Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

"Feicfidh mé thú amárach"

Options
  • 14-11-2016 11:26pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭


    1.Feicfidh mé thú amárach.
    2.Feicfidh mé amárach thú.

    Bíonn an chéad cheann le h-úsáid agam i gcónaí agus go nádúrtha.
    Ach le déanaí,bíonn an dara ceann le cloisteáil agam,ar an teilifìs agus ar an raidió agus rudaí eile.
    Bhfuil an dhá cheann ceart,nó an mbíonn an rud mícheart le rá agam?


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Is fearr liom an dara ceann ("Feicfidh mé amárach thú") ach is dócha go ndeirim an chéad cheann ó am go ham freisin.

    Tá an frása "Déanfaidh mé amárach é" le feiceáil i nGraiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí.

    Ón méid a thuigim, feidhmíonn an focal "amárach" mar dobhriathar (focal a chuirtear le briathar, aidiacht nó dobhriathar eile mar bhreis eolais air agus a léiríonn conas, cá mhéad, cathain etc. http://www.teanglann.ie/en/fb/dobhriathar ). Mar sin, baineann sé leis an mbriathar, seachas leis an gcuspóir.


  • Registered Users Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi


    Is fearr liom féin an dara cheann chomh maith, ach ceapaim gur léigh mé le déanaí áit éigin go mbraitheann sé ar an gcanúint i gceist.

    Déanfaidh mé iarracht an nasc a aimsiú.


  • Registered Users Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi


    http://www.irishlanguageforum.com/viewtopic.php?f=28&t=4469

    Baineann sé leis roinnt bheag ar aon nós.


  • Closed Accounts Posts: 34,499 ✭✭✭✭Caoimhgh1n


    Go pearsanta, deirim "Feicfidh mé thú amárach".


  • Registered Users Posts: 111 ✭✭ericsinjun


    An dara leagan, dar liomsa. Tá sí níos nádurtha, agus níos coitíonta a chloisteáil


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    "Is nós i gcaint na Gaeltachta é an forainm cuspóireach a chur ag deireadh na habairte" a chuala mé ó dhuine de na teangeolaithe is fearr sa tír!


Advertisement