Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An ghluaiseacht leasuithe agus polasaithe i dtreo na Gaeilge

Options
  • 15-10-2009 4:38pm
    #1
    Registered Users Posts: 165 ✭✭


    Féach anseo ag "reform.org". Cad a deireann sibh faoi! Tá cúpla moladh acu an féidir a smaoineamh faoi. Ach is i lán seafóide a scríobhtar ansin.
    Mar shampla ní fíor nach bhfuil fós ann ach 10.000 - 20.000 cainteoir dúchais. Meastar an uimhir seo ag timpeall 100.000 ar fud an oileáin. Agus deirtear ansin gur míghnéasach ar fad atá an Ghaeilge do dhaoine óga agus gur chas siad a ndrom i dtreo í sa Ghaeltacht. B'fhéidir gur fíor é do go leor acu. Ach sin taobh amháin. Má fheiceann tú sa Dhaonáireamh agus i stáidrimh, ní difríochtaí ró-mhóra de réir úsáid agus cumas na Gaeilge atá le feiceáil idir na glúinte mar a bheadh i gcás na Briotáinise sa Fhrainc, mar shampla. Ar ndóigh, tá sé ar eolas againn gur seafóid iad na 1,8 milliúin Gaeilgeoirí ar fud an oileáin agus staidrimh éagsúla le toradh ró-dhearfach chomh maith. Tá an fhírinne áit éigin eatarthu. Agus is féidir an fhírinne a fháil amach sa Dhaonáireamh is úire. Is gá na torthaí a léamh go ceart agus go cúramach.
    Mar sin féin, is fiú múineadh na Gaeilge a athrú agus a fheabhsú. Is cúis gháire í nach bhfuil fórmhór na n-Éireannach in ann comhrá as Gaeilge a bheith acu tar éis Gaeilge acu ar scoil ar feadh blianta! Mholfainn na blianta scoile le Gaeilge mar ábhar dualgais a ghearradh. Mar dearmadann na scoláirí gan aon spéis an chuid is mó na Gaeilge atá acu tar éis dóibh fágáil na scoile. Caithfidh muid a adhmháil nach bhfuil an Ghaeilge chomh tábhachtach le cúpla abhar eile, gan trácht ar an nGaeltacht. Agus leanfaidh na scóláirí leis an ábhar a bhfuil suim acu go réasúnta. Níl cead go tarlóidh go mbeidh an mhalairt ann in Éirinn mar a bheadh sa Fhrainc. Ansiúd, ní fhreastalaíon an tairiscint ar an uimhir scoláirí an mian leo teanga réigiúnda a Fhoghlaim ar scoil nó fiú amháin a fhoghlaim trí mheán na teanga sin.
    Dar liomsa, is fiú an bunreacht a athrú de réir na réaltachta, mar shampla: Is é an Béarla an chéad teanga oifigiúil agus is í an Ghaeilge an dara teanga oifigiúil an stáit. Sa Ghaeltacht is í an Ghaeilge an chead teanga oifigiúil. Thairis sin, tá an cead ag na paróistí a rialacha féin a shocrú de réir na teanga. Is féidir le paróistí laistigh na nGaeltachtaí a shocrú gurb í an Ghaeilge a dteanga oifigiúil amháin.
    Dá mbeadh an Ghaeilge ag formhór na n-Éireannach arís, b'fhéidir na habairtí sin a athrú arís.
    Sa Ghaeltacht, is gá polasaí ar son an chaomhnuithe níos déine a chur ar bun. Mar shampla, is fiú scruduithe ar an gcumas Gaeilge na leanaí a thabhairt isteach, gan trácht ar a gcúlra. Gan a ndóthain Gaeilge, beidh orthu a fhreastal ar chúrsaí réitigh.
    Mar sin féin, níl cead gan an seans a thabhairt ag gach aon pháiste Éireannach Gaeilge a fhoghlaim ón aois óg!
    Ar aghaidh leis an nGaeilge! Alex.


Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Na bac leo.

    Is 'gluaiseacht' amadach ata ann, agus nil aon tacaiocht acu - nil aon alt nua ar an siomh o 2007.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Aontaím le Cliste. Sin scata amadán nach fiú aird a thabhairt orthu.


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Dar liomsa, caithfidh siad a bheith tógtha i ndáiríre. Is cinnte gurb iad sin idir na daoine is radacálaigh in éadan forbartha na Gaeilge. Ach deireann siad go poiblí cad a smaoineann neart daoine. Tá daoine eile ann sa saol polaitiúil nach maith leo go réasúnta forbairt na Gaeilge, go háirithe idir na Libreálaigh, is dóigh liom. Tá leas an gheilleagair níos tábhachtaí ná cúrsaí na féiniúlachta dóibh sin.
    Mar sin féin, tá súil agam nach mbeidh an Ghaeilge curtha ar ceal mar ábhar dualgais go hiomlán riamh. Ach is dóigh liom go bhfásfaidh brú in éadan polasaí na Gaeilge ar scoil atá inniu ann.
    Beir bua, Alex


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Dar liomsa, caithfidh siad a bheith tógtha i ndáiríre. Is cinnte gurb iad sin idir na daoine is radacálaigh in éadan forbartha na Gaeilge. Ach deireann siad go poiblí cad a smaoineann neart daoine. Tá daoine eile ann sa saol polaitiúil nach maith leo go réasúnta forbairt na Gaeilge, go háirithe idir na Libreálaigh, is dóigh liom. Tá leas an gheilleagair níos tábhachtaí ná cúrsaí na féiniúlachta dóibh sin.
    Mar sin féin, tá súil agam nach mbeidh an Ghaeilge curtha ar ceal mar ábhar dualgais go hiomlán riamh. Ach is dóigh liom go bhfásfaidh brú in éadan polasaí na Gaeilge ar scoil atá inniu ann.
    Beir bua, Alex

    Ní féidir gach duine a sásúil riabh, ach féach ar na polasaithe eile atá acu. Tá sé soiléir dom nach bhfuil mórán atá ag brú go mbeidh pas Sasanach le fáil san poblacht.

    Is léir áfach go bhfuil neart a ceapann gur ceart go mbeidh an Gaeilge ábhar roghnach. Agus b'fhéidir go bhfuil fiúntas le sin...!


Advertisement