Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Is déistin liom Google Translate

  • 26-07-2010 03:38PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭

    Aon uair a dhéanaim cuardach Google ar théarma Gaeilge faighim a lán torthaí ó shuíomhanna a bhaineann úsáid as Google Translate. Tá mé dubh dóite ag féachaint ar an seafóid seo a thaganns suas sna torthaí. An bhfuil caoi ar bith le torthaí ó shuíomhanna mar sin a chur as an áireamh agus mé ag déanamh cuardaigh?

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »

    Déan cuardach faoin rogha "Leathanaigh as Éirinn"

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader

    'S é an diabhal é google translate

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Déanann Google translate aistriúcháin bunaithe ar na suíomhanna atá ar an idirlíon - So, má tá an grammadach mícheart, is cuma - bheadh an grammadach mícheart le google translate. Tá níos mó daoine ag úsáid é an tam ar fad, agus gan dabht - tar éis tamall, beidh canúint nua againn - Gaeilge na hIdirlíon :p

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 368 ✭✭backboiler

    Nílim cinnte an í seo d'fhadhb ach is féidir leat "-site:translate.google.com" a cur sa bhosca i dteannta do chuardach chun leathnacha ón shuíomh áirithe a fholú.

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    backboiler wrote: »
    Nílim cinnte an í seo d'fhadhb ach is féidir leat "-site:translate.google.com" a cur sa bhosca i dteannta do chuardach chun leathnacha ón shuíomh áirithe a fholú.

    Aye, ach na daoine atá ag úsáid g-translate agus ag cur na aistriúcháin ar suíomh eile - ní féidir leat é a eisiamh - so sin fadhb eile.

    Ar aon nós - is serbhís úsáideach é i mo thuairim féin.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Triail bheag a rinne mé.

    1. Rinne mé cuardach don fhocal 'diosca' sa ghréasán iomlán. De réir Google is é an tríú toradh is fearr ná storagesecrets.org ach is gibiris g-translate amach is amach é.

    2. Chuir mé '-site:translate.google.com' ann ach d'ardaigh storagesecrets go dtí an dara áit!

    3. Roghnaigh mé leathanaigh as Éireann agus tá storagesecrets imithe anois ach ina áit tá hdtvhomeuser.com sa tríú áit anois - agus sea níos mó gibiris g-translate atá ann.

    Agus gan dabht beidh sé ag éirí níos measa agus níos mó suíomhanna ag baint úsáid as g-translate amach as seo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Triail bheag a rinne mé.

    1. Rinne mé cuardach don fhocal 'diosca' sa ghréasán iomlán. De réir Google is é an tríú toradh is fearr ná storagesecrets.org ach is gibiris g-translate amach is amach é.

    2. Chuir mé '-site:translate.google.com' ann ach d'ardaigh storagesecrets go dtí an dara áit!

    3. Roghnaigh mé leathanaigh as Éireann agus tá storagesecrets imithe anois ach ina áit tá hdtvhomeuser.com sa tríú áit anois - agus sea níos mó gibiris g-translate atá ann.

    Agus gan dabht beidh sé ag éirí níos measa agus níos mó suíomhanna ag baint úsáid as g-translate amach as seo.

    Feicim anois cad atá i gceist agat. Agus tagaim leat éireoidh sé níos measa de réir mar a mhéadaíonn aistriúcháin gan brí Goolge.
    Níor thug mé an fhadhb seo faoi deara go dtí seo!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca

    Tá córas i mo chuid oibre a chuireann stop ort má tá tú ag iarraidh féachaint ar suíomhanna áirithe - ach má chuirim an URL isteach i nGoogle Translate, feicim an leathanach aistrithe go Gaeilge.:D

  • Posts: 0 ✭✭✭ [Deleted User]

    Meh.

    Tús maith.....

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    An bhfuil ipod/touch/pad/phone/ ag éinne anseo? Níl ceann agamsa, ach fuair mo dheartháir ipod nua an tseachtain seo chaite. Fuair mé "app" aistriúcháin dó, cosúil le hAistriúchán Google. Caithfidh mé a rá go bhfuilim tógtha leis an gcaighdeán Ghaeilge. Le habairtí nach bhfuil an-chasta go leor, is áis iontach é. Tá sé i bhfad níos fearr ná an chaighdeán a bhí ag tnúth liom ar aon nós (go háirithe toisc go raibh sé saor in aisce). Tá sé fiú in ann na canúintí a thuiscint, den chuid is mó.

    Tús maith, gan amhras.

  • Advertisement
  • Posts: 0 ✭✭✭ [Deleted User]

    Fhuair mé ''Ceart'' agus níl mé ró-tógtha leis an Gaeilge a thagann as agus níl sa bogearra sin ach ceartúchán, is deachair an rud aistriúchán ó thús deireadh a dhéanamh so arís ''tús maith....''

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader

  • Posts: 0 ✭✭✭ [Deleted User]

    Bhain mé amach c3 san ardléibheal le Gaeilge cosúil le sin......

    ''Contribute a better translation:''!!!!!!!!!!!!!!!!!

    ''He is a man'' = ''Tá sé ina fhear'' - ceart nach bhfuil?

Advertisement