Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Grúdaireacht Bhaile

Options
  • 17-01-2013 10:31pm
    #1
    Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭


    Thosaigh mé snath ar forám eile faoi seo, ach ceapaim gur áit maith í seo chun é seo a phlé!

    Is maith liom grúdaireacht bhaile, faoi láthair tá meá agus leann úil á grúgaigh agam!

    Cad fúibh? Ar bhain aon duine thriall as cheana? Nó an bhfuil fios agaibh faoi stair grúdaigh agus an Gaeilge (ní feicim mórán ar an idirlíon)

    Má tá suim agaibh thriall a bhaint as grúdach molaim go mór é - is rud fíor shimplí é, agus is rud álainn é do deoch fhéin a ól :)

    Foclóir:
    -brew grúdaigh
    -brewer grúdaire
    -brewery grúdlann
    -home brewing grúdaireacht bhaile (nó grúdú bhaile!?!?!)

    Módh
    -kits maingíní
    -extract úsc
    -malt braich
    -wort braichlis
    -mash(v) measc
    -sparge spreachallaigh
    -sanitize sláintigh
    -silicone hose píobán sileacain
    -filter(n) scagaire
    -filter(v) scag


Comments

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Táimse ag grúdú na kits (maingíní?) ar feadh bliain anois. Táimse chun grúdú extract (úsc?) a dhéanamh i gceann lae nó dhó. Beidh comhábhair ag teacht, atá bunaithe ar bheoracha chruithneachta mar Hoegaarden (dar le treoracha ar an idirlíon ar aon nó!). Nílim ach chun grúdú 5L a dhéanamh, ar eagla na healga - bheadh sé deacair thart ar €100 a chaitheamh ar threalaimh agus gan iad a úsáid ró-mhinic! Táimse ag tnúth go mór leis.

    Mar fhocal leataoibh, cheapainn féin gur úsáideadh "grúdú", ós rud é gur sin an t-ainm briathra do "grúdaigh". An nglacfaí le grúdú agus grúdaireacht?


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ba mhaith liom triall a bhaint as baisc (batch) úsc freisin! Rinne mé maingín leann dubh, ach níor éirigh go maith liom áfach :-\

    Táim ag léamh "How to brew like a Monk" faoi láthair, agus caithfidh mé a rá gur bhfuil mé ag iarraidh thriall a bhaint as! Is leabhair suimiúil é, ní tugann sé treoireacha díon san leabhair, ach tá an stair, an trealamh, na chomhábhar agus an saghas stíl ann.


    Chonaic mé grúdú úsáidte ag daoine eile freisin... Nílim cinnte ceard is ceart (níl bua na ghramadaí agam is oth liom a rá) agus de gnáth nílim ró buartha fad is go dtuigeann daoine mé! Ach anois ba mhaith liom an slí ceart a foghlaim, an bhfuil fios agat, nó an chór dom ceist a chur san snáth ghramadach?


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Rinne mé cuardaigh idirlíon...

    Grudaireacht:
    "-home brew[ing] grúdaireacht bhaile" ó http://talkirish.com/forums/p/3629/5915.aspx

    Grúdú Bhaile
    "ag grúdú a mbeoracha féin." ó http://www.potafocal.com/Search.aspx?Text=beoir
    "http://acts2.oireachtas.ie/ga.act.1931.0031.7.html" ó http://acts2.oireachtas.ie/ga.act.1931.0031.7.html

    Mar sin ceapaim go bhfuil grúdú ceart... :)


  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    Tá 'grúdú' agus 'grúdaireacht' le fáil i bhFoclóir Uí Dhónail, mar sin tá an dá théarma inghlactha.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá 'grúdú' agus 'grúdaireacht' le fáil i bhFoclóir Uí Dhónail, mar sin tá an dá théarma inghlactha.

    An gceapfá go bhfuil bealach amháin 'caighdéaineach'?

    Is aoibhinn liom an bealach go bhfuil roghanna do Gaeilgeoirí faoi conas rudaí a rá :)


    Ceistín eile - bhís ag lorg áis nó leabhair faoi ghrúrú in Éireann (as Gaeilge gan dabht!) ach níor aimsigh mé rud ar bith... (leabharlann Náisiúnta, srl)
    Bhí daoine ag grúadaireacht ar feadh na bhlianta in Éireann, conas nach bhfuil leabhair ar bith san teanga náisiúnta faoin ábhar? :confused:


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Suimiúil go bhfuil an dá leagan 'grùdadh' agus 'grùdaireachd' in úsáid in Albain.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Sin suimiúil!

    An focal nua nó sean é "grúdaigh"? Ceapais gur focal saghas nua é - feicim san dlí é i 2000, ach beagán roibhe!


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Cliste wrote: »
    Ba mhaith liom triall a bhaint as baisc (batch) úsc freisin! Rinne mé maingín leann dubh, ach níor éirigh go maith liom áfach :-\

    Tá baisc leann dubh agama atá sa soitheach coipeach le trí seachtain anuas. Thógas blas beag agus táim sásta go leor leis. Beidh orm é a chur sna buidéil i gceann cúpla lá .
    Táim ag léamh "How to brew like a Monk" faoi láthair, agus caithfidh mé a rá gur bhfuil mé ag iarraidh thriall a bhaint as! Is leabhair suimiúil é, ní tugann sé treoireacha díon san leabhair, ach tá an stair, an trealamh, na chomhábhar agus an saghas stíl ann.

    An-suimiúil. B'fhéidir go bhfoghlaimeoidh tú roinnt scileanna marthanacha - má tá tú riamh caillte i bhforaois nó dufair, fós beidh tú in ann beoir a ghrúdú!
    Chonaic mé grúdú úsáidte ag daoine eile freisin... Nílim cinnte ceard is ceart (níl bua na ghramadaí agam is oth liom a rá) agus de gnáth nílim ró buartha fad is go dtuigeann daoine mé! Ach anois ba mhaith liom an slí ceart a foghlaim, an bhfuil fios agat, nó an chór dom ceist a chur san snáth ghramadach?

    Aontaím leat - an ábhar is ea an rud is tábhachtach. Is cuma faoi ghramadach daoine eile, fad is a bhfuilim in ann an bhrí a bhaint amach, ach ní maith liom nuair a dhéanaimse botúin beaga in aon teanga! Is "pet peeve" atá agam orm féin!


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Paz-CCFC wrote: »
    Tá baisc leann dubh agama atá sa soitheach coipeach le trí seachtain anuas. Thógas blas beag agus táim sásta go leor leis. Beidh orm é a chur sna buidéil i gceann cúpla lá .

    Bhí an iomarca giosta (yeast) sna buidéail agam, ní raibh bhlas deas uaidh ar chur ar bith.. :(

    Leann mé na treoireacha go díreach, ach mar sin chur mé sna buideáil ró-luaithe é.
    Paz-CCFC wrote: »
    An-suimiúil. B'fhéidir go bhfoghlaimeoidh tú roinnt scileanna marthanacha - má tá tú riamh caillte i bhforaois nó dufair, fós beidh tú in ann beoir a ghrúdú!

    Tá trealamh iontach ag na manach san leabhair... Dá mbeadh mé caillte i grúdlann b'féidir, ach níl treoireacha marthanacha ann :D


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Tá dhá bhuicéad plaisteacha nua 10L fachta agam. Beids in ann grúduithe beaga 5L a dhéanamh ionta. De bharr nach bhfuil ach na corcáin atá sa bhaile agam, in ionad coire mór (táid ró-chostasach fé láthair), ní bheidh mé ach in ann grúduithe beaga (5L). Ach tá san go breá le haghaidh turganaimh, agus beids in ann a bheith níos saoire, mar má tharlaíonn rud mícheart, nílim ach ag caitheamh amach 5L in ionad 20L (bheinn ag caoineadh dá chaithfinn amach an méid sin!). Is dóigh liom go ndéanfaidh mé grúdúithe úisc ina bpéire, in éineacht le grúdú maingín sa soitheach coipthe mór, le chéile ó seo amach.

    Táim ag fanacht ar na comhábhair, anois, agus tosóidh mé ar bheoir chruithneachta a bheidh cosúil le Hoegaarden. :D


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá éad orm! Táimse tar éis mo dhá ghrúdaigh a bhogadh chuig demijohn nua. Bíonn a lán dríodar nuair a grúdaítear meá!

    Cá fuair tú na bhuicéad? Beidh an méid sin deas chun thriall a bhaint as stíl difriúil.


    Is léir go bhfuil thart mór ort má ólann tú thart ar 45 L gach mí! :)


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Cliste wrote: »
    Tá éad orm! Táimse tar éis mo dhá ghrúdaigh a bhogadh chuig demijohn nua. Bíonn a lán dríodar nuair a grúdaítear meá!

    Cá fuair tú na bhuicéad? Beidh an méid sin deas chun thriall a bhaint as stíl difriúil.

    Fuaireas ó m'uncail iad. Táid cosúl leis na buicéid mór (10L) plaisteacha a chuirtear péint isteach ann. Gan dabht, níor cuireadh aon phéint ann sula bhfuaireas iad! Chuireas lítear uisce i gceann amháin, agus mhárcáileas an pointe le peann. Dheineas é seo le 3 lítear freisin, agus d'oibrigh mé amach le rialóir an lárphointe idir 1L agus 3L (ie, cá bheadh an márc 2L). Bhí sé éasca dul ar aghaidh, mar sin. An chúis a dheineas é le 1L agus 3L ná, ar eagla na heagla go raibh an chéad tomhas mícheart nó míchruinn.

    I ndáiríre, oibríonn aon bhuicéad grád bia (food grade bucket?) atá glan mar soiteach coipthe. Sna siopaí grúdú bhaile, cheapfaí go bhfuil buicéad spesialta uait, agus tá praghas ard orthu mar sin. D'fhéadfá dul isteach go dtí bialainn nó pub, agus seans go dtabharfaí buicéad mór saor in aisce duit, de bharr go gcaithtear amach iad.

    Is léir go bhfuil thart mór ort má ólann tú thart ar 45 L gach mí! :)

    Haha, gan dabht! I ndáiríre, ní bheids ach ag déanamh grúduithe 5L sna buicéaid 10L. Tá toirt 10L acu suas go dtí an barr ach, ar ndóigh, caithfear spás a fhágaint, mar is féidir leis an mbraichlis atadh de bharr gníomhú an ghiosta.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Paz-CCFC wrote: »
    Fuaireas ó m'uncail iad. Táid cosúl leis na buicéid mór (10L) plaisteacha a chuirtear péint isteach ann. Gan dabht, níor cuireadh aon phéint ann sula bhfuaireas iad! Chuireas lítear uisce i gceann amháin, agus mhárcáileas an pointe le peann. Dheineas é seo le 3 lítear freisin, agus d'oibrigh mé amach le rialóir an lárphointe idir 1L agus 3L (ie, cá bheadh an márc 2L). Bhí sé éasca dul ar aghaidh, mar sin. An chúis a dheineas é le 1L agus 3L ná, ar eagla na heagla go raibh an chéad tomhas mícheart nó míchruinn.

    Caithfidh mé uncail úsáideach mar sin a fháil...Anois... cén aintín atá uaigneach? :P

    Sin smaoineamh maith chun an méid a mharcáil! éasca freisin!
    Paz-CCFC wrote: »
    Haha, gan dabht! I ndáiríre, ní bheids ach ag déanamh grúduithe 5L sna buicéaid 10L. Tá toirt 10L acu suas go dtí an barr ach, ar ndóigh, caithfear spás a fhágaint, mar is féidir leis an mbraichlis atadh de bharr gníomhú an ghiosta.

    Thuigim go mbíonn Dé-ocsaíd charbóin ar bharr an grúdaigh, ach nach mbeadh píosa contúirt ag baint le 5L aer san bhuicéad ó thaobh ionfhabhtú (galar na grúdaigh/infection)?


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Cliste wrote: »
    Caithfidh mé uncail úsáideach mar sin a fháil...Anois... cén aintín atá uaigneach? :P

    Haha, ní sa chlann seo! :P


    Thuigim go mbíonn Dé-ocsaíd charbóin ar bharr an grúdaigh, ach nach mbeadh píosa contúirt ag baint le 5L aer san bhuicéad ó thaobh ionfhabhtú (galar na grúdaigh/infection)?

    Is dóigh liom gur an chontúirt is mó leis an aer ná ocsaídiú an t-alcól sa bheoir. Fad is atá an buicéid glanta go cruinn, tá tú slán go leor ó ionfhabhtú.

    Ach, d'oibrigh mé amach go ndéanfaí timpeall 100L dé-ocsaíd charbóin de réir an oidis atá agamsa. Mar sin, bhrúfaí amach an 5L d'aer (agus 95L do CO2 sa bhreis) agus líonfaí an bearna le 5L CO2.


  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Cathain a bheidh an gabhar á róstadh?

    Tart úafásach orm is mé ag léamh an snáithe ghrúdaigh bheoraigh seo.

    Canna Dutch Gold á slogadh siar agam fé láthair.

    Sláinte.


  • Registered Users Posts: 2,965 ✭✭✭laoch na mona


    chonaic mé daoine a dheanamh boire caisearbhán agus burdack bhí sé ana shuimiúil


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Chuireas an Witbier/Hoegaarden sna buidéil ar an Déardaoin. Thógas blas beag, agus tá sé go hálainn ar fad. An bheoir is fearr a dheineas go dtí seo.

    Áfach, as an 5L, ní fuaireas ach 3.5L. Tá bonn leathan ar na buicéid beaga atá agam - mar sin, tá a lán beoir fágtha leis an dríodar ag an mbun, nach dtógann an síofón leis.

    Beidh orm pota mór a fháil, ionas go mbeids in ann baisc úisc 20L+ a dhéanamh. Ba mhaith liom níos mó don Witbier a dhéanamh!

    Molaim bogadh ar aghaidh go dtí grúdaireacht úisc, más féidir. Tá i bhfad níos mó smacht agat ar an mbeoir i gcomparáid leis na maingíní. Tá pleananna agam cúpla baisc leanna beaga a dhéanamh le saghas amháin leannslua an ceann, agus ansin leann eile le go leor leannslua ann, más féidir liom pota mór a fháil.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Tá grúdú úisc 22L á dhéanamh agam fé láthair. Leann ómrach atá i gceist. D'úsáideas 1KG gráinní donna (an iomarca, i ndáiríre) agus ansin do bheiríos an bhraichlis le haghaidh uair go leith. Na hopaí a chuireas isteach ná Summit, le haghaidh 90 nóiméad (15g) agus uair an chloig (5g) agus East Kent Goldings agus Cascade le haghaidh 15 nóiméad (10g an hopa) agus nóiméad amháin (5g an hopa). D'úsáid mé Safale Meirceánach mar an ngiosta.

    Tá sé sa soitheach coipthe le haghaidh seachtain anois. Ar dtús, bhí an boladh hopa an-láidir (agus go hálainn!) ach tá sé tar éis ísliú anois. Mar sin, is dóigh liom go ndéanfaidh mé dry hopping air i gceann seachtaine agus fágfaidh mé é seachtain eile sula gcuirfidh mé i mbuidéil iad. Níl 'fhios agam an úsáidfidh mé EKG nó Cascade - b'fhéidir Cascade nó b'fhéidir an dá cheann.

    Beidh mé ag fanacht go dtí tosach na míosa seo chugainn ag a luath chun an bheoir seo a ól agus táim ag tnúth go mór leis. Tá súil agam go mbeidh sé go han-mhaith.


  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Beidh mé ag fanacht go dtí tosach na míosa seo chugainn

    Beidh tart mór ort faoin am sin ní foláir!


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    craoltoir wrote: »
    Beidh tart mór ort faoin am sin ní foláir!

    Gan dabht! Ar a laghad, tá pilsner agus leann dubh le hól agam go dtí sin! Áfach, an difríocht ná go bhfuil an dá bheoir sin déanta as na maingíní (le beagainín hopaí agus forchraiceann líomóide sa philsner). Mar sin, níl siad ró-mhaith. Tá siad ceart go leor, ach tá súil agam go mbeidh an leann seo i bhfad níos fearr.


  • Advertisement
Advertisement