghaeltacht na Sceilge i gCiarraí ná "Baile an Sceilg"... in ionad "Baile na Sceilige"


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Tá snáth eile anseo:
    http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2057374988

    agus cúpla samplaí eile.....

    Bronntanasaí-Giftware (siopa seodra,Aonach Urmhumhan)

    Fáilte Go Páirc Arthur's Ché (Luimneach)


  • Registered Users Posts: 45 Comhairleoir


    [

    Cuir chuig http:// tuairisc.ie/amu-san-aistriuchan32/ é. Tá go leor samplaí eile déanta ag Maitiú Ó Coimín


Advertisement