Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

TG4 an tseachtain seo

Options
  • 13-07-2015 8:50pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭


    Snáth anseo le chaint faoi cláranna éagsula a bhfuil ar TG4.

    An tseachain seo is dócha go tabharfaidh mé aghaidh don Iomána Faoi 21 agus an sraith "Ar Bhotharín na Smaointe" oíche dé mháirt.

    Tour de France beo - aon duine??! :D


«1

Comments

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Is maith liom Ar Bhóithrín Na Smaointe.

    Bíonn cláracha iontacha ar TG4 i gcónaí,ach thug mé faoi deara go bhfuil cúpla rud imithe an samhradh seo mar a bhíonn á chraoladh acu de ghnáth i rith an tsamhraidh,mar shampla,chaill siad Wimbledon Beo,agus níl na seanchláracha Ros Na Rún ar an teilifís i rith na laethanta an samhradh seo.


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Seachtain ó amárach (22 Iúil) beidh trí chlár i ndiaidh a chéile nach mbeidh mé féin ag iarraidh cailliúint.
    Geantraí, Na Caisidigh, agus The Session le Dónal Lunny.


  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm


    Ná dhéan dearmad - beidh tuarisciú ón fleadh cheoil ag thosnú Dé Déardaoin @ 8 a chlog!


  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm


    An raibh aon duine ag féachaint ar "An Bronntanas" ar TG4 i rith na tseachtaine? Ní bhfaca mé an clár seo cheanna féin ach cheap mé go raibh sé an-suimúil. Bhí an aisteoireacht go han-mhaith freisin - is beirt méiseálaithe iad JJ agus Macdara!

    Beidh mé ag faire amach don chéad chlár eile an tseachtain seo!


  • Registered Users Posts: 5,798 ✭✭✭An Ciarraioch


    Bhí an chéad chlár thar bharr, ach d'eirigh sé beagán áiféasach ina dhiaidh sin - ní raibh an dorchadas chéana ann.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm


    Ah is mór an trua é sin - an bhfuil caint faoi sraith eile a dhéanamh?


  • Registered Users Posts: 5,798 ✭✭✭An Ciarraioch


    Dughorm wrote: »
    Ah is mór an trua é sin - an bhfuil caint faoi sraith eile a dhéanamh?

    Níl a fhios agam, braitheann An Klondyke go maith, de réir na fógraí.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Chonaic mé an leagan a rinneadh anuraidh nuair a cuireadh gach cuid den sraith le chéile mar scannán. Bhain mé an-taitneamh as. :)


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Ros Na Rún ar ais anocht.

    Cad a tharlaíonn Tadhg-an mbeidh sé àbalta éalú,nó an bhfuil sé críochnaithe go fíor??

    Fan go bhfeicfimíd.........


  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm


    An Klondike ag tosnú ag a leath-uair tar éis a naoi, oíche Dé Máirt - táim ag tnúth leis.

    Aithním cúpla aghaidheanna ón fógraíocht... an bhfuil an aisteoir a ghlac páirt JJ in An Bronntanas ceann acu?


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Dughorm wrote: »
    An Klondike ag tosnú ag a leath-uair tar éis a naoi, oíche Dé Máirt - táim ag tnúth leis.

    Thaithin an chéad clár go mór liom. Tá craic maith ag baint leis an clár - molaim daoibh uilig breathnú air.


  • Registered Users Posts: 279 ✭✭Pocaide


    Sách lág már clár a cheáp mé fhéin


  • Registered Users Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Pocaide wrote: »
    Sách lág már clár a cheáp mé fhéin

    An dóigh leat? Is aoibhinn liomsa na sráidbhailí beag den saghas sin ó na sean Westerns, so bhí mé tógtha leis ón tús díreach.


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Thaithin an chéad clár go mór liom. Tá craic maith ag baint leis an clár - molaim daoibh uilig breathnú air.

    Aisteóirí den chéad scoith, dar liom. Ag dúil le tuilleadh.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Bhfuil fhios ag èinne an mbeidh athchraoladh den chéad chlár le feiceáil?

    Chaill mé é,agus ní maith liom an sraith a leanúint nuair a bhíonn an chéad chlár caillte agam.


  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm


    Bhfuil fhios ag èinne an mbeidh athchraoladh den chéad chlár le feiceáil?

    Chaill mé é,agus ní maith liom an sraith a leanúint nuair a bhíonn an chéad chlár caillte agam.

    Ceapaim go bhfuil sé ann arís oíche dé Satharn..


  • Registered Users Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Bhfuil fhios ag èinne an mbeidh athchraoladh den chéad chlár le feiceáil?

    Chaill mé é,agus ní maith liom an sraith a leanúint nuair a bhíonn an chéad chlár caillte agam.

    Tá sé ar fáil ar seinnteoir TG4. Tá seinntoir nua acu, atá i bhfad níos fearr ná an sean cheann.

    Muna n-oireann sé in, dá bhfios dom beidh athchraoladh oíche Dé Satharn timpeall deich a chlog.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord




  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Déan dearmad ar sin! Rinne siad botún ar Twitter. Oíche Shathairn ar 22:15 a bheidh an t-athchraoladh ar siúl, dar le ceartú a foilsíodh ar Twitter inniu.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Beidh 1916-Seachtar Na Cásca á chraoladh arís acu,ag tosnú Dé Céadaoin,7.30i.n.


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Beidh 1916-Seachtar Na Cásca á chraoladh arís acu,ag tosnú Dé Céadaoin,7.30i.n.

    Ar fheabhas!

    Tá súil agam go gcuirfidh siad Seachtar Dearmadta ar siúl arís freisin. Bhí cúpla pháirt beaga agam ann mar "extra". :D


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    An File wrote: »
    Ar fheabhas!

    Tá súil agam go gcuirfidh siad Seachtar Dearmadta ar siúl arís freisin. Bhí cúpla pháirt beaga agam ann mar "extra". :D

    Maith thú!!

    Má sheolann siad An Seachtar Dearmadta arís,beidh mé ag coinneáil súil amach ar d'ainm ag deireadh na cláracha mar sin :-)

    An bhfuil an dhá shraith le fáil ar DVD ar chor ar bith,nó an iad sin cláracha teilifíse amháin?


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    An bhfuil an dhá shraith le fáil ar DVD ar chor ar bith,nó an iad sin cláracha teilifíse amháin?

    Cheap mé go raibh an dá sraith ar fáil, ach dealraíonn sé nach bfhuil ach Seachtar na Cásca fós ag TG4.

    http://www.cic.ie/general/other/1916-seachtar-na-casca


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    An File wrote: »
    Cheap mé go raibh an dá sraith ar fáil, ach dealraíonn sé nach bfhuil ach Seachtar na Cásca fós ag TG4.

    http://www.cic.ie/general/other/1916-seachtar-na-casca

    Fuair mé freagra ó Abú Media ar Twitter inniu. Níl Seachtar Dearmadta ar fáil ar DVD, ach beidh sé á thaispeáint ar an teilifís ag TG4 go luath.


  • Registered Users Posts: 8,636 ✭✭✭feargale


    Ba mhaith liom haca oighir a fheiscint, b'fheidir Boston Bruins no Belfast Giants.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Beidh 1916-Seachtar Na Cásca á chraoladh arís acu,ag tosnú Dé Céadaoin,7.30i.n.

    Táim cinnte go bhfuil an duine a aistíonn mar Éamonn Ceannt sa chlár seo (Marcus Lamb) ina aisteoir mar Pádraig Mac Piarais sa sraith nua ar RTÉ 1 Rebellion faoi láthair.


  • Registered Users Posts: 8,636 ✭✭✭feargale


    Maidir le cursai spoirt ba mhaith liom rud eile a fheiscint i.e. cupla cluiche mionur idir-chonntae. Ni bhionn moran diobh ar RTE.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Tá mé tar éis An Trucailín Donn a fheiceáil-clár faoi chás cúirte Niall Mac Giolla Bhríde.Bhí sé an-suimiúil.
    Má chaill sibh é,agus má tá an player agaibh,breathnaigh air.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Áille An Uafáis/A Terrible Beauty ar TG4 faoi láthair,go dtí 11.15p.m.
    An-mhaith go dtí seo.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm


    Áille An Uafáis/A Terrible Beauty ar TG4 faoi láthair,go dtí 11.15p.m.
    An-mhaith go dtí seo.

    +míle

    Buíochas leat - clár den scoth é seo - insíonn siad an scéal go cothrom agus thaitin na hagallamh leis na príomh-pearsanta sa trioblóid i Sráid Northumberland agus Sráid Rí Thuaidh go mór liom - an chliste!

    Is é an clár seo agus "Centenary" na cinn is fearr liom go dtí seo.


Advertisement