Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

tá agus thá

Options
  • 29-07-2011 2:04am
    #1
    Registered Users Posts: 94 ✭✭


    Bhí fear ar an radio Dé Céadaoin, ar an gclár ´An Saol ó dheas´ ar Radio na Gaeltachta. Do bhí sé ag rá ´thá´(haw) in áit ´tá´. Cén canuint is ea sin? Níor chuala mé a leithéid riamh. Tá sé ina chonaí i nDaingean ach tá canuint beagáin ait aige (ach go deas freisin).

    p.s. Gabh mo leithscéal as mo chuid litriú, níor scríobh mé as gaeloinn ar feadh deich mbliana.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo


    Úsáidin said Thá (Haw) in áit Tá i Gaeltacht na nDéise.


  • Registered Users Posts: 98 ✭✭Raic


    Úsáidin said Thá (Haw) in áit Tá i Gaeltacht na nDéise.
    Úsáidtear "thá" i nDún Chaoin leis.


  • Registered Users Posts: 98 ✭✭Raic


    <Glanta>

    ***Tá (thá!) brón orm, scríobhas de thaisme an rud céanna arís.


  • Registered Users Posts: 608 ✭✭✭mr chips


    Bhí "tha" coitianta i gCo. Aontroma nuair a bhí canúint na nGlinntí Aontroma go fóill beo - agus ar Oileán Reachraí chomh maith. Ní bhíonn an "a" sínte amach, áfach - foghraítear é mar "tha" in áit "thá", in ainneoin go mbíonn an síneadh fada i gcónaí scríofa. Díreach cosúil le canúint Ulaidh, msd.
    Tá "tha" go fóill le cloisteáil i dTuaisceart Aontroma agus deirimse féin é go minic. Baintear úsáid as i nGaeilge na hAlban (nó "Gaidhlig", más maith leat) chomh maith - féach thíos.

    Gaeilge Éirinn: Tá mé go maith.
    Gaidhlig Albain: Tha mi gu math.

    Bhuel, i bhfírinne déarfadh na hAlbanaigh rud éigin cosúil le "Tha mi sgoinneal / tha mi gu brea" - foghraítear "gu brea" mar "go bría".


  • Registered Users Posts: 646 ✭✭✭kaji


    Úsáidtear (thá) i gCorca Dhuibhne.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 94 ✭✭sean_0


    Go raibh maith agaibh go léir!


Advertisement