Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Stáisiún Raidio Gaelach Nua: Raidió X

  • 06-03-2008 12:41pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭

    Stáisiún raidió Gaelach nua á chraoladh ar an idirlíon anois ón nasc seo.

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Stáisiún raidió Gaelach nua á chraoladh ar an idirlíon anois ón nasc seo.

    Ní thuigim cén fáth go bhfuil an Stáisiún nua seo ann?
    Nach bhfuil Raidió na Life ag déanamh amhlaidh le fada, ar an raidió agus ar an idirlíon. Agus bíonn Gaeilge le cloisteáil ar RnaL ó am go ham freisin!
    D'éist mé le Raidió X ar feadh uair a chloig ansin agus bhí, b'fhéidir, focal nó dhó as Gaeilge cloiste agam! Seachas cúpla focal labhartha ag róbó eicínt! "Se-o é Raid-ío X..."

    Nó mar adúirt an file Meiriceánach sin ar an stáisiún cúpla nóiméad ó shion:

    "this shít is bananas, b a n a n a s, this shít is bananas.. b a n a n a s
    i aint gonna holla back girl i aint gonna holla back girl."

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá siad ag lorg ainm don stáisiún - b'fhéidir Raidió Ga. Ga. (Raidió Gan Gaeilge). Tá i bhfad níos mó Gaeilge de dhíth agus beo freisin. Sin ráite, molaim an iarracht ach caithfidh siad an meascán ceart a fháil. Ar a laghad tá an stáisiún ar siúl 24 uair in aghaidh an lae. Cuir sin i gcomparáid le RNAL a thosaíonn ag 4:30 san iarnóin agus ní dóigh liom go bhfuil RNAL ag freastal ar an margadh céanna.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Ní thuigim cén fáth go bhfuil an Stáisiún nua seo ann?
    Nach bhfuil Raidió na Life ag déanamh amhlaidh le fada, ar an raidió agus ar an idirlíon. Agus bíonn Gaeilge le cloisteáil ar RnaL ó am go ham freisin!

    Stáisiún Bleá Cliathach amháin is ea Raidió na Life, fiú má tá sé ar fáil ar an idirlíon, agus ní bhíonn sé á chraoladh ar feadh 24 uair in aghaidh an lae. Díríonn Raidió na Gaeltachta beagnach go hiomlán ar an nGaeltacht oifigiúil thíreolaíoch. Feictear dom go bhfuil Raidió Fáilte ró-dhírithe ar an Tuaisceart. Seo an chéad stáisiún ceart náisiúnta/idirnáisiúnta Gaeilge, déarfainn. Agus fiú má tá freastal á dhéanamh ag stáisiúin eile cheana, nach maith an rud é go bhfuil rogha againn? :confused: Is mór an trua é nach bhfuil 10 stáisiún Ghaelacha ann.

    Is maith liomsa TG4, ach b'fhearr liom dá mbeadh TG1, TG2 agus TG3 ann chomh maith. Molaimse iarrachtaí Chonradh na Gaeilge chun an stáisiún seo a bhunú, agus ar bheagán airgid, déarfainn. Agus maidir leis an easpa cainte as Gaeilge, níl ann ach an chéad seachtain den stáisiún; De réir a chéile a thógtar na caisleáin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Tá an chlár ceoil dírithe an-iomarca ar popcheol domsa... Is móidín Taoibh Tuathail amach is amach mé, áfach.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Karlusss wrote: »
    Tá an chlár ceoil dírithe an-iomarca ar popcheol domsa... Is móidín Taoibh Tuathail amach is amach mé, áfach.

    Ní dóigh liom go dtitfidh an tionscal popcheoil as a chéile agus go dtosóidh gach duine ag éisteacht le Taobh Tuaithail, aon am go luath. Má tá popcheoil uaibh, nach rud maith é go bhfuil rogha acu Gaeilge a chloisteáil idir raonta ó Bhrittany agus Rihanna.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Sílim fhéin gur maith an rud é go bhfuil siad ag leathnú amach i dtreo an phopcheol is déanaí. Tá a leithéid de Dáithí Ó Davin acu mar léithreoirí (atá aithne mhaith ag daoine óga air ar aon nós), agus nach iad an dream chéanna atá taobh thiar de 'Top 40 oifigiúil na hÉireann' (sic) atá taobh thiar den stáisiún.

    Tá siad níos fearr as gan chaighdeán ró-ard Ghaeilge a úsáid mar ní thuigfidh mórán den aos óg aon rud a bheadh á rá.

    Agus tá an rogha cheoil atá acu foirfe don chúis. Mol an óide agus tiocfaidh sí.

    Fan tamall agus má éiríonn leis an stáisiún, is dócha go bhfeicfimis an caighdeán ag ardú le ham. Beidh cláracha cúrsaí reatha le cloisteáil amach anseo le cúnamh Dé.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Stáisiún Bleá Cliathach amháin is ea Raidió na Life, fiú má tá sé ar fáil ar an idirlíon, agus ní bhíonn sé á chraoladh ar feadh 24 uair in aghaidh an lae. Díríonn Raidió na Gaeltachta beagnach go hiomlán ar an nGaeltacht oifigiúil thíreolaíoch. Feictear dom go bhfuil Raidió Fáilte ró-dhírithe ar an Tuaisceart. Seo an chéad stáisiún ceart náisiúnta/idirnáisiúnta Gaeilge, déarfainn. Agus fiú má tá freastal á dhéanamh ag stáisiúin eile cheana, nach maith an rud é go bhfuil rogha againn? :confused: Is mór an trua é nach bhfuil 10 stáisiún Ghaelacha ann.

    Is maith liomsa TG4, ach b'fhearr liom dá mbeadh TG1, TG2 agus TG3 ann chomh maith. Molaimse iarrachtaí Chonradh na Gaeilge chun an stáisiún seo a bhunú, agus ar bheagán airgid, déarfainn. Agus maidir leis an easpa cainte as Gaeilge, níl ann ach an chéad seachtain den stáisiún; De réir a chéile a thógtar na caisleáin.

    Is fíor dhuit ach nach gcreideann tú go bhfuil an t-im smeartha ró-fhorleathan, má thuigeann tú leat mé?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Múinteoir wrote: »
    Stáisiún Bleá Cliathach amháin is ea Raidió na Life, fiú má tá sé ar fáil ar an idirlíon, agus ní bhíonn sé á chraoladh ar feadh 24 uair in aghaidh an lae. Díríonn Raidió na Gaeltachta beagnach go hiomlán ar an nGaeltacht oifigiúil thíreolaíoch. Feictear dom go bhfuil Raidió Fáilte ró-dhírithe ar an Tuaisceart. Seo an chéad stáisiún ceart náisiúnta/idirnáisiúnta Gaeilge, déarfainn. Agus fiú má tá freastal á dhéanamh ag stáisiúin eile cheana, nach maith an rud é go bhfuil rogha againn? :confused: Is mór an trua é nach bhfuil 10 stáisiún Ghaelacha ann.

    Is maith liomsa TG4, ach b'fhearr liom dá mbeadh TG1, TG2 agus TG3 ann chomh maith. Molaimse iarrachtaí Chonradh na Gaeilge chun an stáisiún seo a bhunú, agus ar bheagán airgid, déarfainn. Agus maidir leis an easpa cainte as Gaeilge, níl ann ach an chéad seachtain den stáisiún; De réir a chéile a thógtar na caisleáin.

    Is maith liom do smaointeoireacht - ag smaoineamh 'mór' - ag lorg níos mó éagsúlacht agus rogha ionas go bhfreastalaíonn Gaeilge ar na suimeanna ag gach uile duine agus iad a mhealladh ina treo. Ansin beidh níos mó im le smearadh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Poll Dubh wrote: »

    An t-aon fhadhb faoi a bheith ag smaoineamh chomh 'mór' sin nach mbeidh dóthain léithreoirí 7rl chun dul ag obair sna stáisiúin, agus toisc sin, titfeadh an caighdeán níos mó arís (agus ní bheadh éinne fágtha chun breathnú/éisteacht). B'fhearr cloí le cúpla stáisiúin go dtí go n-éiríonn go maith leo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    An t-aon fhadhb faoi a bheith ag smaoineamh chomh 'mór' sin nach mbeidh dóthain léithreoirí 7rl chun dul ag obair sna stáisiúin, agus toisc sin, titfeadh an caighdeán níos mó arís (agus ní bheadh éinne fágtha chun breathnú/éisteacht). B'fhearr cloí le cúpla stáisiúin go dtí go n-éiríonn go maith leo.

    Ní ganntanas láithreoirí an fhadhb. Fad is atá na meáin Gaelacha ag borradh agus go bhfeicfidh daoine gur féidir leo slí bheatha mhaith a dhéanamh ann, beidh láithreoirí maithe ag teacht chun cinn. Is é an fhadhb go bhfuil muid ag brath an-iomarca ar oibrithe deonacha sna stáisiúin Raidió na Life, RaidióX, Raidió Fáilte. Chun láithreoirí proifisiúnta a fháil caithfear an tuarastal cuí a ofráil.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá siad ag lorg ainm eile don stáisiún ach silín féin go bhfuil Raidió X maith go leor. An rud is tábhachtaí le déanamh acu ná dul ar DAB.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Poll Dubh wrote: »
    Is maith liom do smaointeoireacht - ag smaoineamh 'mór' - ag lorg níos mó éagsúlacht agus rogha ionas go bhfreastalaíonn Gaeilge ar na suimeanna ag gach uile duine agus iad a mhealladh ina treo. Ansin beidh níos mó im le smearadh.

    Díreach é! :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ní thuigim- nach thógann sé airgead stáisiún a cruthú/rith An bhfuil deontasaí Conradh na Gaeilge comh ard sin anois?

  • Closed Accounts Posts: 636 ✭✭✭conor2007

    hmm , nil me abalta e a eist

    an bfuil fhios ag aon duine cen fath?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cliste wrote: »

    Ar éist tú leis fós? Nílimid ag caint faoi iomaitheoir le 2FM nó Today FM anseo. Is dóigh go bhfuil an caiteachas beag go leor.
    conor2007 wrote: »
    hmm , nil me abalta e a eist

    an bfuil fhios ag aon duine cen fath?

    Tá sé ag feidhmiú ceart go leor domsa. Déan iarracht arís.

  • Closed Accounts Posts: 636 ✭✭✭conor2007

    níl aon wmp ar mo riomhaire - ceapaim go bhfuil sé an fadhb

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    conor2007 wrote: »
    níl aon wmp ar mo riomhaire - ceapaim go bhfuil sé an fadhb

    Is cosúil go bhfuil - osclaíonn wmp ar mo ríomhaire

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Usáid Winamp nó rud éigin saor in aisce ar féidir íoslódáíl.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Poll Dubh wrote: »
    Ar éist tú leis fós? Nílimid ag caint faoi iomaitheoir le 2FM nó Today FM anseo. Is dóigh go bhfuil an caiteachas beag go leor.

    D'éist mé leis- ach na 'royalties' srl....?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Cliste wrote: »
    D'éist mé leis- ach na 'royalties' srl....?

    Toisc nach bhfuil siad ach ar an idirlíon faoi láthair, ní gá dóibh ríchíosanna a íoc.

    Fiú dá mbeadh, ní bhíonn mórán ceoltóirí ag lorg airgead ó na stáisiúin in Éireann toisc nach fiú mórán iad.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Toisc nach bhfuil siad ach ar an idirlíon faoi láthair, ní gá dóibh ríchíosanna a íoc.

    Fiú dá mbeadh, ní bhíonn mórán ceoltóirí ag lorg airgead ó na stáisiúin in Éireann toisc nach fiú mórán iad.

    Nach lorgaíonn an t-Eagras um Chearta Cheolta (IMRO) airgead ar son na gceoltóirí?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Hmmm, sílim go bhfuil an ceart agat mar a tharlaíonn sé. Nílim i ndáiríre ag smaoineamh i gceart inniu.
    Ní raibh mise ach bainteach le stáisiúin raidió triú leibhéal, agus ní raibh gá dúinn aon rud a íoc ar chor ar bith. B'fhéidir go bhfuil airgead áirithe le híoc acu.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Níl a fhios agam cé mhéid a cosnaíonn ríchíosanna. Ní thugann ECC an t-eolas sin amach go poiblí go bhfios dom.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Tá alt in Foinse an tseachtain seo faoin stáisiún nua, ar leathanach 23.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Tá alt in Foinse an tseachtain seo faoin stáisiún nua, ar leathanach 23.

    abair leat a mhac....

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Múinteoir wrote: »
    Tá alt in Foinse an tseachtain seo faoin stáisiún nua, ar leathanach 23.

    Scaip an scéal, ná bí ag súil go mbeidh muid chun airgead a chaitheamh ar nuachtán as Gaeilge - sin caint craiceáilte:rolleyes:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Agus bhí píosa beag ann san Irish Times- san iris, i alt faoin Gaeilge...

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Brón orm a Dhesf, úsáid Gaeilge anseo le do thoil (is cuma cé chomh dona is atá sí). Téigh go dtí fóram Ghaeilge chun ceisteanna a chur suas as Béarla.

    Sorry Desf, please use Gaeilge forum to post questions in English.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tá cuma snasta ar Raidió Rí Rá anois

    http://www.raidiorira.ie/

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Tá cuma snasta ar Raidió Rí Rá anois

    http://www.raidiorira.ie/

    Tá cinnte! Go n-éirí an t-ádh leo amach anseo. :)

  • Closed Accounts Posts: 3 Kunnini

    Na dearmaid a dhaoine uasal,

    go bhfuil raidio gaeilge a craoladh o Beal Feiriste, thar an idirline.
    Sar ceoil, sar cainnte!

    lean an nasc seo thios-
    www.raidiofailte.com

    :D

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Kunnini wrote: »
    Na dearmaid a dhaoine uasal,

    go bhfuil raidio gaeilge a craoladh o Beal Feiriste, thar an idirline.
    Sar ceoil, sar cainnte!

    lean an nasc seo thios-
    www.raidiofailte.com

    :D

    Go n-éirí an t-ádh leo siúd chomh maith. :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Ó tháinig mé ar an snáthín seo níos túisce san óiche tá mé ag éisteacht leis ó shin.

    Cuma snasta air go cinnte.

    Feicim fresin nuair atá iarratas agam, seinntear é taobh istigh de 10 nóiméad go hiondúil. :D

    Beidh sé seo ar an stáisiún is fearr liom anois nuair nach gcloisfim aon rud suimúil ar Newstalk...

Advertisement