Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Samsung Abú Tocco Abú.

  • 26-05-2008 1:09pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    Bhí sé i gceist agam an seanNokia lofa atá agam fé láthair a chaitheamh amach, ar a laghad anois tá mo chinneadh déanta ar cén fón a gheobhaidh mé ina dhiaidh.

    http://gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3361&viewby=date
    Samsung is to launch an Irish-language mobile phone. The high-end device, called the Tocco, will have full predictive texting in Irish


«1

Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Maith iad! Scaipfidh mé an scéal!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Sheesh! Praghas cuíosach ard air. 485 euro ar expansys.

    Bheadh sé níos saoire dá mbeadh duine ar bith des na líonraí(?) sásta é a láinseáil, ach ní cloisfimid sin go ceann seachtain nó dhó.

    An t-aon rud a bheadh deas air chomh maith ná wifi, gan sin, beidh i bhfad níos mó daoine tógtha leis an iphone 3g.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Fan nóiméid, san alt Gaelport deirtear go bhfuil go leor suim ag an taois óg san Gaeilge, ach cén ball den taois óg a beidh an airgead sin acu? amadách! (i gceann cúpla bliain beidh ceann agam)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Sheesh! Praghas cuíosach ard air. 485 euro ar expansys.

    Sin a lán airgid, ach beidh mé in ann. :pac:

    Tá an scéal ina scéala úr ar shuíomh an Irish Times


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Bheadh suim agam ina leithéid de ghuthán ach tá sé i bhfad ró-dhaor!!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Sheesh! Praghas cuíosach ard air. 485 euro ar expansys.

    Tá praghas níos ísle luaite san alt in Lá Nua; 200-300 euro. Tá mé tar éis trí alt éagsúla a léamh faoin nguthán nua seo, agus tá dáta seolta difriúla luaite iontu go léir maidir leis an nguthán! :confused:


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Chonaic mé fógraí do thuarthéacs as Gaeilge timpeall mo scoil an bhliain seo caite. Is dócha gur seo a bhí i gceist.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Beidh 44,000 focal Gaeilge sa tuarthéacs ar an Tocco agus
    ...tá súil ag Samsung an tseirbhís a chur ar fáil ar ghutháin atá níos saoire amach anseo.

    Níl baol ann go gceannóinn é ag an bpraghas atá sé ag faoi láthair na huaire.

    Tá mé lán sásta le mo Sony Ericsson. Ach leis an méid sin ráite, níl me inann sínte fada a úsaid air.


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Sheol mé téacs ag tabhairt tacaíocht do seo nuair a bhí feachtas á rith ag ceann de na eagrais Gaeilge. Is maith an rud é go bhfuiltear tar éis é a thógáil. Cé go bhfuil sé costaisach anois, dar nóigh rachfaidh an praghas síos tar éis tamill! Freisin, níl fios cé comh maith is a bhfuil an tuar téacs chun úsáid, caithfidh muid fanacht ar tástáil agus reviews!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Ar ndóigh, tá an chuma air gur sár-ghuthán é seo, fiú má fhágtar an acmhainn Ghaelach as an áireamh. Ach is cinnte gur buntáiste agus spreagadh ceannaigh sa bhreis í.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Cliste wrote: »
    Fan nóiméid, san alt Gaelport deirtear go bhfuil go leor suim ag an taois óg san Gaeilge, ach cén ball den taois óg a beidh an airgead sin acu? amadách! (i gceann cúpla bliain beidh ceann agam)

    Tá go leor den aos óg atá loite ag tuistí saibhre, a cheannóidh rud ar bith dóibh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá fón póca agam ó mo phost ach tá mé bréan de ghlaonna sna tráthnónta agus ar an ndeireadh seachtaine. Bhí mé ag smaoineamh le fada faoi cheann pearsanta a fháil agus an ceann eile a mhúchadh tar éis oibre. Tá m'aigne déanta suas anois, gheobhaidh mé an Tocco gan dabht. Tá cúpla léirmheas léite agam agus bhí siad an-dearfach faoin bhfón. Ar ndóigh, tá súil agam go mbeidh sé le fáil ar chostas níos ísle ná €485 . De réir Lá Nua bhí cainteanna ar siúl idir Samsung agus Vodafone. Tá seans ann go mbeidh Vodafone ag ofráil an fón mar chuid de phacáiste éigin. Agus ansin, b'fhéidir go nglacfaidh Vodafone le síntí fada faoi dheireadh, rud atá thar am anois.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    De réir Foinse beidh €129 ar an nguthán le conradh.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    De réir Foinse beidh €129 ar an nguthán le conradh.

    Praghas réasúnta é sin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    An bhfuil an guthán seo eisithe fós? Ba bhreá liom léirmheas a fháil air ó dhuine anseo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    D'fhiafraigh mé faoi i siopa gutháin inné ach níor chuala siad faoi 'Tocco' fiú. B'fhéidir nach raibh mé sa siopa is fearr chun eolas a fháil áfach, mar dhíolann siad earraí crua agus gléas iascaireachta freisin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Poll Dubh wrote: »
    D'fhiafraigh mé faoi i siopa gutháin inné ach níor chuala siad faoi 'Tocco' fiú. B'fhéidir nach raibh mé sa siopa is fearr chun eolas a fháil áfach, mar dhíolann siad earraí crua agus gléas iascaireachta freisin.
    Ha! D'iarras an ceist céanna i siopa inné chomh maith, ach is i gCarphone Warehouse a bhí mé agus thuig siad láithreach bonn cad a bhí á rá agam.

    Ní raibh an guthán fhéin acu ag an am chum breathnú air, ach bhí an leagan plaisteach acu ar seastán. Tá sí níos lú ná a shíl mé go mbeadh, ach tá cuma sár mhaith air. Deir fear an tsiopa chomh maith go bhfuil an 'menu' agus an 'touchscreen' an-éasca úsáid agus ní bheadh mórán deacrachtaí dul i gcleachta air.

    Bhí praghas 99euro air ar chonradh le Meteor, agus 149euro le o2. Ní raibh praghas ar bith luaite ar leagan Vodafone nó 3 ach léigh mé sa bhfóram fóin soghluaiste go bhfuil sé acu chomh maith.

    Rud amháin a shíl mé a bhí ait ná go raibh costas 99 air sa siopa ach costas 49 ar shuíomh Meteor.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is léir go ndeachaigh tú go dtí siopa níos fearr!

    Ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil sé éasca tuarthéacs a dhéanamh air mar is é an phríomhchúis go bhfuil suim agam sa rud. Níl aon taithí agam ar scáileáin tadhaill agus ní chuirfinn aon thrust i gcomhairle ó chúntóir díolacháin.

    Cá bhfuil an guthán ar Meteor.ie? Ní raibh mé in ann teacht air.


  • Closed Accounts Posts: 19,183 ✭✭✭✭Will


    Jesjes wrote: »
    Sheol mé téacs ag tabhairt tacaíocht do seo nuair a bhí feachtas á rith ag ceann de na eagrais Gaeilge. Is maith an rud é go bhfuiltear tar éis é a thógáil.

    Rinne mé an íomhá don rud sin, sheol seán o h'adhmháil ríomhphost chugaim nuair a chuala sé an nuacht! taim an-bhrodúil go raibh mé páirteach den rud sin.
    ceapaim go bhfuil mé chun é a cheannach nuair a thagann sé amach... icuma liom an praghas anois :D


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    An bhfuil an guthán seo eisithe fós? Ba bhreá liom léirmheas a fháil air ó dhuine anseo.

    Tá sé i gceist agamsa é a cheannach an deireadh seachtaine seo.

    Go pearsanta sílim go bhfuil €129 nó €150 an-réasúnta, cheannaigh mé Nokia ar €100 bliain ó shin agus tá sé go hiomlán gan mhaith.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire




  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »

    Sin an leagan 'ready to go' is dóigh liom. Tá sé ar fáil ar conradh leis na daoine eile, rud a bhíonn níos saoire, ceapaim.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Poll Dubh wrote:
    Cá bhfuil an guthán ar Meteor.ie? Ní raibh mé in ann teacht air.

    Anseo
    Stollaire wrote: »
    Tá praghas €369 air ó Vodafone!!?? :confused:
    Níl sin ach ar PAYG, I bhfad níos saoire ar chonradh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh



    GRMA, chuir easpa 'Tocco' sa teideal mearbhall orm. €49 an-shaor go deo mar a dúirt tú. N'fheadar cad é an damáiste in aghaidh na míosa.
    Stollaire wrote: »
    Tá sé i gceist agamsa é a cheannach an deireadh seachtaine seo.

    Tá súil agam go mbeidh tú sásta leis! Tá mé ag tnúth go mór le do léirmheas.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ní bheinn sásta le ceann "ar chonradh"! mar a deireann sibh, b'fhearr liom íoc mar a úsáidim :(, ach ar €369,ní fhéadfainn é sin a íoc.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Stollaire wrote: »
    Ní bheinn sásta le ceann "ar chonradh"! mar a deireann sibh, b'fhearr liom íoc mar a úsáidim :(, ach ar €369,ní fhéadfainn é sin a íoc.
    Aimsigh duine éigin 'ar chonradh', tabhair an t-airgead dóibh é a cheannach saor (agus beagán sa bhreis don trioblóid) agus cuir do chárta sim fhéin isteach sa ghuthán. Fadhb réitithe.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Aimsigh duine éigin 'ar chonradh', tabhair an t-airgead dóibh é a cheannach saor (agus beagán sa bhreis don trioblóid) agus cuir do chárta sim fhéin isteach sa ghuthán. Fadhb réitithe.

    Is maith liom an chaoi a bhfuil tú ag smaoineamh a chara, ach ní thuigim!

    Má oibríonn an plean sin nach bhféadfainn féin dul isteach agus é a fháil "ar chonradh" agus mo chárta sim a chur isteach sa nguthán?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Stollaire wrote: »
    Is maith liom an chaoi a bhfuil tú ag smaoineamh a chara, ach ní thuigim!

    Má oibríonn an plean sin nach bhféadfainn féin dul isteach agus é a fháil "ar chonradh" agus mo chárta sim a chur isteach sa nguthán?
    Bheadh ort conradh a shíniú chun é a fháil ar an bpraghas sin. Ach má tá duine ar chonradh roimhe seo, de ghnáth faigheann siad praghas 'upgrade' atá mar an gcéanna leis an 49/99 7rl. Is féidir leo an fón atá acu a choinneáil agus an ceann nua a thabhairt duitse.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bheadh ort conradh a shíniú chun é a fháil ar an bpraghas sin. Ach má tá duine ar chonradh roimhe seo, de ghnáth faigheann siad praghas 'upgrade' atá mar an gcéanna leis an 49/99 7rl. Is féidir leo an fón atá acu a choinneáil agus an ceann nua a thabhairt duitse.

    Á.Go méadaí Dia do stór, tuigim anois.
    Agus ní bheadh aon fhadhb leis an nguthán?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Ní bheidh fadhb ar bith agat le do chárta sim sa fón chomh fada is atá tú ar an ngréasán céanna leis an duine a "cheannaigh" an fón duit.
    i.e Meteor le guthán Meteor, o2 le guthán o2, Vodafone le guthán o2 agus mar sin de.

    An t-aon deacrarcht ná uaireanta caithfidh an duine ar chonradh méid áirithe a chaitheamh sula mbíonn deis eile acu 'upgrade' a fháil. Ach má tá siadsan sásta leis an fón atá acu go ceann tamall eile, is cuma faoi seo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Níl aithne agam ar éinne le guthán ar chonradh, faraor.
    Mar sin ní bheidh mé ag fáil an Tocco go ceann píosa


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá ag cliseadh ar an luchtaire don ghuthán atá agam i láthair na huaire, le cúpla lá anuas. Spreagadh eile chun an Tocco a cheannach, b'fhéidir. :cool:


  • Closed Accounts Posts: 3 De Brugha


    Is iontach an rud é seo go bhfuil an ghuthán ar fáil i nGaeilge, léigh mé é seo ar nós. Caithfidh go bhfuil sé iontach maith ar fad!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,085 ✭✭✭wow sierra


    Fuair mé é agus tá sé go hiontach gach rud ar an roghclár as Gaeilge. Tá sé go hiontach bheith in ann teachtaireacht a scriobh i nGaeilge leis an "predictive text"


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Ós ag caint ar ghutháin póca atáimid, seo an téarma nua a d'fhoghlaim mé don lá inniu: Íoctar mar a Úsáidtear.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    wow sierra wrote: »
    Fuair mé é agus tá sé go hiontach gach rud ar an roghclár as Gaeilge. Tá sé go hiontach bheith in ann teachtaireacht a scriobh i nGaeilge leis an "predictive text"

    Cé mhéid a dhíol tú as?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,085 ✭✭✭wow sierra


    €149 le Vodafone. Bhi mé ar Ready to go ach bhi orm dul ar chonradh chun an praghas sin a fháil - tá sé €370 ar Ready to go. Fuair mé an chonradh is isle - €19 na miosa.

    Tá tu in ann an fón a fháil ar praghas nios isle le chonradh nios airde - €49 ceapaim.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    wow sierra wrote: »
    €149 le Vodafone. Bhi mé ar Ready to go ach bhi orm dul ar chonradh chun an praghas sin a fháil - tá sé €370 ar Ready to go. Fuair mé an chonradh is isle - €19 na miosa.

    Tá tu in ann an fón a fháil ar praghas nios isle le chonradh nios airde - €49 ceapaim.

    GRMA as sin, tá súil agam go bhfuil tú fós sásta leis nó ar thug tú aon deacrachtaí faoi deara ó shin?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá an Tadhall ag díol go maith de réir dealraimh.
    Tá sé ag díol go han-mhaith ar fad. Níor mhaith liom figiúirí díolachán beachta a lua, ach cinnte, tá cúpla míle díolta againn
    Tá an Tocco ar bharr an raoin praghsanna sa mhargadh. Tá sé ar fáil ar chonradh íocaíochta bille ó Meteor ar €49, ó Vodafone ar €99 agus ó O2 ar €149.
    Cosnaíonn sé thart ar €300 chun ceann a cheannach ar chóras íoctar mar a úsáidtear.
    Dúirt Twohig, áfach, go raibh thart ar 20% de na fóin díolta le custaiméirí íoctar mar a úsáidtear.
    Cheannóinn é inné ach bhí orm an carr a chur sa ngaráiste ach ní fhéadfainn an costas eile a iompair.
    Braithim go bhfuil dualgas orm é a cheannach! Ar son na cúise an dtuigeann tú leat mé.

    Cá bhfuil mo ghrá dhúchais ?! :confused:


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,085 ✭✭✭wow sierra


    Bhí an méid sin ratha ar an bhfón ó seoladh é go bhfuil sé beartaithe ag Samsung tuarthéacs agus roghanna úsáide i nGaeilge a chur ar dhá fhón póca eile atá le seoladh acu roimh dheireadh na bliana, an U800 agus an L700, fóin a bheidh níos saoire ná an Tocco.

    Tá an abairt sin san alt i LáNua thuasluite - tá seans ag daoine fanacht don chean nios saoire.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ar chuala sibh Des Bishop ag fógraíocht an ghutháin ar an raidió Béarla le déanaí?

    Meascán de Bhéarla agus Gaeilge. ar fheabhas.

    Fuair an guthán moladh láidir ó saineolaithe teicneolaíochta ar Newstalk aréir freisin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Ar chuala sibh Des Bishop ag fógraíocht an ghutháin ar an raidió Béarla le déanaí?

    Chuala, rinne mé iontas den fhógra sin agus an méid airgid á chaitheamh ar mhargaíocht an ghutháin seo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Nach bhfuil sé ceannaithe agat go fóill a Phoill Dhuibh?

    léirmheas ar an Tocco


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Nach bhfuil sé ceannaithe agat go fóill a Phoill Dhuibh?

    Níl go fóilleach, bhí guthán ar conradh agam tráth agus thitinn i laige gach uair a chonaic mé an táille ar an mbille míosúil. Bhíodh an costas i gcónaí níos airde ná a raibh súil agam leis. Tá sé ar intinn agam scrúdú cruinn a dhéanamh ar na pleananna praghais ag na líonra éagsúla an babhta seo. Beidh mé ag féachaint ar na táillí idirlíne go sonrach.

    Ach tá dúshlán crua agam le sárú, teacht suas le míniú do mo chailín go bhfuil cúis maith agam guthán galánta mar seo a cheannach nuair atá ceann saor agam ón jab.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Ach tá dúshlán crua agam le sárú, teacht suas le míniú do mo chailín go bhfuil cúis maith agam guthán galánta mar seo a cheannach nuair atá ceann saor agam ón jab.

    Bhuel, mura bhfuil tú in ann a chur ina luí ar an gcomhlacht a bhfuil tú ag obair leis gur chóir go mbeadh an Tocco agat déarfainn go bhfanfainn leis an nguthán saor freisin!

    Bhí Pól Ó Muirí "tocco leis an téacsáil thuarthach"


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »

    Gan dabht agus é saor in aisce dó!

    Is deas an rud a fheiceáil go bhfuil an Tocco ar barr na barra cúig 'íoc go míosúil' ag Vodafone.

    Rinne mé staidéir ar na pleananna praghais agus cosnaíonn an tidirlíon €9.99 in aghaidh na míosa le Vodafone (uasmhéid 500MB). Ach má sháraíonn tú an uasmhéid sin beidh ort €5 a íoc as gach aon Mb breise - is féidir iontas mór a bheith ag fanacht ort ar do bhille!

    Is féidir dhá oiread sonraí a íoslódáil (uasmhéid 1GB) ó 3 ag an praghas céanna €9.99 ach níl an Tocco acu.

    Le O2 cosnaíonn an tidirlíon €7.50 ach níl ach 250MB le fáil ach má sháraíonn tú an uasmhéid níl ach 3c le híoc as gach MB breise (seachas €5!). Ach tá an Tocco díolta amach acu.

    Sé an ceann is measa ná €9.99 ar Meteor le haghaidh 250MB. Níl trácht anseo faoi MBanna breise áfach. Is féidir íoslódáil gan srian a fháil ar €30.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Sár-léirmheas ar an nguthán ag Colm Ó Broin i Lá Nua ar maidin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Droch-nuacht don iPhone !
    http://www.irishtimes.com/newspaper/frontpage/2008/0822/1219355277624.html?via=mr

    Ní bheadh na fadhbanna siúd acu dá mbeadh an Ghaeilge ar an nguthán go deimhin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá an Tocco agam! Fuair mo mhian an lámh in uachtar ar mo chiall. Shiúil mé isteach siopa Vodafone inné agus shiúil mé amach leis an rud d'áilleacht seo.:)


  • Advertisement
Advertisement