Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Nuachtán seachtainiúil nua

Options
  • 10-12-2008 12:46pm
    #1
    Registered Users Posts: 850 ✭✭✭


    Tá grúpa i nDoire i ndiaidh cur isteach ar an chonradh chun nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú. Tá iriseoir aitheanta ó thuaidh i mbun an iarratais. Ní leir go fóill cá mhéad dream uilig a chuir isteach ar an chonradh atá á tairscint ag Foras na Gaeilge, conradh ar luach €400,000 chun nuachtán seachtainiúil agus suíomh idirlín a fhoilsiú. Tá an nuachtán laethúil La Nua le himeacht as gnó Déardaoin seo chugainn mar gheall ar scor an deontais a bhí an Foras ag íoc as foilsiú nuachtán laethúil Gaeilge. Beidh tuilleadh faoin scéal seo ag an An Druma Mór - Nuacht níos deanaí an tseachtain seo.

    http://andrumamornuacht.blogspot.com/2008/12/eisiach-dream-as-doire-ag-lorg-conradh.html


Comments

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Scéal suimiúil go cinnte. Ach bheadh amhras orm go bhféadfadh éinne a dhul in iomaíocht le Foinse ar an gconradh seo.


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá seans acu má tá siad sásta infheistíocht a dhéanamh i ndearadh, dáileachán, poiblíocht agus suíomh idirlíon saor in aisce a chur ar fáil - réimsí ina bhfuil Foinse an-lag go deo. Ní dhéanfadh níos mó pictiúir do spéirmhná aon dochar do dhíolacháin ach oiread.


Advertisement