Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An Coimisinéir Teanga Ag Éirí As

  • 04-12-2013 8:36pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭


    http://www.rte.ie/news/2013/1204/490903-sean-o-cuirreain/

    Fógraíodh um thráthnóna go mbeidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag éirí as. D’ar leis, tá an Stáit ag tabhairt easpa cosanta ar son cainteoirí na Gaeilge. Dúirt sé ná fuil an leibhéal gur féidir leis an duine teagmháil a dhéanamh leis an Stáit sásúil. Beidh sé ag fágaint a phost i Mí Feabhra.

    I ndáiríre, tá lán ceart aige ná fuil go leor obair déanta ag an Stáit ar son na Gaeilge. Chun a bheith féireáilte, tá a lán déanta le déanaí – msh, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisinéir Ioncaim trí Ghaeilge (tá sé níos tapúla ná trí Bhéarla). Tá mórán le déanamh fós, áfach – msh, má iarann ort do chuid gnó a dhéanamh leis na Gardaí (rudaí simplí mar pas nua a fháil), tá sé dodhéanta. Níl na hacmhainní ann agus uaireanta, ceaptar gur duine sotalach tú atá ag iarraidh a gcuid ama a chur amú, nuair níl tú ag iarraidh a dhéanamh ach do chuid cearta teanga a fheidhmiú. Caithfear an meon iomlán a athrú sa státseirbhís, dar liom, agus ní chuirfeadh sin costas mór ar an tír.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Ní bheidh áit nádúrtha ag an ngaeilge sa tír go dtí go mbíonn seiribhísí ar fáil, ní amháin ón earnáil phoiblí ach ó chomhluchtaí móra san earnáil phríobháideach chomh maith. Tá an meon ró-choitianta gur teanga phríobháideach í an ghaeilge atá ceart go leor a labhairt go rúnda ach pé rud a dhéanann tú, ná bí ag cur as do dhaoine eile trí bheith ag iarraidh an teanga a úsáid go poiblí.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is olc an scéil é. Ní raibh sé ag fáil aon tacaíocht ón rialtas. :(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Go n-éirí leis ina eírí as.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,034 ✭✭✭dalta5billion


    Cad a gceapann muid faoin imscrúdú seo a dhearna sé ar thaobh na nGardaí?

    http://www.coimisineir.ie/downloads/2012_An_Garda_Siochana_leagan_Gaeilge.pdf

    Úsáidfainn an gaeilge agus mé ag déileáil le Garda éigean, ach bheadh náire orm dá raibh níos mó Gaeilge ag an Garda!!! ;)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Is droch scéal an eachtra sin, agus chun an fhirinne a rá beidh mé sásta Béarla a úsáid seachas an am sin a chur amú ag fanacht orthu Gharda a aimsiú!

    Tá súil agam go faighimid coimisinéir eile gan aon moill, agus go tiocfaidh feabhas ar an Ghaeilge.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana


    Tá feachtas ar líne mar gheall air seo chun brú a chur ar Rialtas na hÉireann cearta teanga a thabhairt do mhuintir na Gaeilge. Seo an nasc má ta sibh ag iarraidh bhur n-ainmneacha a chur leis:

    https://secure.avaaz.org/en/petition/Rialtas_na_hEireann_Tabhair_cothrom_na_Feinne_don_Ghaeilge_is_do_Ghaeilgeoiri/?fbss

    Beir bua.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Sínigh mé ansin é, tá súil agam go tagann rud ó seo.


    De gnáth ní déanann feachtasaí ar-líne mar seo difríocht ar bith :(


  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana


    Seans maith go bhfuil an ceart agat, ach is fiú d'ainm a chur leis ar aon nós.


Advertisement