Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ó Pheann an Phiarsaigh

Options
  • 06-09-2016 7:36pm
    #1
    Registered Users Posts: 12


    Beidh léiriú eile den dráma 'Ó Pheann an Phiarsaigh', seó aonair bunaithe ar shaol agus ar shaothar Phádraig Mhic Phiarais, ar siúl in Ionad Eamáús, Sórd (Baile Átha Cliath) Dé Luain, 12 Meán Fómhair 2016 @ 8 i.n.

    Is imeacht saor in aisce é seo. Bheinn fíorbhuíoch dá mbeifeá ábalta an scéal a scaipeadh dúinn, le do thoil.

    An dráma
    Sa léiriú pearsanta corraitheach seo ar shaol agus ar shaothar duine de mhórphearsana agus de mhórlaochra na hÉireann, cuirtear bladhm bheochta an athuair faoi shaothar scríofa Phádraig Mhic Phiarais (1879-1916) agus cuirtear seoda an tsaothair sin i láthair go máistriúil. Is léiriú paiseanta macánta neamhbhalbh é seo ar an Phiarsach ina nochtar clúideacha uile a phearsantachta don lucht féachana agus ina ndéantar ceiliúradh agus comóradh air mar fhile bisiúil, mar ghearrscéalaí nuálach, mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne saothar ollmhór ar son na teanga agus ar son an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre.

    www .facebook.com / opheannanphiarsaigh


Advertisement