Ar feath tóraíocht tríd an idirlíon faoi Ghaeilge Laighin, bhuail mé leis an suíomh seo thar a bheith spéisiúil a phléann leis an nGaeilge dhúchasach timpeall BhÁC mar atá:


dublingaelic.blogspot.com


Foghlaimítear tríd an mblag nach fadó a fuair na cainteoirí dúchais deireannacha na Gaeilge dhúchasach timpeall BhÁC an bháis. Bhí cainteoirí mar sin fós ann go dtí tús na 20ú haoise.


Is éard an cheist a iarrann orm ná cén fáth nach ruinneadh athbheochán ar an nGaeilge i Laighean ar bun a mórchanúint féin. Bíonn an samhail réigiúnda ann don nGaeilge lasmuigh Laighean Láir. Nuair ar thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge, tháinig mé thar Ghaeilge na Mumhan, Connachta agus Ulaidh. Do smaoin mé cá bhfuil an Ghaeilge Laighin fágtha, an ceathrú Cúige? Sna contaetha ar imeall an Laighin, do labhraíodh canúintí an Chúige chomharsanaigh. I dtaca leis seo, is fiú a lua gur Chúige ann féin a bhí i Mí roimh bheith feicthe mar chuid de Laighean.


Bhí mórchanúint le han-ghné féin ag Uladh Thoir an fìú athbheochán a thabhairt uirthi. Is féidir an liosta mórchanúintí a leathnú mar atá: Gaeilge Ulaidh Thiar, Gaeilge Ulaidh Thoir, Gaeilge Oirialla, Gaeilge Déise, Gaeilge Connachta, Gaeilge Laighin agus Gaeilge na Mumhan ceart.


Dá mbeadh Gaeilge Laighin á úsáid ag muintir BhÁC agus timpeall inniu, ba soléir go deo gur seafóid í nach mbeadh aon fhréamh ag an teanga ansiúd le neart aoiseanna. Sin é an scéal céanna timpeall Béal Feirste. Leis a samhail féin na teanga, is dóigh go mbeadh níos mó suime ann sa Ghaeilge ansiúd. Nuair a cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun agus an Saorstát Éireann níos déanaí, bhí fós na cainteoirí deireannacha ann le cur síos ar an nGaeilge Laighin agus ar an nGaeilge Ulaidh Thoir chun iad sin a mhúineadh ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, d'fhan na Sé Chontae faoi smacht na Breataine Móra. Ach bhí an Conradh gníomhach ansiúd go fóill, freisin.


Athbhliain faoi mhaise dhaoibh, Alex