Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

áéíóú ar théacs

  • 11-09-2008 8:55am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Tá mé ag iarraidh a fháil amach cad a tharlaíonn nuair a sheolann tú téacs le 'áéíóú' chugat féin ar na líonraí éagsúla. Nuair a déanaim mé féin é le mo Nokia ar Vodafone ní fhaighim ach 'aéiou' ar ais, i. caillim na síntí ar ceithre litir -aiou, ach fanann 'é' mar a bhí. An bhfuil an scéal céanna ag na líonraí eile - O2, Meteor agus 3. An bhfuil éinne toilteanach triail a bhaint as?

    Chun 'á' a fháil ar d'fhón, lean ag brú ar an gcnaipe '1 abc' go bhfeiceann tú 'á'. Is é an scéal céanna leis na gcarachtair eile


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Tá mise le Meteor le haghaidh na blianta. Go dtí le déanaí níor oibrigh ach é cosúil leat fhéin, ach thart ar 8-10 mí ó shin, caithfidh go ndearnadar athrú éigin a shocraigh an fadhb agus fanann na síntí fada ann tar éis seoladh (ó Meteor go Meteor ar aon chaoi, déanfaidh mé é a sheiceáil le líonraí eile ar ball).

    Faraor, ní oibríonn síntí fada ar chor ar bith má seolann tú téacs ón idirlíon (My Vodafone, My Meteor, My O2 7rl). Seo toisc nach bhfuil an 'character set' céanna in úsáid ar ríomhairí agus ar ghutháin.

    Seo é an toradh ó webtext:
    á = A@
    é = AC
    í = A-
    ó = A3
    ú = Ao
    


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is cosúil go mbraitheann sé ar aois d'fhóin, mar d'úsáid mé Nokia níos nuaí ag chara dom a bhfuil le Vodafone chomh maith agus d'oibrigh sé gan fadhb.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Faraor, ní oibríonn síntí fada ar chor ar bith má seolann tú téacs ón idirlíon (My Vodafone, My Meteor, My O2 7rl). Seo toisc nach bhfuil an 'character set' céanna in úsáid ar ríomhairí agus ar ghutháin.

    Seo é an toradh ó webtext:
    á = A@
    é = AC
    í = A-
    ó = A3
    ú = Ao
    

    Thug mé an feiniméan seo faoi deara nuair a chruthaigh mé bunachar sonraí chun téarmaí agus nathanna Gaeilge a bhailiú le chéile nach bhfuil le fáil ar fhoclóir eile a bhfuil ar líne. Bhí sé ar intinn agam an bunachar a chur chun dáta ó m'fhón póca ach dealraíonn na carachtair aisteacha in áit na gutaí le síntí fada mar a luaigh tú. Seo sampla de. Tá píosa cóid PHP de dhíth orm chun na carachtair a athrú ar ais.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ní bhíonn aon fhadhb agam leis idir gutháin Vodfone


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,964 ✭✭✭cantalach


    Nuair a cheannaigh mé mo fhón (Nokia E51) ar dtús, ní raibh mo fhaighteoirí in ann ach aéiou a fheiceáil. Tháinig mé ar rogha théacs darbh ainm "character encoding" agus "reduced support" roghnaithe. D'aistrigh mé é go dtí "full support" agus bíonn na síntí go léir le feiceáil i gceart ó shin.


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,912 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Tá sony ericson agam, ar Meteor, a cheannaigh mé beagnach blian ó shin. Nuair a fhaighim téacsteachtaireachtai ó mo chairde, faighim na fadas ar na gutai. Ach, ag an am céanna, ni féidir liom iad a chur ar roinnt litreacha nuair a bhim féin ag clóscriobh téacs. :confused:


Advertisement