Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Mo thuras

Options
  • 22-04-2009 9:38am
    #1
    Registered Users Posts: 165 ✭✭


    A chara,

    Bhí mé in Éirinn ón 14ú go dtí an 20ú Aibreán tar éis do m´aintín oscailt a sparán. Ar ndóigh, bhí me i gcathair na Gaillimhe, ar feadh trí lá. Agus an oíche seo, bhí mé ag fanacht in Inis faoi choinne ceoil tradisiúnta. Agus rinne mé taithí spéisialta le caint as Gaeilge arís.

    Dé Máirt, tháinig mé ón nGearmáin ag an Aerfórt Bhaile Átha Cliath. Ansin thaistil mé chuig stáisiún traenach Heuston. Tar éis dom cur in áirithe ticéad traenach chuaigh mé ag oifig na dticéad chun mo thicéad a bhailiú. Agus dúirt mé as Gaeilge cad tá uaim. Agus thuig sé uilig. Is trua nár thuig mise an abairt a dúirt sé liom de réir an thorainn timpeall an stáisiúin. Ansin i gcathair na Gaillimhe chuardaigh mé an brú óige a chuir mé in áirithe. De bhrí nach fuair mé é, chuaigh mé isteach siopa bia scioptha chun an bhealach a iarradh. Ar ndóigh, labhair mé Gaeilge ar dtús. Agus féach, fuair mé freagra as Gaeilge liofa ón gcailín óg. Sa bhrú, ní raibh Gaeilge ag aon phearsa. Ach bhí neamh-Éireannaí acu freisin. Tráthnóna amháin, chuala mé gur Éireannach buachaill amháin a bhí ina shuí os mo chomhair. Mar sin, thosaigh mé ag labhairt Gaeilge. Dúirt sé liom go bhfuil beágán Gaeilge aige. Ach ní raibh a chuid Gaeilge chomh dona sin. Sin buachaill a bhfuil suim aige i gceol traidisiúnta as Gaeilge. Chuir mé ceist air cé mhéad úsáid a mbaineann sé as a chuid Gaeilge. Dúirt sé go mbaineann sé úsáid as a chuid Gaeilge beagnach riamh. Shíl mé gur an-mhór an trua é! Shílfainn gur cheart ar dhuine cheol as Gaeilge í a labhairt chomh maith! San oíche chuaigh mé chuid Árus na nGael, an club Gaeilge chathair na Gaillimhe. Bhí díomhá an domhain agam mar gheall ar go raibh cóisir dhaoine as Sri Lanka ar siúl an oíche sin. Cén fáth a bhfuil cóisir mar sin ar siúl in áit na Gaeilge? Nach féidir leo cóisir a dhéanamh in áit eile? Ach bhí an dheis agam chasadh ar lucht na Gaeilge ainneoin. Bhí daoine as Sri Lanka cáirdiúil ach mar sin féin, chuir mé an cheist orm cén fáth a bhfuil siad ag eagrú a gcóisir in áit na Gaeilge. Tá an Éirinnn sroichthe ag an ilchultúrthas chomh maith! An chéad lá eile, chuaigh mé isteach an teach ósta tigh Choilí. Tá an áit sin ainithe mar áit a bhfuil Gaeilgeoirí inti go minic. Agus ba chuimhin le fear na foirne a bhí faoi láthair orm. Agus bhí sé ag caint chomh scioptha go raibh orm cúram a dhéanamh gur thuig mé uilig a dúirt sé. Bhí fear eile as an nGaeltacht faoi láthair agus dúirt sé liom:"A chomrádaí..." Thug sé a huimhir ghutháin liom. Bhí aoi eile ann agus mise ag cur ceist air cathain agus cén áit ar fhoghlaim sé a chuid Gaeilge agus an bhfuil sé as an nGaeltacht. D'fhreagair sé liom gur as cathair na Gaillimhe dó agus gur fhoghlaim sé an Ghaeilge ar scoil. Shíl mé gur féidir Gaeilge liofa a bheith ag Éireannaí a d'fhreastail ar ghnáthscoileanna. Dúirt sé liom gur bhain sé úsáid as a chuid Gaeilge go minic agus gur as an gcúis sin go bhfuil Gaeilge liofa aige. Ansin, bhí mé ag caint le fear eile sa teach ósta ar mhaith leis Gaeilge a labhairt cé nach raibh Gaeilge chomh liofa sin aige agus cé gur thit sé chuig an mBéarla uaireanta. Ach d'fhill sé ar ais chuig an nGaeilge de bhrí gur lean mé orm caint as Gaeilge. Uaireanta, dúirt mé as Gaeilge an abairt nuair a thit sé chuig an mBéarla. Ansin, chuaigh mé chuig siopa chun leigheas in aghaigh tinneas cinn a cheannach. Thosaigh mé ag caint as Gaeilge. Ansin, chuaigh an bhean chuig fear na foirne agus d'iarr sí an bhfuil Gearmáinis aige! Bhí saghas náire orm! Ar ndóigh, dúirt mé "Gabh mo leithscéal..." as Béarla mar is duine múinte mé. Chuaigh mé chuig Árus na nGael arís. An uair sin, bhí ciorcal comhrá ar siúl agus daoine óga le Gaeilge liofa ag freastal air. An chéad lá eile, bhí club shean-nóis ar siúl. Chomh hálainn is atá sean-nós!
    Dé hAoine, thaistil mé chuig Luimneach agus ansin chuig Inis i gcontae an Chláir. Chuaigh mé chuig oifig na dticéad Bhus Éireann chun mo thicéad a bhailiú. Anseo arís, thuig an fear uilig a dúirt mé. Ag brú óige in Inis, chuaigh mé chuig oifig turasóireachta agus Gaeilge liofa a bheith ag na ndaoine anseo! Chuala fear eile mo chaint as Gaeilge agus d'iarr sé ar bhean na hoifige grianghraf a dhéanamh uainn. Bhí an-áthas aige go bhfuil Gaeilge agamsa mar duine eachtrannach! Thug mé cuairt ag An Clár as Gaeilge agus bhí caint fhada agam le fear na hoifige! San oíche, thug mé cuairt ag Cois na hAbhna, an t-ionad Chomhaltas Ceoltóirí na hÉireann. Anseo chomh maith, chas mé ar cheoltóir le Gaeilge liofa, fiú amháin cainteoir dúchais lasmuigh den Ghaeltacht atá ann!
    Ag an deireadh seachtaine, bhí mé ag fanacht i mBaile Átha Cliath. Dé Sathairn thug mé cuairt ar Áras Chrónáin. Ach bhí díomhá orm faoin uimhir Gaeilgeoirí ag Áras Chrónáin. Dé Domhnaigh chuir mé glaoch ar an mbean Fhoras na Gaeilge a bhfuil aithne agam uirthi. Chuir sise glaoch ar Ghaeilgeoirí a bhfuil aithne aici orthu agus scríobh sí teachtaireacht chugam go bhfuil siad ag fanacht orm i dteach tábhairtne Bhaile Átha Cliath. Mar sin féin, náire ar na hEireannaí gan Ghaeilge nó le beagán Gaeilge agus náire is mó ar na cinn is cuma leo an Ghaeilge. Ní thuigim go deo nach raibh cogadh na saoirse ceangailt le réabhlóid maidir leis na teanga. Má táim ag breathnú ar na torthaí, ní raibh ann ach caint fhollamh de réir athbheochána na Gaeilge. B´fhéidir go ndearna an rialtas beágán ar son na Gaeilge gan mórán díograise sa tslí is go mbeidh daoine éigin níos ciúiné. Ach tá meas agam ar na cinn a bhfuil Gaeilge ar fheabhas acu ón óige in ainneoin lagstadais na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht nó atá ag tógail clainne trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Alex


Comments

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bhí an-rath ar do thuras mar sin, agus caithfidh mé a rá go dtugann sé misneach dom níos mó Gaeilge a úsáid le daoine ag obair le Bus Éireann.
    bail ó Dhia ar an tuairisc


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    :eek:

    Tá an-meas agam duit. Saghas 'No Béarla' a dearna tú! Is léir go bhfuil crógacht agat nach bhfuil agam.

    Tá sé suimiúil an méad Gaeilge atá ag daoine, ach fós nílimid sásta í a labhairt gan brú do shaghas éigin!

    Is léir ga raibh turas gnóthach agat ar aon nós! Ar bhain tú taitneamh as an am anseo!? Is cathair fíor deas í Gaillimh!


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Cinnte gur bhain mé taitneamh as mo saoire! Agus ba bhreá liom a dhul go dtí an Éirinn arís gan mórán achair! Is breá liom gur féidir ceol traidisiúnta a chloisteáil i gcathair éigin. Tá fós sách daoine ann a gcoinníonn beo an cultúr fíor-dhúchasach. Cad ar chaill muidne go hiomlán i mo cheantar dúchais. Ní breá liom an Béarla mar is teanga impiriúlachta í. De réir seo, bainim úsáid aisti san Éirinn chomh beagán is féidir. Ach níor lean mé orm le caint as Gaeilge nuair a thug mé faoi déara nach raibh sí ag an duine nó níor mhian leis í a labhairt. Ach mar sin féin, bíonn sé mar fhadhb beagnach ar uile miontheanga. Measann go leor daoine le labhairt mhaith na teanga a scileanna faoi luach. Trí labhairt na teanga go simplí, faigheann tú amach cén eolas teanga an bhfuil ag an bpearsa!
    Beannacht, Alex


Advertisement