Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

PHP-fusion i nGaeilge ar fáil as Gaeilge go luath!

Options
  • 18-01-2009 12:07am
    #1
    Closed Accounts Posts: 9


    Tá PHP-fusion (Córas Bainistíochta Córais) aistrithe go Gaeilge agus beidh muid, Coláiste Cholmcille Indreabhan, Co. na Gaillimhe/ Coiste Ghairmoideachais Chontae na Gaillimhe, dhá scaipeadh taobh istigh de chúpla lá.

    Ceadaíonn PHP-fusion do dhuine suíomh idirlín a chruthú go héasca. Tá sé saor in aisce. Ní bhreathnaíonn suíomhanna PHP-fusion iontach, ach tá sé thar a bheith éasca iad a bhainistiú agus ábhar a chur orthu.

    Tá na gnéithe seo a leanas ar fáil ar shuíomhanna PHP-fusion:

    Fóraim, teachtaireachtaí príobháideacha, scréachbhosca, albaim ghrianghraif, naisc, ailt, íoslódálacha, catagóirí nuachta. Is féidir catagóir ar bith díobh sin a dhéanamh príobháideach sa gcaoi nach féidir ach baill le hainm úsáideora agus pasfhocal iad a fheiceáil.

    Tá sé thar a bheith feiliúnach do ghrúpa ar bith ar mhaith leis suíomh idirghníomhach, chumarsáideach a bheith acu trí mheán na Gaeilge.


Comments

Advertisement