Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Úsáid na Gaeilge ar Boards.ie

Options
  • 10-10-2003 12:20am
    #1
    Registered Users Posts: 634 ✭✭✭


    Cad é an polasaí ar an mbord seo i dtaobh úsáid na Gaeilge sna seomraí eile? Nó an bhfuil rial ann ar an ábhar seo? Bhí roinnt daoine ag caitheamh anuas ar lucht na Gaeilge is ag baint úsáid as na sean-stereitípeanna diúltacha tuirsiúla ar 'After Hours'. Tá a fhios agam nár chóir dom aon cheann a thabhairt dóibh ach chuireas tcht éadrom magúil isteach i nGaeilge. Tháinig moderator thar n-ais chugham láithreach in Iodálais . Ba mhaith liom leanúint ar aghaidh ar an ábhar céanna i nGaeilge ach níor mhaith liom bheith baráilte díreach i ndiaidh dom clárú.

    Bard nó Gael, cad a cheapann sibh?

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - Slááán Tamall


Comments

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Ceapaim go raibh an moderator ag iarraidh pointe a dhéanamh agus iad ag scríobh as Iodáilis a Mhíshásta. B'fhéidir go raibh siad ag iarraidh a léiriú duit conas mar atá sé nuair a sheolann duine teachtaireacht aon-teangach nach dtuigeann tromlach na ndaoine ar an gclár plé.
    Os rud é gur sheol tú do theachtaireacht as Gaeilge amháin, níor thuig an chuid is mó daoine thú agus is dóigh go bhféachtar air sin mar rud atá cineál drochmhúinte.
    Goilleann an meon frith-Ghaeilge sin ormsa chomh maith leatsa agus tá lán-chead agat teachtaireachtaí as Gaeilge a sheoladh i bhfóram ar bith ar boards.ie a fhad is go dtugann tú aistriúchán Béarla faoin teachtaireacht Ghaeilge chun meas a léiriú do na daoine nach bhfuil Gaeilge acu.
    Ní gá aistriúchán Béarla ar bith a dhéanamh sa bhfóram seo os rud é gur Fóram Gaeilge é, cé go mbeadh sé cabhrach do lucht foghlamtha a thugann cuairt ar an áit seo.
    An bhfreagraíonn sé sin do cheist?


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Tháinig moderator thar n-ais chugham láithreach in Iodálais .

    Níl sé ina mhoderator ar "After Hours" mar sin, ní fhéadfadh sé cosc a chur ort.

    Aontaím le Gael, ní raibh sé ach ag iarraidh a chur in iúil go mbíonn frustrachas ag baint leis nuair ná tuigeann tú cad atá á scríobh ag duine.

    Pé scéal é, ba chóir duit cúpla teachtaireacht a chur suas anseo ó am go ham, is dóigh liomsa go mbíonn an áit seo i bhfad ró-chiúin ar uairibh:):horned:


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    A Shimu, níor thug tú freagra ar bith orm sa snáth seo:

    http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?s=&threadid=98093


Advertisement