Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Éireannaigh in Arm na Breataine

  • 13-10-2008 12:17pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Chuaigh leaid ó mo cheantar isteach in Arm na Breataine. Níor ghlac Óglaigh na hÉireann leis ach bhí na Briotanaigh sásta é a ghlacadh. Dúirt sé go ndeachaigh sé isteach san arm chun an domhan a fheiceáil, scileanna a fhoghlaim agus saol eachtrúil a bheith aige. Bíonn fógraí teilifíse ag na hÓglaigh agus Arm na Breataine ag rá an méid seo. Ach cén fáth nach bhfuil rud ar bith sna fógraí sin faoi do thír féin a chosaint, nó bród a bheith agat i do náisiún féin.

    Theip ar an stát aon tírghrá a chur isteach an boc seo agus tá chuile seans ann dá bharr go mbeadh an pleidhce sin maraithe nó gortaithe san Iaráic ar son na banríona agus Gordon Brown.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    Dúirt sé go ndeachaigh sé isteach san arm chun an domhan a fheiceáil, scileanna a fhoghlaim agus saol eachtrúil a bheith aige. Bíonn fógraí teilifíse ag na hÓglaigh agus Arm na Breataine ag rá an méid seo.

    Ar ndóigh, tá buachaillí Arm na Breataine san Iaráic agus san Afganastáin chun na hiarsmaí seandálaíochta a fheiceáil agus chun an cultúr agus an bia áitiúil a bhlaiseadh. :D :rolleyes:

    Beatha duine a thoil, is dóigh. Ach ná bíodh sé ag súil le trua má thagann sé abhaile le ceann dá chosa/lámha ar iarraidh (má éiríonn leis teacht abhaile in aon chor).


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Múinteoir wrote: »
    Ar ndóigh, tá buachaillí Arm na Breataine san Iaráic agus san Afganastáin chun na hiarsmaí a fheiceáil agus chun an cultúr agus an bia áitiúil a bhlaiseadh. :D :rolleyes:

    :D
    Beatha duine a thoil, is dóigh.

    nath deas é sin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Múinteoir wrote: »
    Ach ná bíodh sé ag súil le trua má thagann sé abhaile le ceann dá chosa/lámha ar iarraidh (má éiríonn leis teacht abhaile in aon chor).

    Beidh trua agamsa dó.

    Cén dochar é go mbeidh sé ag troid ar son na Breataine? Ní hé go bhfuil siad ag troid le hÉirinn. Agus má tá spéis aige 'action' a fheiceáil, nach fearr dó dul le hArm na Breataine mar sin, ní dhéanfadh sé ach 'peacekeeping' dúinn ar aon nós.

    Throid go leor Éireannaigh ar son na Breataine i go leor cogaithe thar na blianta agus i ndáiríre ní fhaigheann siad an meas agus onóir atá tuillte acu. Is deas an smaoineamh é go bhfanann Éire neodrach, ach gan Arm na Breataine (agus na hÉireannaigh a throid leo), bheadh an tír seo faoi stiúir ag na Naitsithe le tamall fada anuas.


Advertisement