Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Sneachta

  • 01-12-2010 07:12PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    Sneachta
    Sneachta

    Sneachta!!!


«1

Comments

  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo


    Táim i Luimneach. Níl sé anseo.
    :(:(:mad::(:(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Mo chomhbhrón leat. Tuigim do chás.
    Is aisteach an aimsir í, óir is léir go bhfuil na scamaill á gcruthú ag dul thar Mhuir Éireann anoir.

    Níl obair agam inniu mar gheall ar cé chomh sleamhain agus contúirteach is atá na bóithre agus cosáin anseo i mBaile Átha Cliath. Buíochas leis an Dia Sneachta.

    Sílim go mbeidh aimsir fhliuch ag bogadh aniar Dé hAoine, agus tá seans sneachta as sin má bhuaileann sé le aer fuar. B'fhéidir go mbeidh lá ag daoine luimnigh fós!?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Ní bheidh sé stopadh, Tá na bóthair go léir contúirteach ar fad. Bí curamach nuair a théann tú amach


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ceart agat, ba chóir duit a bheith níos cúramaí más siúlóir thú.

    Bhí na bóithre timpeall Bhaile Átha Cliath thar a bheith contúirteach inné, ach ar mo shiúl abhaile chonaic mé an iomarca amadáin ag tiomáint faoi luas!
    Ag trasna an bhóthair chéanna dom ní raibh mé in ann, beagnach, i ngeall ar cé chomh sleamhain agus a bhíodar.

    Tá tiománaithe Bhaile Átha Cliath amaideach agus contúirteach le linn aimsir mhaith ná bac leis an sneachta agus na bóithre ina leac oighir.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    agus má tá dian cothrom agat ar do theach nó do 'extension', bí cinnte go nglanann tú an sneachta as do dhian. D'fhéadfadh sé titim isteach, tá mé tar éis ag déanamh mo dhiansa níos luaithe


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Crosáidí wrote: »
    agus má tá dian cothrom agat ar do theach nó do 'extension', bí cinnte go nglanann tú an sneachta as do dhian. D'fhéadfadh sé titim isteach, tá mé tar éis ag déanamh mo dhiansa níos luaithe

    á, a dhuine!

    Thit a lán sneachta le 2 uair a chloig anuas. B'fhéidir 7 n-orlach nó níos mó in áiteanna eile níos faide siar sa chathair. Tá súil agam go bhféadfá an damáiste a dheisiú gan mórán costais.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Níl aon damáiste ar chor ar bith


  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo


    Stollaire wrote: »
    Sílim go mbeidh aimsir fhliuch ag bogadh aniar Dé hAoine, agus tá seans sneachta as sin má bhuaileann sé le aer fuar. B'fhéidir go mbeidh lá ag daoine luimnigh fós!?

    \o/


  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo


    Sneachta \0/
    Tá sé anseo anois. Fear Sneachta tar éis lón agus troid liatheroid sneachta anocht. :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Cuimhnigh! Ná ith sneachta buí


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo


    Crosáidí wrote: »
    Cuimhnigh! Ná ith sneachta buí


    Ceard:confused: Sin an sneachta nios fear, Blais Líomóide:pac:


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,170 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Dhúisigh mé sách déanach inniu, ach fós féin bhí bratach gheal bán timpeall na háite.
    An-álainn ar fad, cé nach bhfuil go leor ann chun fear sneachta a dhéanamh as. :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    coscairt ag tarlú i mBaile Átha Cliath!, agus níor thit aon sneachta ón oíche aréir :(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Sílim go mbeidh tuilleadh sneachta againn sula mbeidh an geimhreadh thart


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Death to sneachta!!!!

    Is fuath liom é :( Bhí cruinniu agam inné san Ospidéal Ollscoil Chorcaí, ach ní raibh mé in ann dul de bharr an fecking sneachta!

    *shakes fist*


  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo


    Ní éisteacht le Scrouge /\



    images?q=tbn:ANd9GcSQx5wCJd2SjQXIKLDlKHTzaMygXNk3RRfnVCsrUK3KmHD1FuaY

    Is maith liom sneachta:):D:)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Níos mó sneachta! :D:D:D:D:D:D:D:D:D


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Cliste wrote: »
    Níos mó sneachta! :D:D:D:D:D:D:D:D:D

    :mad:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Tá sé ag cur sneachta i mBÁC Thiar ach níl sé san áit a bhfuil mé


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Sneachta sneachta sneachta!!!!!!!!!!!!!!!!!!!! :D:D:D:D:D:D:D:D

    snowmen.jpg

    Bhí sé iontach Dé Ceadaoin seo caite, nuair a dhúin siad an ollscoil thosaigh cath sneachta (nó troid sneachta? - níl aon moltaí ag focal.ie :-o )


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Crosáidí wrote: »
    Tá sé ag cur sneachta i mBÁC Thiar ach níl sé san áit a bhfuil mé

    Nach bhfuil? Bhí píosa sneachta i DCU níos luaithe. Agus tá sneachta gan stad anseo i mBÁC Thiar...


  • Moderators, Education Moderators, Regional South East Moderators Posts: 12,560 Mod ✭✭✭✭byhookorbycrook


    Bréan bailithe anseo. Cá bhfuil an ghrian??


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Bréan bailithe anseo. Cá bhfuil an ghrian??

    Tá an ghrian i bhfolach, Beidh sí ar ais i Márta, a dúirt sí liom


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,170 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Tá sé ag cur go trom i Luimneach anois! Leath orlach nó mar sin sna deich nóiméad seo caite.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Thit go leor sneachta i mBaile Átha Cliath aréir, cosúil lena lán áiteanna, ach mo léan nuair a dhúisigh mé ar maidin bhí coscairt faoi lán seoil, agus thosaigh sé ag cur báistí níos luaithe.

    Nuair a fheicim báisteach ag titim ní thuigim cén fáth go bhféadfadh éinne mallacht a chur ar sneachta.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Tá an talamh praiseach anois, tá carn oighir ann ar taobh an bóthar ar fud na háite agus nuair a leánn sé atá sé ag cur leac oighir ar na bóithrí i rith na hoíche nuair a titeann an teocht. Dúirt siad ar RTÉ go mbeidh trí lá nó dhó sula leáfaidh sé go léir


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1


    Is as contae Lú mé agus bhí an sneachta go dona anseo.Ní raibh mé ábalta ag dul amach mar gheall an sneachta.

    Tá a lán cainte sna nuachta agus sna páipéir go bhfuil nollaig bán b'fhéidir?!!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá sé mar an gcéanna i gContae Mhaigh Eo agus Shligigh. Seans nach dtitfeadh a thuilleadh ach is dóigh nach mbeadh coscairt ann idir seo agus lá Nollaig.


  • Closed Accounts Posts: 40 Gael Uirbeach


    tá sé ag titim go trom aríst i mBÁC


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Thit neart sneachta i mBaile Átha Cliath ó mhaidin, níos mó ná a bhfaca mé ariamh roimhe.
    Agus tuilleadh le teacht de réir na satailítí:
    http://www.raintoday.co.uk/

    Chuala mé ó mo mhuintir atá i gConnachta gur thit a thuilleadh sneachta ann thar oíche agus go bhfuil, ar a laghad, troigh sneachta ar na bóithre.

    An bhfuil éinne eile ag iarraidh suíochán a chur in áirithint ar an traein? Níl suíomh idirlíon Iarnród Éireann ag feidhmiú domsa!
    Agus an bhfuil aon fhírinne don ráfla go bhfuil Timpeallán na Bó Dearg druidte?


Advertisement