Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Do vóta san Olltoghchán?

  • 26-01-2011 6:59pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭


    Cé dó a mbeidh tú ag vótáil?

    Cé a gheobhaidh do vóta céad rogha san Olltoghchán atá le teacht? 53 votes

    Fianna Fáil
    0% 0 votes
    Fine Gael
    7% 4 votes
    Páirtí an Lucht Oibre
    32% 17 votes
    An Comhaontas Glas
    13% 7 votes
    Sinn Féin
    7% 4 votes
    An Comhaontas Aontaithe Clé
    32% 17 votes
    Iarrthóir Neamhspleách
    1% 1 vote
    Duine/Dream Eile
    3% 2 votes
    Ní bheidh mé ag vótáil san Olltoghchán (mo rogha féin)
    1% 1 vote
    Beidh mé ag scriosadh mo vóta
    0% 0 votes
    Ní féidir liom vótáil san Olltoghchán (fáthanna éagsúla)
    0% 0 votes


«1

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Níl mé cinnte go fóill ach ní thabharfad sé do FF nó FG


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Hmmmm.... Ní dócha go mbeidh sé seo toradh an toghcháin :pac:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    ...ach níl cead againn bhótáil sa phobalbhreith seo:(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Athrú tagtha ar sin anois :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Vótálfainn d'iarrthóir ón gComhghuaillíocht Chlé ach ní bheidh an rogha sin ar fáil dom, monuar.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo


    Nílim Cinnte fós, B'héidir Lucht Oibre... nó SF.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Dáithí Lacha!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Cliste wrote: »
    Hmmmm.... Ní dócha go mbeidh sé seo toradh an toghcháin :pac:

    Is fíor dhuit, ach is suim liom tuairimí polaitiúla na nGael i gcomparáid le lucht an Bhéarla. Chuir mé féin cúpla geall ar na torthaí ag Paddy Powers. Cé go bhfuil an saol polaitiúil ina phraiseach, tá súil agam go mbeidh mé in ann cúpla pingin a thuilleamh as. :D
    Stollaire wrote: »
    Vótálfainn d'iarrthóir ón gComhghuaillíocht Chlé ach ní bheidh an rogha sin ar fáil dom, monuar.

    Céard é rogha an dá dhíogha mar sin?

    craoltoir wrote: »
    Dáithí Lacha!

    Cumannach lofa!!!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Gael wrote: »
    Céard é rogha an dá dhíogha mar sin?

    Vótáil mé ar son Shinn Féin sa phobalbhreith seo. Agus is dóigh liom go ndéanfaidh mé amhlaidh ar lá na vótála toisc go n-aontaím lena lán dá bpolasaithe agus gurb é sin an vóta agóide is fearr a d'fhéadfaí a dhéanamh.

    Ní fheicimse aon chiall i vóta d'Fhianna Gael, go háirithe más rud é go bhfuiltear tuirseach de pholaitíocht Fhianna Fáil. Táid go díreach mar an gcéanna.
    Níl iarPháirtí an Lucht Oibre mórán níos fearr, agus tá gach rud socruithe acu anois, seachas na vótaí, chun luí le Fianna Gael. Vóta amú a bheas ann, leis, mar sin. (i mo thuairim)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Sílimse go raibh cruinneas sa mhéid a dúirt Seosamh Ó hUiginn ag tús an fhíseáin seo thíos faoi Fhianna Gael agus iarPháirtí an Lucht Oibre:

    http://www.youtube.com/watch?v=YM7STtaOer8


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Stollaire wrote: »
    Sílimse go raibh cruinneas sa mhéid a dúirt Seosamh Ó hUiginn ag tús an fhíseáin seo thíos faoi Fhianna Gael agus iarPháirtí an Lucht Oibre:

    http://www.youtube.com/watch?v=YM7STtaOer8

    Leag sé a mhéar air go díreach ansin
    Tá ceart ag Joe Higgins


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 683 ✭✭✭Gingy


    Ní thabharfaidh mé vota go Fine Gael ar aon nós (ceapaim go bhfuil Enda Kenny lag mar cheannaire agus ní aontaím leis an bpolasaí Gaeilge) agus is dócha go bhfuilimd braen de Fianna Fáil.

    Tabharfaidh mé é go Sinn Féin nó an Lucht Oibre


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Is ionann vótá do Lucht Oibre agus vóta d'Fhine Gall


  • Closed Accounts Posts: 5,234 ✭✭✭thetonynator


    Ní feidir liom votáil. :(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Crosáidí wrote: »
    Is ionann vótá do Lucht Oibre agus vóta d'Fhine Gall

    Is maith an seans nach ionann.

    Ní feidir liom votáil. :(

    Cén fáth?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Fine Gael ag 34.78% i measc na nGael! Beag an baol.
    Déarfainn go bhfuil Fine-gaelaigh an Bhéarla ag cur as don phobalbhreith.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Nach iontach an phobalbhreith a chuir Boards.ie ar fáil!?:eek:

    http://www.boards.ie/vote/results.php?type=national

    1. Fine Gael 3,252 31.7% 2. Páirtí an Lucht Oibre
    2,559 25% 3. Neamhspléach 1,532 15% 4. Sinn Féin 1,168 11.4% 5. Fianna Fáil 824 8%
    Cad é bhur meas faoi na torthaí siúd?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Stollaire wrote: »
    Fine Gael ag 34.78% i measc na nGael! Beag an baol.
    Déarfainn go bhfuil Fine-gaelaigh an Bhéarla ag cur as don phobalbhreith.

    Seans maith go bhfuil daoine áirithe ann a thacaíonn le Fine Gael ach nach bhfuil sásta le seasamh Enda ar cheist na Gaeilge, amhail an dream seo:

    http://www.irishtimes.com/newspaper/ireland/2011/0210/1224289432906.html

    Tá mé cinnte nach í an Ghaeilge san Ardteist an t-aon cheist a mbíonn tionchar aici ar vótaí na nGael ach an oiread.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Gael wrote: »
    Tá mé cinnte nach í an Ghaeilge san Ardteist an t-aon cheist a mbíonn tionchar aici ar vótaí na nGael ach an oiread.

    Gan amhras.
    Ba bhreá liom a fháil amach mar sin cad é faoi pholasaithe Fhine Gael a chiallaíonn go bhfuil úsáideoirí Teach na nGealt toilteanach vóta a thabhairt dóibh?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP


    Vótáil mé dóibh agus beidh mé ag vótáil dóibh i mo cheantar de bharr go bhfuil aithne agam ar na beirt iarrthóirí agus go bhfuil mé cáirdiúl dóibh freisin. Ceapaim go bhfuil siad mar an páirtí is fearr sa tír mar go bhfuil siad níos ionraic (ná FF ar aon nós) agus níos cumasach. Seans go n-éirióid mé bréan dóibh agus iad i gcumhacht ach tá siadsan mar an páirtí atá le fáil in Éirinn anois faoi láthair ceapaim.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Stollaire wrote: »
    Gan amhras.
    Ba bhreá liom a fháil amach mar sin cad é faoi pholasaithe Fhine Gael a chiallaíonn go bhfuil úsáideoirí Teach na nGealt toilteanach vóta a thabhairt dóibh?

    Tabhair do d'aire chomh maith gurb é céatadán FG sa phobalbhreith seo an ceann is cruinne faoi láthair i gcomparáid leis na pobalbhreitheanna gairmiúla náisiúnta a dhéantar (bhí siad os cionn 30% i ngach aon cheann acu le déanaí). Dá fheabhas atá ag éirí le SF faoi láthair, ní bhfaighidh siad 37.50% den vóta!

    Tá mé thar a bheith sásta nach bhfuil éinne tar éis a rá sa phobalbhreith seo nach mbeidh siad ag vótáil as a stuaim féin/ag scriosadh a vóta (go fóill!).


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Sinn Féin, gan dabht. Bhíos amach aréir canvassing ar son SF, agus bhí an fhreagairt go hiontach.


  • Closed Accounts Posts: 3,772 ✭✭✭Cú Giobach


    Ag an bpointe seo ba mhaith liom rud éigin an-difriúil, mar sin gheobhaidh SF mo uimhir a haon.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá suíomh nua dátheangach ar fáil a dhéanann iarracht fáil amach cén páirtí polaitiúil atá ar aon tuairim leatsa.

    http://www.votomatic.ie/Home.aspx


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Gael wrote: »
    Tabhair do d'aire chomh maith gurb é céatadán FG sa phobalbhreith seo an ceann is cruinne faoi láthair i gcomparáid leis na pobalbhreitheanna gairmiúla náisiúnta a dhéantar (bhí siad os cionn 30% i ngach aon cheann acu le déanaí). Dá fheabhas atá ag éirí le SF faoi láthair, ní bhfaighidh siad 37.50% den vóta!.

    Ceart agat, is é vóta Sinn Féin atá míchruinn i gcomparáid le pobalbhreitheanna eile.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Cé a bhuaigh an díospóireacht aréir? Dar libh?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    An bhfuil morán daoine ar son gach polasaí ag aon pháirtí? Aontaíonn daoine go ginearálta déarfainn le roinnt polasaithe ach is beag duine a d'aontódh le gach polasaí a bheadh ag páirtí. Tá go leor daoine a thacaíonn leis an iarrthóir go pearsanta seachas le polasaithe a pháirtí.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 51 ✭✭Aimsigh


    Níl me cinnte fos, B'hfeidir Lucht Oibre,

    Níl mé ag vótail ar son Fhine Gall ar aon nós.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Tá vóta amháin faighte ag FF faoi dheireadh tar éis breis is dhá sheachtain! :D


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 51 ✭✭Aimsigh


    Gael wrote: »
    Tá vóta amháin faighte ag FF faoi dheireadh tar éis breis is dhá sheachtain! :D

    An bhfuil an scuad lámhaigh thart?:pac:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    An mbíonn tionchar ag na díospóireachtaí teilifíse ar chlaonadh vótála daoine?
    Cad é bhur meas fúthu?

    Tá ceann eile, as Gaeilge, le craoladh ar TG4 anocht.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Stollaire wrote: »
    An mbíonn tionchar ag na díospóireachtaí teilifíse ar chlaonadh vótála daoine?
    Cad é bhur meas fúthu?

    Tá ceann eile, as Gaeilge, le craoladh ar TG4 anocht.

    Bhí dream i gColáiste Mhuire Gan Smál i Luimneach ag déanamh vox-pop ar an ábhar sin inniu. Seans go bhfeicfidh sibh m'aghaidh ar Youtube nuair a chraolaíonn siad na fístéipeanna! :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    An bhfaca sibh an díospóireacht as Gaeilge? Is féidir féachaint uirthi ag an nasc seo a leanas. Tá dhá leagan ann; leagan na bhfotheideal agus an leagan gan fotheidil.

    http://tg4.tv/main.aspx?level=CursaiReatha


  • Closed Accounts Posts: 5,132 ✭✭✭Killer Pigeon


    Cén fáth go bhfuil gach duine ar an mbórd seo á dtabhairt vóta do FG? Cheap mé go raibh siad ag iarraidh deireadh a chur leis an nGaeilge mar croí-ábhar san Árdtheistmeireacht. Agus cén h'iad na daoine seo go bhfuil ag tabhairt an mhéid sin votaí do Sinn Féin?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    34% ceart go leor....ní thuigim é ach oiread...is Fianna Fáil lite iad.


  • Advertisement
  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Is dócha go mbeidh mé ag déanamh mo roghasa nuair a théim isteach chun an vóta a chaitheamh. 'Sé seo mo chéad uair ag vótáil. Táim ag súil go mór leis an Satharn seo chugainn (nuair a bheidh na torthaí go léir ag teacht amach!).

    Táim ag ceapadh nach mbeidh FG ag déanamh rud ar bith faoin nGaeilge éigeantach róluath, bhí Inda ag déanamh 'rowing-back' sa diospóireacht Dé Máirt. Bhí sé ag rá nach n-athrófaí faic go dtí go mbeadh an cúrsa feabhsaithe (ach níl fhios agam cén chaoi a dhéanfar é sin).

    Cheap mé go ndearna Eimear Ní Chonaola an-jab ar an seó. Féachaim ar Nuacht TG4 minic go leor, agus bhí mé an-sásta gur cuireadh sa 'lime light' í faoi dheireadh! Ni chloisim ach Gaeilge na Mumhan nuair a bhím sa choláiste so is breá liom a cuid Gaeilge Chonamara álainn a chloisteáil nuair a bhíonn seans agam!


  • Closed Accounts Posts: 3,772 ✭✭✭Cú Giobach


    dambarude wrote: »
    Ni chloisim ach Gaeilge na Mumhan nuair a bhím sa choláiste so is breá liom a cuid Gaeilge Chonamara álainn a chloisteáil nuair a bhíonn seans agam!

    Níl aon chomparáid idir an Gealge garbh as Chonamara agus an Árd Gaeilge bog na Mumhan.
    An teanga na Ríthe. :cool:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Is canúint gradaim é Gaeilge Conamara anois, bhíodh sé Gaeilge na Mumhan, i gceann chúpla bhliain, beidh sé Gaeilge na Cathrach


  • Closed Accounts Posts: 3,772 ✭✭✭Cú Giobach


    I nDaon Phoblacht Chorcaí, beidh Gaeilge na Mumhan an theanga an t-aos léinn agus árd chultúir. :cool:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    I nDaon Phoblacht Chorcaí, beidh Gaeilge na Mumhan an theanga an t-aos léinn agus árd chultúir. :cool:

    Is mór an trua nach bhfuil Gaeilge na Mumhan agat, mar sin. Tugtar 'Gaolainn' uirthi i gCúige Mumhan.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 3,772 ✭✭✭Cú Giobach


    Gael wrote: »
    Is mór an trua nach bhfuil Gaeilge na Mumhan agat, mar sin. Tugtar 'Gaolainn' uirthi i gCúige Mumhan.

    Go raibh maith agat le do trácht. :rolleyes:
    Tá Gaeilge uafásach agam. Táim ábalta a lán daoine as iarthar Chorcaí nó Chiarraí a thuiscint, ach daoine as Conamara......:eek:.
    Theip mé í san Árd Teist (a lán bhlian o shin), ach le déanaí, tar eis a chaith mé mo chuid ama ag seinm ceoil suas agus síos chósta an iarthair, thit mé i ngrá leis an teanga.
    Anois tá mé ag foghlaim rud nua gach lá, agus go luath, beidh Gaeilge (nó Gaolainn) mhaith agam.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Go raibh maith agat le do trácht. :rolleyes:
    Tá Gaeilge uafásach agam.

    Ní ag caitheamh anuas ar do chumas sa Ghaeilge a bhí mé. Ní dhéanfainn a leithéid d'éinne. Ach is léir ó do chuid scríbhneoireachta go bhfuil cuid mhaith de Ghaeilge Chonnacht/Uladh measctha le do chuid Gaolainne (m.sh. deirtear 'ábalta' i dTír Chonaill/Dún na nGall agus deirtear 'tá mé' in áit 'táim' i gConnacht agus i gCúige Uladh). Tá tuiscint níos fearr agat ar mhuintir Chonamara mar a cheapfá.


  • Closed Accounts Posts: 3,772 ✭✭✭Cú Giobach


    Gael wrote: »
    Ní ag caitheamh anuas ar do chumas sa Ghaeilge a bhí mé. Ní dhéanfainn a leithéid d'éinne. Ach is léir ó do chuid scríbhneoireachta go bhfuil cuid mhaith de Ghaeilge Chonnacht/Uladh measctha le do chuid Gaolainne (m.sh. deirtear 'ábalta' i dTír Chonaill/Dún na nGall agus deirtear 'tá mé' in áit 'táim' i gConnacht agus i gCúige Uladh). Tá tuiscint níos fearr agat ar mhuintir Chonamara mar a cheapfá.
    :D

    Sin an méid a tharlaíonn ag taisteal ar fud na tíre agus ag foghlaim beagán Gaeilge i ngach ait. Tá sé an blas Chonamara an rud is deacra a thuiscint. :)
    Bhí mó muinteoirí sa scoil ó iarthar Corcaí, agus sin cén fáth táim compordach nuair a cloisim an canúint/blas sin, sílim. Theip mé mó scrúduithe ach bhí an teanga istig i mo cheann.
    Bhí sé 25 bliain ó shin an t-am deireanach scríobh mé i nGaeilge roimhe an "forum" seo , mar sin tá Foclóir Ó Dónaill ar oscailt os comhair dom, chun "spelcheck" a dheanamh. (Ní raibh mé ag scríobh i mBéarla ar feadh na mblianta ach an oiread).
    Is maith liom ag labhairt as Gaeilge ach níor mhaith liom í a scriobh.

    Beagán OT gabh mó leithscéal.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Ná déanaigí dearmad bhur bhfíorvóta a chaitheamh inniu agus sibh ag cuimhneamh ar na daoine go léir ar fud an domhain nach bhfuil sé de rogha acu a rialtas a roghnú go daonlathach (go háirithe i dTuaisceart na hAfraice).

    Beidh an vótáil idirlín seo á dhúnadh Dé Domhnaigh, mar sin bí cinnte go bhfuil do vóta caite anseo chomh maith roimhe sin.


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Bhuel, táim tar éis mo vóta a chaitheamh. Thug mé mo #1 d'SF.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    dlofnep wrote: »
    Bhuel, táim tar éis mo vóta a chaitheamh. Thug mé mo #1 d'SF.

    Cé dó ar thug tú d'uimhir a dó is a trí?


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Níor thug mé #2.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    dlofnep wrote: »
    Bhuel, táim tar éis mo vóta a chaitheamh. Thug mé mo #1 d'SF.

    Mise freisin, Thug mé na príomháiteacha do pháirtí ar an eite chlé


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    dlofnep wrote: »
    Níor thug mé #2.

    Cén fáth?
    Cad a tharlaíonn mura n-éiríonn leis an iarrthóir ar thug tú do vóta dó/di?


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Stollaire wrote: »
    Cén fáth?
    Cad a tharlaíonn mura n-éiríonn leis an iarrthóir ar thug tú do vóta dó/di?

    Is cuma, mar ní déanfaidh éinne eile faic domsa. Ní aontaím le FF, FG nó an PaLO - agus ní raibh mé sásta leis na iarrthóirí neamhspleácha. Cad is féidir liom a rá..


  • Advertisement
Advertisement