Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Chluiche Ceannas Craobh Peile

Options
  • 22-09-2013 12:15pm
    #1
    Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭


    An mbeidh sibh ag féachaint ar an chluiche?


    Táim ag tnúth le chluiche maith - nil sios agam céa mbeidh an lámh in uachtar acu..


    Baile Átha Cliath Abú!


Comments

  • Registered Users Posts: 7,236 ✭✭✭mcmoustache


    Beidh mé shíos i gClub an Chonradh - ach ag tacú le Maigh Eo i mbliana.

    Dhá bhliain ó shin bhí mé san áit chéana ag tacú le BAC.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Mí Áth a mc

    Lá iontach, dhá foireann maith. Ni raibh an spás acu a gnáth chluiche a imirt, agus chun an fhirinne a rá ní raibh na dhá foireann chomh maith is a raibh siad i gcluichí eile


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Roinnt de na peileadóirí ag ól sa Boar's Head, Sráid Céipil, uair a chloig ó shin.
    Súil agam nach dtiteann siad ón ardán anocht i gCearnóg Mhuirfean thoir.
    Ard-mholadh tuillte acu.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Bhí póit mór orthu arú anuraidh agus an 'teacht abhaile' a raibh acu ansin

    Tá oíche nó dhó thuilte acu - ansin ar ais ag traeináil - tá mé ag tnúth leis an bhliain seo chugainn freisin :P (magadh)


  • Registered Users Posts: 49 Tulyar


    Ní raibh caighdeán na himeartha thar moladh beirte. Bhí Baile Átha Cliath I bhfad Éireann níos fearr ná Maigh Eo ach é sin ráite bhíodar ciniciúil agus diúltach go háirithe sa tarna leath.

    Tá Jim Gavin go maith mar bhainisteoir agus tá ana thuiscint aige ar an gcluiche ach b’fhearr dhó a chlab a choimead dúnta. Is binn béal ina thost.

    Ar leathláimh amháin bhí sé ar a dhícheall ag iarraidh droch iompar pheileadóirí Bhaile Átha Cliath a mhaitheamh agus ar an leathláimh eile bhí sé ag aoradh agus ag tarcaisniú an réiteora. Tá sé seo aiféiseach agus neamhsportúil.

    Tá sé de dhualgas ar a leithéid meas agus urraim a thaispeáint don réiteoir. D’fhéadfaimis go léir ceacht nó dhó a fhoghlaim ó ionracas, macántacht, suáilce agus dea iompar Jimmy Barry Murphy, bainisteoir fhoireann iomána Chorcaí. Níor tháinig uaidh ach focail molta.Thug sé lán chreidiúint agus ard mholadh do iománaithe an Chláir. Níor bhris dea fhocal fiacail riamh.

    Mar fhocal scoir ní fhéadfaí aon chomparáid a dhéanamh idir iomáint agug peil, tá an iomáint chomh mór sin chun tosaigh ar an bpeil. Tá macántacht, aclaíocht agus scilleanna iontachta san iomáint gan rian den cinciúileacht, den bhrúidiúlacht ná den fhórsa. Níl a shárú le fáil mar chluiche.

    Mholfainn do Chormac Costello agus Ciarán Kilkenny teacht ar mhalairt aigne agus éirí as an bpeil agus tabhairt faoin iomáint arís. Tá ard chumas iontu beirt mar iománaithe. Dá bhfillfeadh an bheirt leaids ar an iomáint táim chomh siúralta is atá bianna ar mhaide bacaigh go néireodh le Baile Átha Cliath an bhó a cur thar abhainn agus Corn Uile Éireann a thabhairt leo.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Tá mé ag teacht leat, Tulyar, as an méid sin. Mhínigh Gavin gur oscail sé a bhéal toisc gur bhuaigh BÁC agus go bhfanfadh sé druidte, faoin réiteoir, dá gcaillfidís. Maidir le mí-iompar na bpeileadóirí sna bomaití deireannacha, bhal, bhí sé samhnasach, cinnte go leor, ach tá géarghá le hathrú sna rialacha chun a dhéanamh cinnte nach buntáiste d'imreoir ar bith bheith ciontach as feall. Ina dhiaidh sin is an t-iomlán, is binn béal ina thost, mar a deir tú.
    Níor chronaigh foireann peile BhÁC O'Callaghan, Ryan ná Keaney ach is instealladh iontach iad d'fhoireann na hiománaithe. Mar an gcéanna le Costello agus Kilkenny. Má ghlacann siad eiseamláir an triúir eile bheadh seans iontach ag na hiománaithe amach anseo.


Advertisement