Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Clann/Teaghlach?

  • 23-04-2013 07:03PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,879 ✭✭✭


    Ba mhaith liom 'factfile' a dhéanamh leis na daltaí ar scoil.
    M.sh Ainm
    Aois

    Cad é an focal ceart don 'family'? Teaghlach?


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,170 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Teaghlach.

    De ghnáth, baineann an focal "clann" le do pháistí féin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,879 ✭✭✭purplecow1977


    So, deireann tú 'Mo theaghlach'?

    GRMA.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,170 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    So, deireann tú 'Mo theaghlach'?

    GRMA.

    Sin é go díreach. :)

    Úsáidtear "clann" go forleathan, ach tá "teaghlach" i bhfad níos cruinne.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,879 ✭✭✭purplecow1977


    Go raibh maith agat :)

    Níl raibh fios agam faoin an forum sin riamh, ach beidh mé ar ais!

    Ba mhaith liom mo chuid Gaeilge a fhorbairt - tá sé go huafásach! :-(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    Clann = Páistí

    Is minic daoine óga (foghlaimeoirí) ag caint faoi 'mo chlann' nuair nár chóir dóibh!

    Baineann an focal 'Teaghlach' leis an bhfocal 'teach' (household - na daoine ina gcónaí sa teach sin)

    'Teaghlach' an focal ar 'family' i mBunreacht na hÉireann.

    Úsáidtear 'muintir' chomh maith, ach tá ciall i bhfad níos leithne leis sin (athair, máthair, col ceathracha, uncailí, duine ar bith a bhfuil gaol fola aige/aici leat srl.)


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    Le tacú leis an méid atá scríofa ag Insect Overlord agus agam féin, féach anseo an difreáil (differentiation) a dhéanann focloir.ie agus focal.ie idir na téarmaí éagsúla ar 'family'.

    http://www.focloir.ie/ga/dictionary/ei/family?q=family

    http://www.focal.ie/Search.aspx?term=family


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,400 ✭✭✭deirdremf


    Tá an nath "líon tí" ann freisin, na daoine ar fad a chónaíonn in aon teach.
    Is dócha go bhféadfaí daoine nach bhfuil gaolta lena chéile a chur san áireamh leis an nath seo - fiú dá mbeadh daoine ag roinnt árasán, cur i gás.

    "ba mhór/ba dheas an líon tí iad"
    "is aisteach an líon tí a chónaíonn in uimhir a 17"


Advertisement