Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

an Hobad

2»

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Enkidu wrote: »
    Is maith liom ainmneacha na n-áiteanna (Gleann na Scoilte, mar shampla). Is ainmneacha "cluthar" iad.
    Tá fáilte romhat.
    Ceannód an leabhar so gan amhras!
    Go raibh maith agat!
    (Tá ionadh orm cad a thugtar ar na "Elfeanna".:))
    Ealbh m1, pl Eilbh.


  • Posts: 603 ✭✭✭ [Deleted User]


    fuair mé é inniu, táim brea sásta leis!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    fuair mé é inniu, táim brea sásta leis!

    Mise freisin. Is bréa an t-eagrán é. :) Tá súil agam go mbeidh rath air.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Mise freisin ;-)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Yoda wrote: »
    Mise freisin ;-)

    Conas atá ag éirí leis go dtí seo?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Maith go leor..... tá fadhb éigin a chuir cosc ar an leabhar ag teacht chuig amazon.co.uk (cé go bhfuil sé are amazon.com cheana), ach táim ag obair ar sin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Yoda wrote: »
    Maith go leor..... tá fadhb éigin a chuir cosc ar an leabhar ag teacht chuig amazon.co.uk (cé go bhfuil sé are amazon.com cheana), ach táim ag obair ar sin.

    Tá go maith. Ar mhiste leat muid a choinneáil ar an eolas faoin rath atá ar an leabhar agus faoin seans go bhfoilseofar leabhair eile na sraithe amach anseo má tá an-ráchairt air. :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,005 ✭✭✭Enkidu


    Yoda wrote: »
    Ealbh m1, pl Eilbh.
    Do cheannaíos an leabhar inniu, leabhar breá 'sea é, ach tá ceist bhog agam ort. An bhfuil guta cúnta idir an l agus an b sa fhocal Ealbh?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Tá. Dar liomsa ar aon nós tá ealbh /alᵊv/ iolra eilbh /ɛlʹᵊvʹ/ i gceist.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Gael wrote: »
    Tá go maith. Ar mhiste leat muid a choinneáil ar an eolas faoin rath atá ar an leabhar agus faoin seans go bhfoilseofar leabhair eile na sraithe amach anseo má tá an-ráchairt air. :)
    Tá gach seans ann, ach bheadh an-chuid oibre i gceist chun an leabhar a aistriú.


  • Advertisement
  • Posts: 0 ✭✭✭ [Deleted User]


    Leabhair 3 billiún leatanaigh (leatanach?) a bheith sa leabhair sin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Leabhair 3 billiún leatanaigh (leatanach?) a bheith sa leabhair sin.

    'Leathanach'. Tá thart ar mhíle leathanach i dtrí leabhar 'Lord of the Rings' má chuirtear le chéile iad, más buan mo chuimhne.


  • Posts: 0 ✭✭✭ [Deleted User]


    Bhí mé ag magadh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Táim ag baint an taitneamh as an leabhair :)

    An bhfuil fios agaibh conas atá ag éirí leis an leabhair? Níl Easons á ndíol mar níl siad sásta íoc roibh iad a díol!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Bhí mé ag magadh.

    Tuigim sin. Bhí mé ag smaoineamh os ard ar an obair aistriúcháin a bheadh i gceist, is dócha.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Seo físeán de sheoladh an leabhair. Cuirtear cuid de na daoine a bhain leis faoi agallamh ann:



  • Posts: 0 ✭✭✭ [Deleted User]


    Sin Alan Titley? Íomhá ollmhór difriúil a bhí i m'intinn, anyway sin fís iontach.

    Tá leabhair Gaeilge iontach, ach tá harry potter/dracula/the hobbit na saghas leabhair a díolann (will sell?) i bhfad níos mó.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,005 ✭✭✭Enkidu


    Caithfead a rá go réitím le Nicholas Williams fé na haistrithibh a scríobhadh sna fichidí agus sna tríochaidí, tá Gaelainn bhinn bhlasta acu. Mar shampla, do dhein an tAthair Peadar Ua Laoghaire a lán de aistrithe ó seanscéalta gaelacha, agus ó Litríocht na hIúróipe, "Don Cíochóté, Craos-Deamhan, An Cleasaidhe, Caitilína" agus leabhair eile den tsaghas san.

    I gContae Mhaigh Eo, do scríobhadh aistriú ar an leabhar "David Copperfield", Sna Déise "Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas"*, i gCorcaigh "Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá"*. Molfainn do chách na haistrithe sin a léamh, ach 'sí an fadhb leis na hasitrithibh sin ná teacht orthu.

    Tugtar tuairisc iomlán ar na haistrithibh go léir sna leabhair "Prose Literature of the Gaelic Revival" agus "Gaelic Prose in the Irish Free State" le Philip O Leary.

    *Táim baoch de Yoda as an nua-aistriú ar Eilís agus seanaistriú ar "Cuairt" a chur ar fáil arís.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 942 ✭✭✭An gal gréine


    ....'Ben Hur' agus 'Ivanhoe' le Seosamh Mac Grianna.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    Tá atheagar curtha ar aistriúchán eile Gaelach ar leabhar cáiliúil Béarla, The Hound of the Baskervilles

    http://www.evertype.com/books/hound-ga.html


  • Advertisement
Advertisement