Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Aistriuchán bogearraíochta...

Options
  • 12-08-2010 12:19pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 8


    Dia dhaoibh.

    Tá ceist agam faoin aistriuchán gaeilge ar an focal béarla 'Software'.

    Is eol dom gurbh é 'bogearraí' an leagan is coitianta, ach le h-aghaidh dearadh don t-léine ata ar siúl agam (!), b'fhearr liom focal a usáid a thosnaíonn le 'o' in áit 'b'. Dar le duine anseo, is feidir 'oidreasa' a úsáid. An bhfuil ceart aige? Níor chuala me an focal sin riamh, agus níl me in ann é a chuardaigh faoi Google.

    Go raibh maith agaibh don aon chuidiú. (Is é 'Software-as-a-service' an abairt iomlán atá á aistriú agam...).

    David


Comments

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Ní focal é oidreasa, sa Ghaeilge pé scéal é!

    Bogearraí an focal le haghaidh software.


  • Registered Users Posts: 5,371 ✭✭✭Fuinseog


    Dála an scéil, cé a chruthaíonn focail nua?


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    An Coiste Téarmaíochta


  • Closed Accounts Posts: 8 oneiron


    Chuardaigh me an téarma sin ('oideasra'):
    http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/focloiri/abhair/riomhaire.html#oideas
    agus
    http://www.irishionary.com/dictionary/443/oideasra/

    Ach is fíor go ndeireann an t-údar ann go bhfuil '..bruscar [ina] liosta i gcuideacht téarmaí maithe...'

    B'fhearr liom 'oideasra'-- ceapaim go bhfuil nios mo brí ann, i gcomparáid le leagan direach on Béarla ata i gceist le 'bogearraí'.

    Bhí mo bhean chéile páirteach (ó thaobh dlithe) le foclóir nua béarla-gaeilge cupla bliana anuas-- iarrfaidh mé aisti an ceist a chur roimh na scoláirí a raibh (a bhí?) páirteach san iarracht sin. B'fhéidir go mbeadh tuairim acu.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Hmmmm, mar is focal nua i 'software' don teanga Gaeilge bhi roinnt iarracht focal a cruthu. Is docha gur iarracht e and focal 'oidreasa' deanta ag an suiomh Gaeilge ar an Greasain.

    Is feidir le aon duine irishdictionary.com a athru (mar an gceanna le wikipedia) Mar sin ceapaim gur fhace duine an aistriuchain ar suiomh Gaeilge ar an Greasain, agus chur siad suas e ar irishdictionary.com.

    An ceist go bunusach na cad e an focal Gaeilge do 'software', ta An Coiste Téarmaíochta i gceannas ar an rogha, ach na bac le sin fiu.

    Chur 'software' isteach san cuardach seo - tugann se seo liosta duit do roinnt aistriuchain leis an focal 'software' (Deireann se carbh as gach aistrichain - ach smaoinigh OpenOffice, Firefox srl srl). Ni usaidtear ach an focal 'bogearra.' An rud ata me ag iarraidh ra na usaidtear an focal bogearra - ni usaidtear an focal oideasra


    (Bron orm ni obraionn an fada ar an riomhaire seo :-/ Samhlaigh go bhfuil fada ar gach dara guta! :pac: )


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Ní thuigim cén fáth a bhfuil seo á phlé. Is é 'bogearra' an focal a úsáidtear i gcónaí agus tuigeann 90% de Ghaeilgeoirí é.

    An bhfuil an ceart agam go bhfuil tú ag iarraidh ar phobal na Gaeilge focal iomlán difriúil a úsáid in áit focail atá in úsáid le blianta, ionas go mbeidh cuma dheas ar do t-léine?


  • Closed Accounts Posts: 8 oneiron


    Sin e go direach! Nach bhfuil faisean nios tabhachtai na scolaireacht? ;-)

    Ni doigh liom go bhfuil muintir na heireann ag brath ar boards.ie le haghaidh ceisteanna gramadai a fhreagairt...

    Ta me buioch do gach duine don cabhar pe sceal e. Agus ma deanaim na t-leine cuirfidh me pictuir doibh anseo.

    Gabh mo leithsceal faoin easpa fada--scriofa ar mo iPad (I-pead?!)

    Daithi.


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    oneiron wrote: »
    Sin e go direach! Nach bhfuil faisean nios tabhachtai na scolaireacht? ;-)

    Ni doigh liom go bhfuil muintir na heireann ag brath ar boards.ie le haghaidh ceisteanna gramadai a fhreagairt...

    Ta me buioch do gach duine don cabhar pe sceal e. Agus ma deanaim na t-leine cuirfidh me pictuir doibh anseo.

    Gabh mo leithsceal faoin easpa fada--scriofa ar mo iPad (I-pead?!)

    Daithi.

    Tugadh comhairle chruinn níos túisce...is leor nod don eolach.


Advertisement