Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Óráid Sheáin Óg Ó hAilpín

Options
  • 14-09-2005 3:05pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 440 ✭✭


    Bhuel, cad iad bhur dtuairimí i dtaobh an óráid a bhí ag captaen foireann Corcaí ar an Domhnach??
    Tá an méid sin gearráin cloiste agam féin faoi, go bhfuil spéis agam tuairimí seachtracha a fháilt!

    Chualathas daoine ag rá nách raibh ach 1% den lucht féachana in ann é a thuiscint*, agus mar sin níorbh fhiú é a bheith á rá as Gaeilge?! Tá ana shuim agam a choisteáil ó Ghaeilgeoirí lasmuigh de Chúige na Mumhan mar deirtear go raibh an óráid aige dothuigthe dóibh....?

    Táim ana bhródúil as de réir dealraimh, in ainneoin an gearráin ar fad :)

    *bhí thart ar 51,100 i bPáirc an Chrócaigh agus 726,000 ag féachaint ar ar an dteilifís, marsin cathifidh go raibh slua mór in ann é a thuiscint?!


Comments

  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    1%?? Cacamas ar fad. Tá níos mó ná 300,000 daoine in Éirinn a úsáideann an Ghaeilge go laethiúil agus níos mó nach n-úsáideann sé chomh minic. Ar an iomlán, is níos mó ná 1% d'Éirinn é agus beidh níos mó Gaeilge ag lucht leanúna an CLG. Is gá dúinn duine le Gaeilge a bheith tábhachtach sna meáin agus ár bhfód a sheasamh.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Shyster wrote:

    Chualathas daoine ag rá nách raibh ach 1% den lucht féachana in ann é a thuiscint*

    Na daoine céanna a déir gur cur amú atá ann airgead ar bith a chaitheamh ar an nGaeilge. Ní fiú aird a thabhairt orthu.

    Maith thú a Sheáin Óig, a mhac! :D


  • Closed Accounts Posts: 372 ✭✭Outcast


    Nior usaid se Gaeilge a bhi iontach casta air aon nos. Bheadh einne le ard teist in an e a thuiscint. Cheap mise go raibh se ar fheabhas!


Advertisement