Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Canúintí Gaeilge lasmuigh na Gaeltachta láithrí

Options
  • 28-11-2013 9:41pm
    #1
    Registered Users Posts: 165 ✭✭


    A chara,

    Uaireanta, tá argóint ann faoin gceist cén chanúint a fhoghlaim agus a mhúineadh. Tar éis dom fiosrú ar na canúintí labhartha ó shin lasmuigh na Gaeltachta ár laethanta, tháinig an smaoineamh chugam go mbeadh ciall ó shin i múineadh na canúna réigiúnda féin in éindí le litriú agus gramadach an chaighdeáin. Nuair a chuireadh ar bun Conradh na Gaeilge, bhí fós cainteoirí dúchais deireannacha ann beagnach i ngach chontae le eolas mionchruinn a bhailiú le a chéile agus leabhair faoi na canúintí a fhoilsiú. Seachas an tírghrá, bíonn an nasc leis an dúiche féin ann i measc roinnt mhaith daoine. B'fhéidir gur éiríodh níos fearr leis an athbheochán dá mbeadh an Ghaeilge féin de gach mhór-réigiún ar fud na hÉireann sábháilte,, chomh maith in oirthear an oileáin. Go háirithe, níl an saghas Gaeilge féin ag muintir an Laighin.


    Le deá-mhéin,

    Alex


Comments

  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf


    B'fhéidir nach droch-smaoineamh é seo ar chor ar bith.
    B'fhiú go mór a chinntiú go múinfí Gaeilge Mhaigh Eo i gCo Maigh Eo, cur i gcás, Gaeilge Chiarraí i gCo Chiarraí srl.

    Ó thaobh cúige Laighean de, níl a fhios agam. Níl ann ach na gaeltachtaí beaga a plandáladh sa 20ú aois. Cinnte, d'fhéadfaí teacht ar amhráin, dánta agus mar sin de ó go leor de na contaetha nach bhfuil an Ghaeilge dhúchasach beo iontu níos mó, ach cheapfainn go ndéanfadh múinteoir maith ar bith iad seo a thabhairt isteach sa rang ar aon chaoi. Mar sin féin, bheadh sé go maith é seo a chur ar bun mar chóras.
    Mar chéad chéim, b'fhiú go mór bunachar a chur le chéile ar bonn ceantair, agus b'éasca ag múinteoirí teacht ar an ábhar seo ar an gcaoi sin.


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Is muintir Chonamara iad seo i Ráth Chairn a d´aistriódh go Laighin. Mar sin, labhraítear Gaeilge na Gaillimhe ansiúd.


    Chuala mé go n-ainmnítear an Ghaeilge dhúchasach ó Laighin agus a cosúlacht sa leabhar mar atá "Stair na Gaeilge". De réir Chill Chainnigh, bhí téip déanta de chaint an chainteora dúchais dheireannaigh. Ach mar sin féin, is dóigh go raibh cúpla cainteoir dúchais ann 100 bliain ó shin anuas fiú amháin sa Choentae Bhaile Átha Cliath.


    Tá an ceart agat, a Dheirdre. Go fíor, ba cheart bunachar ar bun na Gaeilge réigiúnda a bheith curtha ar fáil ó thús na gluaiseachta um athbheochán na Gaeilge. Dar liomsa, pléitear go minic i bhfad an mhéid ró-bheag leis an dúiche féin ar scoil agus an mhéid ró-mhór le hábhair gan nasc leis an timpeallacht a bhfuil na daltaí ag maireachtáil inti.


    Go n-éirí libh,

    Alex


Advertisement