Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Siopaí, siopaí i gcuile áit...

Options
  • 22-08-2007 9:41am
    #1
    Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭


    ...ach rud ar bith le cheannach

    Tá 5 Siopa Spar difriúla, beagnach díreach le chéile lámh le m'árasán i mBleá Cliath....

    Tá 2 Siopa áitiúla ann freisin in aice leo....... agus Londis amháin

    Tá ollmhargadh, a bhíonn ró-dhaor ann freisin!

    'Bhfuil buntáiste cánach ag baint leo nó rud eicínt.

    is amhlaidh an scéal timpeall Bleá Cliath chomh fada agus is eol dom


Comments

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    háigh daoine......... 9 Siopa áisiúla beagnach díreach lámh le chéile...
    nach bhfuil sé craiceáilte !!


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Is cosúil go bhfuil tú timpeallaithe ag andúiligh - daoine atá tógtha le toitiní, bia lan le siúcra, salann 's ola, agus irisí faoi dhaoine neamhshuimiúil. Tá mé ciontach freisin, is maith liom mo Mhars bar agus buidéal Club Orange, ach ní cheannóinn riamh ceann de na nuachtáin Sasanacha: Sun, Star agus a leithéid.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    dranoel wrote:
    Is cosúil go bhfuil tú timpeallaithe ag andúiligh - daoine atá tógtha le toitiní, bia lan le siúcra, salann 's ola, agus irisí faoi dhaoine neamhshuimiúil. Tá mé ciontach freisin, is maith liom mo Mhars bar agus buidéal Club Orange, ach ní cheannóinn riamh ceann de na nuachtáin Sasanacha: Sun, Star agus a leithéid.


    Níl, táim timpeallaithe ag Fat baistards.... cad é an Gaeilge le haghaidh Fat bastards


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GaryOR wrote:
    Níl, táim timpeallaithe ag Fat baistards.... cad é an Gaeilge le haghaidh Fat bastards

    Níl a fhios agam, cad faoi focal féinchumtha - blonagaí ?


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    agus irisí faoi dhaoine neamhshuimiúil.

    is breá le mo chailín a leithéid d'iris.... "Now" agus mar sin de.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GaryOR wrote:
    is breá le mo chailín a leithéid d'iris.... "Now" agus mar sin de.

    Mo chailín freisin. Cuireannn na paparazzi ag na hirisí siúd isteach orm go mór. Scriosann siad aon priobháide atá ag daoine cáilúil..ach caithfidh mé a admháil.. is breá liom sracfhéachaint a thabhairt ar na íomhánna deas de na babes ionaibh.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    dranoel wrote:
    Cuireannn na paparazzi ag na hirisí siúd isteach orm go mór. Scriosann siad aon priobháide atá ag daoine cáilúil..ach caithfidh mé a admháil..

    Níl aon trua agam dos na daoine cáiliúla sin - bíonn siad ag brath ar na paparazzi chun aird an phobail a choimeád orthu chomh maith.

    Ach tá an ceart agaibh, tá na siopaí "áisiúla" sin go hainnis! Bíonn sé dó-dhéanta torthaí & glasraí úra agus arán maith (ní bhíonn acu ach "Cuisine de France" ach is fada ó arán na Fraince é :() a cheannach iontu.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    simu wrote:
    Níl aon trua agam dos na daoine cáiliúla sin - bíonn siad ag brath ar na paparazzi chun aird an phobail a choimeád orthu chomh maith.

    níl siad ag brath ar na paparazzi.

    Tá daoine ar nós na hamadáin as Big Brother is Jody Marsh ag brath orthub.. ach bíonn daoine mór le rá le tallann an cheoil nó na haisteoireachta iontub ag brath ar na tallanna siúd...agus na tallanna siúd amháin.



    Ar aon nós.. thosaigh an Londis ag cur mála páipéir ar fáil saor in aisce anois, mar sin, níl aon ghá leis na málaí plaistigh. Ní bheidh sé i bhfad sul má thosaíonn na siopaí eile ag déanamh amhlaidh.. scriosfaidh na 9 siopa áisiúla seo an domhan..geallaim dhuit, agus tá sé ag tosú leis na málaí páipéir rua.


Advertisement