Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

TG4-ag mealladh na ndaoine?

Options
  • 01-09-2004 10:18am
    #1
    Closed Accounts Posts: 59 ✭✭


    Tá sé cloiste is feicte agam go bhfuil i bhfad níos mó daoine anois ag léiriú meas do stádas agus ábaltacht TG4. Is dócha gur éifeacht cláracha mar 'Amú' nó cláracha faisnéiseacha eile. Ach ceard é an tioncar ar an staisúin nuair a chraoltar cláracha mar 'The O.C.' srl. Cen fiuntas é seo?, seachas níos mó daoine a mhealladh, ach ag an ám céanna nach bhfuil siad ag dul ar strae ón bpríomh aidhm a bhí acu? - Gaeilge a scaipeadh agus seirbhís a sholathóir do mhuintir na Gaeltachta, ní do dhaoine a chiall 'What I Like About You' ar stiasiún eagsúil an lá roimhe.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Is dócha nach bhfuil go leor airgid acu chun cláracha dá gcuid féin a chur air an t-am ar fad. Ach tuigim cad atá i gceist agat mar gheall ar na cláracha Meiriceánacha sin go léir. Bheadh sé go maith dá mbeadh níos mó cláracha acu i miontheangacha eile b'fhéidir nó níos mó scannáin neamhghnácha. "Súil eile" mar a deireann siad féin.


  • Closed Accounts Posts: 5,366 ✭✭✭luckat


    Níl an t-airgead ann, agus níl a dhóthain daoine a labhairt Gaeilge agus a bhfuil daithiúl go leor...


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Sponge bob square pants.

    Tá aithne agam ar níos mó daoine a braithníonn ar an gclár seo as gaeilge ná as bearla. Níl mé cinnte cén fáth!!

    Ach, bí ag smaoineamh ar na daoine faoin tuath, agus ní bíonn sky one srl acu, agus is iad na cláracha seo na t-aon cinn a feiceann siad! [Sin cád a tharla domsa san gaelteach timpeall 6 bliain ó shin.]


  • Registered Users Posts: 10,726 ✭✭✭✭DMC


    Now, Níl a lán gaeilge agam anymore, so I'll reply in English (if that's ok!)

    I find it very strange, that when TnaG started, the bloc 6pm-7pm and 8pm-10:30pm was full of Irish language programming, but this is no longer the case.... its a very mixed bag. A lot of programmes as Gaeilge buried at either end of the schedule. S4C in Cymru on analogue TV still has its bloc each evening..... all programmes are in Welsh from 6 or 7pm-10pm and Channel 4 programmes elsewhere. Why do they need to fill the schedule with English programmes in prime time?

    Tonight, The OC is on from 8:30-9:30... I can't fathom why they punctuate the schedule like they do.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Easpa airgid. Sin bun agus barr an scéil. Bhuail mé le Leas-Cheannasaí TG4, Pádraic Ó Ciardha, uair amháin agus d'iarr mé air faoi na rudaí seo.

    Nuair an bunaíodh an staisiún i 1996 bhí go leor airgid acu chun cláracha teilifíse a chuir ar siúl ar feadh ceithre huaire sa lá. Agus is beag méadú atá tagtha ar an maoiniú céanna in ainneoin boilsciú srl. ó shin.

    An fáth a bhfuil cláracha Béarla ar siúl ná ionas nach mbeadh scáileán bán le feiceáil nuair atá an lucht féachana ag cliceáil thart i rith an lae agus go mbeadh sé soiléir go bhfuil an stáisiún ann agus nach fínscéal é.

    An tuairim atá acu ná gur féidir leo daoine a mhealladh leis na cláracha Béarla ar leith atá acu(Westerns, scannáin clasaiceacha srl) agus go bhfanfaidh siad chun na cláracha Gaeilge a fheiceáil.

    Mothaíonn siad go gcaithfidh siad é sin a dhéanamh chun an tairbhe is fearr a bhaint as an mbeagán airgid atá acu.
    Ach in ainneoin go mba cheart dóibh níos mó airgid a fháil, tá éacht deanta acu leis an méad atá acu. Fágann siad RTÉ in áit na leathphingine.
    Go maire siad.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    luckat wrote:
    Níl an t-airgead ann, agus níl a dhóthain daoine a labhairt Gaeilge agus a bhfuil daithiúl go leor...

    Ní aontaím leis an dara ráiteas seo in aon chor! :eek:

    Cuireann sé ionadh orm an oiread ban dathúil atá ag obair mar láithreoirí ar TG4.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Féach air seo. Éacht eile ó TG4. An bhféadfá aon duine thar lear ag ceannach an chacamais a dhéanann RTÉ!

    http://www.iftn.ie/news/index3.htm?fuseaction=getbody&file=2866


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Gael wrote:
    Féach air seo. Éacht eile ó TG4. An bhféadfá aon duine thar lear ag ceannach an chacamais a dhéanann RTÉ!

    http://www.iftn.ie/news/index3.htm?fuseaction=getbody&file=2866

    Is scéal iontach é sin! :)


Advertisement