Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Bruce Willis - 'laoch na gcosnocht agus na veiste salaí;

Options
  • 15-04-2007 9:43pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭


    Tá alt an-mhaith ag Breandán Mac Gearailt faoi Bruce agus an tsraith 'Die Hard' i bhFoinse an tseachtain seo. Deireann sé gur ndiúltaigh Arnold Schwarzennegger, Sylvester Stallone, Burt Reynolds agus Richard Gere an pháirt mar John McClane sular nghlac Bruce í. Ach bhí an t-adh linn go ndearna siad an cinneadh sin mar d'éirigh le Bruce thar barr mar laoch aicsean.

    Tá eagrán nua ag teacht 'Live Free or Die Hard' ach tá mé buartha. An bhfuil aon seans go mbeidh sé ina chombarba fiúntach?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    dranoel wrote:
    Deireann sé gur ndiúltaigh Arnold Schwarzennegger, Sylvester Stallone, Burt Reynolds agus Richard Gere an pháirt mar John McClane sular nghlac Bruce í.

    Richard Gere! An bhfuil tú ag magadh fúm! :eek:


  • Registered Users Posts: 6,649 ✭✭✭Catari Jaguar


    Tá an veist bán sin, na héadaí a chaith Bruce i Die Hard agus a siniú agus priont lamhá i Planet Hollywood i London agus chonaic mé iad. :D Oh, Bruce.... <3<3:o


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Cén cuma atá ar an veist? An bhfuil sé 'Daz' glan nó fuilteach agus olúil?


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Nach bhfuil mo dhuine Gere i bponc éicint inniu toisc gur thug sé póigín do yer wan ó Big Brother Shilpa Shetty. Ní thaitníonn an droch-iompar sin leo thall ansin.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    GaryOR wrote:
    Nach bhfuil mo dhuine Gere i bponc éicint inniu toisc gur thug sé póigín do yer wan ó Big Brother Shilpa Shetty. Ní thaitníonn an droch-iompar sin leo thall ansin.


    B'fhéidir go gcaithfear sa phríosún é go héagórach mar gheall air! Beidh sé cosúil le Red Corner arís, ach go mbeadh sé san India! ;)


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 6,649 ✭✭✭Catari Jaguar


    dranoel wrote:
    Cén cuma atá ar an veist? An bhfuil sé 'Daz' glan nó fuilteach agus olúil?

    Olúil agus fuilteach agus gnéasach


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Is fiú oilithreacht go Londain a dhéanamh mar sin!


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    De réir léirmheasa sa Times tá Die Hard 4.0 ar fheabhas. Rud amháin aisteach áfach - níl aon eascaine ann! An bhfuil Yipee-ki-yay Kemosabe ar ais in áit Yipee-ki-yay mo*****? An bhfuil sé feichte ag éinne fós?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Chonaic mise an léirmheas sin chomh maith. Tá mé chun é a fheiceáil ag an deireadh seachtaine. Tabharfaidh mé mo bhreithiúnas ansin.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    An bhfaca tú an scannán fós? Tá mé ag coinneáil é le haghaidh lá dona.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    dranoel wrote:
    An bhfaca tú an scannán fós? Tá mé ag coinneáil é le haghaidh lá dona.

    Ní fhaca. Beidh mé ag dul oíche amárach le mo chailín. Tabharfaidh mé mo bhreithiúnas daoibh ina dhiaidh sin. Ní chreidim go bhfuil 12 bliain ann ó chonaic mé 'Die Hard with a Vengeance' sa phictiúrlann!


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Níos measa fós, is naoi mbliana déag é ó chonaic mé an chéad cheann

    Tá mé ró-aosta don chac seo:rolleyes:


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    dranoel wrote:

    Tá mé ró-aosta don chac seo:rolleyes:

    Tú féin agus Brucie san áireamh.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Bhí sé an-mhaith, caithfear a rá. Níl mé ag súil leis go mbeadh sé go hainnis. Bhí an bithiúnach go dona ach bhí an scannán go maith ar an iomlán. Is fiú é a fheiceáil.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Yipee-ki-yay !!!!!!!


Advertisement