Cathain a úsáidtear an Tuiseal Ginideach?
• Nuair a bhíonn seilbh nó úinéiracht i gceist. (Possession or ownership)
Más le duine rud éigin:
leabhar + Seán => Leabhar Sheáin.
cóta + Máire => Cóta Mháire
carr + Séamas => Carr Shéamais
ollscoil + Éire => Ollscoil na hÉireann
• I gcás ainm briathartha, nuair a chuirtear gníomh in iúl. (After the verbal noun, when
describing an action, where the verb would end with “ing” in English)
peil => Ag imirt peile
an fhuinneog => Ag glanadh na fuinneoige
an aiste => Ag scríobh na haiste
an t-úrlár => Ag scuabadh an úrláir
an bia => Ag ithe an bhia
an páipéar => Ag léamh an pháipéir
an t-úll => Ag ithe an úill
• Nuair a úsáidtear Réamhfhocal Comhshuite, cuirtear an t-ainmfhocal a leanann é sa T.G. (in
the case of compound prepositions)
an oíche => Ar feadh na hoíche
an domhan => Ar fud an domhain
an tseachtain => Go ceann seachtaine
an geimhreadh => I rith an gheimhridh
an samhradh => Le linn an tsamhraidh
an balla => In aghaidh an bhalla.
(ar aghaidh, os coinne, os comhair, ar chúl, taobh thiar, ar feadh, i gcaitheamh, i rith, in imeacht, le linn, ar fud, ar lorg, ar nós, ar son, thar ceann, de cheann, ar tí, de bharr, dá bhrí, de thairbhe, de réir, faoi choinne, le haghaidh, i gcomhair, go ceann, i bhfeighil, i gcionn, i dteannta, i gcoinne, in aghaidh, in éadan, i lár, i láthair, i measc, i ndiaidh, tar éis, in áit, os cionn, os coinne, os comhair, faoi chúram, srl)
• Nuair a thagann dhá ainmfhocal le chéile, cuirtear an dara ceann sa T.G. (when 2 nouns
come together, the second goes into the genitive case; often where you would see “of the”
or ‘s in English)
(caint + máistir) => Caint an mháistir
(tafann + madra) => Tafann an mhadra
(eochair + taisceadán) => Eochair an taisceadáin
(solas + gealach) => Solas na gealaí
(leath + obair) => tús maith, leath na hoibre
• Tar éis Réamhfhocail Simplí áirithe (chun, cois, dála, timpeall, trasna), leanann an T.G.
(these 5 particular simple prepositions)
an Ghealtacht => chun na Gaeltachta
an fharraige => cois na farraige
an scéal => dála an scéil
an chathair => timpeall na cathrach
an tsráid => trasna na sráide
• An Ginideach Rannaíoch ("partitive") (words describing quantities)
Ciallaíonn seo go gcuireann focail nó frásaí cosúil le "a lán/an iomad/an t-uafás/barraíocht/beagán/beagainín/cuid/dóthain/go leor/méid/mórán/níos mó/níos lú/oiread/roinnt" an t-ainmfhocal a leanann iad sa TG.