Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Taithí eile leis an nGaeilge ar feadh mo thurais

Options
  • 23-05-2011 10:45am
    #1
    Registered Users Posts: 165 ✭✭


    Tugaim faoi déara an scéal céanna de réir na Gaeilge. Measann na daoine le cumas réasúnta ar an nGaeilge faoi luach a bhfíor-chumas uirthi, ach amháin iad seo le dlúthbhaint acu le CnaG nó cosúil le CnaG. Thairis sin, tá cineál faitíos ag an-chuid Gaeilgeoirí an teanga go deireanach a labhairt.

    Nuair a bhí mé ag dul ar traen ón mBÁC go dtí an nGaillimh, d'iarr mé caint Gaeilge a fháil. D'éirigh mé leis ag bean le leanbh. Thosaigh mé cúpla abairt a rá leis an leanbh as Gaeilge agus ansin, do labhair mé chuig an mbean í féin. Agus go fíor, bhí Gaeilge réasúnta aici! Bhí uirthi an carr traenach a athrú chun i tdreo Maigh Eo a leanúint, thairg mé mo chuidiú lena bagáiste. Mar sin féin, ag an ócáid sin nuair ar chuidigh mé léi agus muidne beagán deifir ag déanamh, thit sí ar ais chuig an mBéarla cé nár labhair mé ach Gaeilge go síor. Is dóigh go mothaítear go minic míchinnte leis an nGaeilge i suíonna a bhaineann le beagán strus.

    I gcathair na Gaillimhe, chuaigh mé isteach chuig teach tábhairne le hainm Gaeilge os cionn na slí isteach. Agus mar i gcónaí, thosaigh mé ag labhairt Gaeilge. Ar dtús, níor chuir an fear as comhair an chuntair freagar as Gaeilge. Ach bhain mé triail eile agus ansin, do scaoil sé amach a chuid Gaeilge. Ansin, thosaigh cuid aoithe eile ag caint Gaeilge nuair ar chlois siad an chaint as Gaeilge a bheith ar siúl.

    Agus bhuail mé le bean as an nGaeltacht a bhí sa teach tábhairne le cara is aice. Dúirt sí nach mbeadh Gaeilge aicese agus gur labhrann sí Béarla as an gcúis sin. Ach nuair ar labhair mise, thaispeáin sí sin go bhfuil cuid Gaeilge aice. Chomh aisteach. Nuair a bhí mé ag cairde Éireannacha, chonaic mé go bhfuil tuiscint mhaith agus beagán cainte ag comharsa is acu a ndúirt an fear uaidh nach mbeadh Gaeilge aigesan.

    Uair eile i dteach tábhairne i gcathair na Gaillimhe, do labhair mé le triúr duine as cathair Chorcaí agus atá ina gcónaí anois i gcathair Luimní agus Gaeilge sách-líofa acu. Ansin, do fhreagair mé an labhrann siad Gaeilge go minic. Dúirt ceann acu nach labhródh siad Gaeilge ach go hannamh. Ansin, chuir mé ceist an mbeadh siad sásta nó míshásta Gaeilge a labhairt. D'fhreagair siad go bhfuil siad sásta í a labhairt más mian liom é. Chomh aisteach nach mbaineann siad úsáid as an nGaeilge chomh minic is féidir!

    Is léir nach ndéanann an-chuid Gaeilgeoirí líofa an mhéid sin díchill chun an Ghaeilge atá ag daoine eile a dhúisiú. Go minic, tá an faitíos spreagtha i measc muintir lasmuigh na Gaeltachta nach bhfuil a ndóthain Gaeilge acu chun í a labhairt go deireannach. Mar sin féin, fanann neart Gaeilge le a bheith dúisithe! Taobh eile, ba chóir do chainteoirí dúchais agus líofa misneach a tabhairt do mhuintir Gaeilge a labhairt. Ba chóir do chainteoirí dúchais an scéal a léiriú dúibh féin gur beatha í a dteanga dúchais a labhairt, ach gur gá a labhairt go mall agus go léir, ach amháin má tá aithne acu ar dhuine éigin agus a fhios a bheith acu go bhfuil sé nó sí an-líofa.

    Alex


Comments

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Faraoir,tá sé doiligh a ruaigeadh ón síce gurab ionann an Ghaeilge agus bochtannas. Is é an náire an chúis leis an drogall a bhí ar na daoine a labhair tú leo, dar liom.


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Sin í an bhealach cheart chun an Ghaeilge a dhúisiú atá ag duine éigin ná scileanna sa Ghaeilge atá aige nó aice a mholadh agus do thaitneamh féin i labhairt na Gaeilge a thaispeáint. Agus go sách-mhinic, bhain an pearsa os mo chomhair taitneamh as an gcomhrá Gaeilge fiú amháin agus taispeáineadh an meas chugam as mo hiarr úsáid a bhaint as an nGaeilge go deireannach.

    Alex


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Tá go leor den cheart agat ansin, cinnte go leor, ach ni dóigh liom go bhfeiceann daoine a tógadh le Gaeilge iad féin mar ghniomhairí ar son na teanga.


Advertisement