Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Rugbaí

Options
  • 13-02-2009 2:07am
    #1
    Registered Users Posts: 850 ✭✭✭

    An raibh éinne ag féachaint ar bbua breá na hÉireann i gcoinne na bhFrancach ag an deireadh seachtaine? Dar libh, an bhfuil mórán seans ann go mbainfidh siad Comórtas na Sé Náisiún amach?

Comments

  • Closed Accounts Posts: 16 Ceann

    Bhí mé ag féachaint air, ceapaim féin go téann sé suas go dtí an lá deirneach i gcoinne na bhraithnaigh....tá siad ag imirt go maith faoi kidney ag an am seo, ach an raibh foireann lag a bhíomar ag imirt i gcoinne an seachtain seo chaite?? sílim go bhfuil na bhFrancach ag smaoineamh faoi corn an domhain:rolleyes:

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Spórt lofa na Sasanach!! Tá brón orm; d’fhreastail mé ar scoil de chuid na mBráithre Críostaí. ;)

  • Registered Users Posts: 850 ✭✭✭Agus

    Ceann wrote: »

    Ceapaim go bhfuil na Francaigh ag smaoineamh faoi chorn an domhain cinnte, mar a dúirt Lievremont...Ach ní féidir a rá nár imir siad go maith, agus fós bhuaigh na hÉireannaigh.
    Aontaím leat go mbeidh an cluiche i gcoinne na mBreatnach níos deacra b'fhéidir ná ceann ar bith eile. I ndáiríre, ní raibh cuma ró-dháinséarach ar Shasana, an Iodáíl agus Albain an deireadh seachtaine seo caite i gcomparáid leis na hÉireannaigh agus na Francaigh. Ba cheart go mbeadh siad in ann bua eile a fháil sa Róimh Dé Domhnaigh ar a laghad...tá súil agam nach mbeidh "craiceann banana" ann áfach tar éis an bhua mhaith sin!:eek:

  • Registered Users Posts: 850 ✭✭✭Agus

    Múinteoir wrote: »
    Spórt lofa na Sasanach!! Tá brón orm; d’fhreastail mé ar scoil de chuid na mBráithre Críostaí. ;)

    Is iad fíor-spóirt na nGael a thaitníonn leat, an ea?:D Is breá liom peil agus iomáint freisin, tá a fhios agat...I ndáiríre tá suim níos mó agam i gcúrsaí peile ná i gcúrsaí rugbaí. Beidh mé ag féachaint ar an gclucihe mór sa Róimh Dé Domhnaigh ach ní dhéanfaidh mé dearmad ar TG4 agus Tír Eoghain v Ciarraí ar siúl ag an am céanna - curaidh na hÉireann v foireann na 2000i :D

  • Registered Users Posts: 683 ✭✭✭Gingy

    An bhfaca sibh an seafóid san 'Sunday Indo' ar an Domhnach seo cáite. Dúirt an iriseoir Eamon Sweeney go raibh an cluiche idir Éireann agus an Fhrainc, an cluiche is fearr in aon spóirt a raibh ann i bPáirc an Chrócaigh riamh. Bhí mé ag an cluiche agus ba cluiche maith é, ach ní aontaím leis. Bíonn cluichí iománáíochta agus peile ann go rialta, atá i bhfad níos fearr. Aon smaointí?

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 16 Ceann

    Aontaim go huile is go hiomlán leat, bíonn níos mo scilleanna ann i cluichí iománáíochta agus peile freisin

  • Registered Users Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Tá úid i bhfad níos deacaire a fháil ná cúl i mo thuarim. Botún amháin agus tá gach rud imithe - seilbh an liathróid tugtha ar ais don fhoireann eile arís. Leis an bpeil agus an iomáint, beidh 'rebound' seans agat.

    Bheafá in ann cúpla paisinéirí a thabhairt leat ar fhoireann peile ach le foireann rugbaí, má nasc lag ann, cailfidh tú go deimhin.

    Ná bí róchinnte faoin bpeil mar spórt 'fíor-Ghaelach' ach oiread. Cruthaíodh é le CLG ag deireadh an 19ú haois ar bhun 'caid' - cluiche a imríodh i deisceart na tíre, a bhí milltinneach cóngarach don rugbaí fhéin! Cuir ceist ar an t-iriseoir Con Houlihan faoi.

  • Closed Accounts Posts: 16 Ceann

    topper75 wrote: »

    Bhí Peile in Éireann ag deireadh an 13ú haois, cé nach bhfuil CLG ann, thosaigh rugbaí i 1823, is peile timpeall an cluiche is sine sa domhan

    Cé hiad na paisinéirí ar foireann Tír eoghan nó Ciarraí???

  • Registered Users Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Ceann wrote: »
    Bhí Peile in Éireann ag deireadh an 13ú haois, cé nach bhfuil CLG ann, thosaigh rugbaí i 1823, is peile timpeall an cluiche is sine sa domhan

    Cé hiad na paisinéirí ar foireann Tír eoghan nó Ciarraí???

    Léigh arís é. Ní dúirt mé go mbíonn paisinéirí ar gach fhoireann peil. Ní chuirfeadh paisinéirí asat leis an bpeil mar a gcuirfeadh sa rugbaí. Tá na nascanna idir na imreorí i bhfad níos tabhachtaí i rugbaí chun scóranna a fháil is chun do líne a chosaint.

    An féidir leat foinse a sholáthair dom faoin bpeil a imríodh san 13ú aois? Is maith liom an peil agus iomáint cósúil le cách, ach tá a chuid fréamhacha shéanta ag CLG. Dar leo, tháining Cúchulainn anuas ón spéir agus thug sé leabhar na rialacha do Davitt agus Ó Cíosóg i 1884 i Durlas Eile.

    Mar shampla, tá an nasc leis an acláiocht 'cailte' acu freisin. Léigh an píosa seo le O'Riordan sa Times.

    http://www.irishtimes.com/newspaper/sport/2009/0131/1232923379125.html

  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Peil phóca an cluiche is fearr dar liomsa.

    Caid chadairne a thugtar ar an spórt úd sa Ríocht.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 850 ✭✭✭Agus

    topper75 wrote: »
    Ná bí róchinnte faoin bpeil mar spórt 'fíor-Ghaelach' ach oiread. Cruthaíodh é le CLG ag deireadh an 19ú haois ar bhun 'caid' - cluiche a imríodh i deisceart na tíre, a bhí milltinneach cóngarach don rugbaí fhéin! Cuir ceist ar an t-iriseoir Con Houlihan faoi.

    Ní raibh mé ach ag magadh nuair a scríobh mé "fíor-spóirt na nGael", a thopper75! Ach maidir leis an iomáint, bhí sí á n-imirt in Éirinn roimh thús staire scríofa an oileáin!

    Agus maidir leis an bpeil, tá a fhios agam faoi Con Houlihan agus go bhfuil a lán difríochtaí ann idir caid na 19ú haoise agus peil an lae inniu, Ach bunaíodh peil CLG ar an gcaid - ní spórt nua ar fad a bhí ann. Bhí peil á n-imirt in 1308, nuair a bhí fear darbh ainm McCrocan i láthair ag cluiche i gContae Átha Cliath -cuireadh ina leith gur sháigh sé duine de na himreoirí de thaisme. Baineann sé le dealramh nach raibh an pheil sin ró-chosúil le peil na 21ú haoise, sa tslí chéanna nach raibh an saghas peile a bhí ann i Sasana i rith na meánaoise díreach cosúil le sacar an lae inniu, ach ba í peil McCrocan bunús an chluiche a tháinig ina diaidh. Sa bhliain 1670 bhí peil níos cosúla le peil Ghaelach na 21ú haoise ann - tá cur síos againn ar chluiche a imríodh ansin sa Mhí. Imríodh cluichí idir contaetha fiú amháin san 18ú haois agus go luath sa 19ú haois Ní féidir a rá gur chruthaigh Cumann Lúthchleas Gael spórt nua ar fad mar sin, cé go raibh go leor difríochtaí ann. Tugtar caid ar an bpeil fós i gCiarraí, tá a fhios agat - dála an scéil, an focal céanna a bhíonn acu ar 'testicle'! :D

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    Múinteoir wrote: »
    Spórt lofa na Sasanach!! Tá brón orm; d’fhreastail mé ar scoil de chuid na mBráithre Críostaí. ;)
    Mise freisin, scoil lán Ghaelach le fíorshuim i gcultúr Ghaelach a chur chun cinn. Ach mar thoradh ar sin, tá fuath beag orm don pheil agus iomáint....

    Ar aon nós, stop ag caint faoi spóirt eile sa snáithín seo. Cur tús le snáithín eile má thaistíonn libh argóint faoi fiúntais spóirt CLG i gcoinne rugbaí.

    Táim ag súil go mór leis an gcluiche i 45 nóiméad. Tá faitíos orm go gcailfimid, ach chun an fhírinne a rá, níl mórán seans ag na Sasanaigh

  • Registered Users Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc

    JC 2K3 wrote: »
    níl mórán seans ag na Sasanaigh

    B'fhéidir gurb í sin an chás go rabhas chomh chompáirdeach is a bhí mé ag deireadh an cluche sin...

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Bhí cluiche ar leith ag Brian O’Driscoll Dé Sathairn, ní a fhios agam cad a bhí ag dó na geirbe ag O'Gara!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    JC 2K3 wrote: »
    Mise freisin, scoil lán Ghaelach le fíorshuim i gcultúr Ghaelach a chur chun cinn. Ach mar thoradh ar sin, tá fuath beag orm don pheil agus iomáint....

    Ar aon nós, stop ag caint faoi spóirt eile sa snáithín seo. Cur tús le snáithín eile má thaistíonn libh argóint faoi fiúntais spóirt CLG i gcoinne rugbaí.

    Ag magadh a bhí mé, a dhuine.

  • Registered Users Posts: 87 ✭✭daithiolabhrai

    Stollaire wrote: »
    Bhí cluiche ar leith ag Brian O’Driscoll Dé Sathairn, ní a fhios agam cad a bhí ag dó na geirbe ag O'Gara!

    oh, tá súil agam nach bhfuil deireadh tagtha le ré iontach Ronan O'Gara! Sé an t-imreoir is fearr ar foireann na héireann! b'fhéidir ní raibh ach 'slip' beag oíche dé satharn!

  • Registered Users Posts: 850 ✭✭✭Agus

    oh, tá súil agam nach bhfuil deireadh tagtha le ré iontach Ronan O'Gara! Sé an t-imreoir is fearr ar foireann na héireann! b'fhéidir ní raibh ach 'slip' beag oíche dé satharn!

    Bhuel, ní raibh ann ach cluiche amháin. Agus cé nach raibh a chiceanna suite go maith, ní raibh sé chomh huafásach sin timpeall na páirce. Tá súil againn go mbeidh a chiceanna níos fearr as seo amach, go mór mhór in aghaidh na Breataine Bige - agus gan O'Gara ag imirt go maith ní bheadh seans rómhaith ag foireann na hÉireann sa chluiche sin.

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    oh, tá súil agam nach bhfuil deireadh tagtha le ré iontach Ronan O'Gara! Sé an t-imreoir is fearr ar foireann na héireann! b'fhéidir ní raibh ach 'slip' beag oíche dé satharn!

    Ní bheinn buartha faoi, bíonn a leithéid de lá ag gach uile fly-half ó am go ham

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    An bhfuil an "Tíogar Ceilteach" slán sábháilte anois ós rud é gur bhuaigh muid an Slam Mór?

    Cheapfá gur bhuaigh muid an corn domhanda sa rugair leis an méid rí-rá, ruaille buaille agus gol áthais a bhfaca mise timpeall BÁC ar an tSatharn!

    Leithscéal maith le haghaidh dhá lá ragaireachta is dóigh

Advertisement