Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

An labhraionn tu leat fein ?

  • 19-01-2012 03:16PM
    #1
    Closed Accounts Posts: 211 ✭✭


    Labharaim liom.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 350 ✭✭ICANN


    Labhraím féin an t-am ar fad.

    Uaireanta tá náire orm nuair a táim ag gáire faoi pé rud agus táim i mo haonar :o


  • Closed Accounts Posts: 211 ✭✭30Min


    Is maith liom e (a bheith ag caint liom). Ta se go hiontach mar cineal teiripe :D !!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    bhí sé sin de nós agamsa :D ach labhraím le mo chat anois! (nuair nach bhfuilim ar skype)
    má tá peata éigin agat, bealach úsáideach atá ann chun an ghaeilge a chleachtadh gan cuma ait a chur ortsa ;)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 8,076 ✭✭✭Eathrin


    Labhráim as Gaeilge liom féin mar níl aon daoine eile agam labhairt leis:D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    ar mhaith libh labhairt?
    táim ar skype!
    irlandesa-danzmann


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,498 ✭✭✭Jamie Starr


    Le deanaí taím ag iarraidh Gaelige a labhraíonn, ach níl a fhios agam cén fáth. Is docha taím faoi thionchar ag mo stair teaghlaigh! Bhí mé ag smaoineamh ar mo sheanmháthair le gairid, labhair sí go minic chugam i nGaeilge. Tá sé brónach nach raibh aon leas agam i labhairt Gaeilge ag an am.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 223 ✭✭Diamond_Ninja


    Is mise an t-aon duine a éisteann liom :P


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    Bím ag labhairt liom féin go minic. Uaireanta ceapaim go bhfuil mise féin mo chara is fearr! Aontaimid faoi gach uile rud! Ach i ndáiríre, is nós iontach úsáideach é do chuid Gaeilge (nó teanga eile) a fheabhsú.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Mhol múinteoir a bhí agam dom é a dhéanamh - is fearr labhairt na teanga a chleachtadh leat féin ná gan é a dhéanamh ar chor ar bith. Módh maith foghlama atá ann dar liom!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,297 ✭✭✭joolsveer


    Go minic!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,770 ✭✭✭LeeHoffmann


    o h-am go h-am. Duirt m´athair dom uair amhain go gciallaionn e sin go bhfuil an mothuchan ort nach dtuigeann daoine eile duit. Nil fhios agam. Labhraim liom fein nuair a bhionn an-iomarca obair le deanamh agam...cabhraionn se liom gach rud a choimead i mo cheann. Nach ndeanann gach duine e sin uaireanta?


  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Bhí mé i gcónaí ag labhairt Gaeilge liom féin nuair a shroich mé an "plateau" i bhfoghlaim na teanga. Anois, ní féidir liom éirí as!

    "An féidir liom éirí as?"
    "Ní féidir. Ach is nós cabhrach é. Níl aon deis eile agam Gaeilge a labhairt."
    "Tá. Tá a lán cairde líofa agat. Téigh i dteagmháil leo."
    "Maraigh iad!"
    "No, mo chairde iad!"
    "AEjkfshgoienf;eiti"

    :confused:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,176 ✭✭✭Jess16


    Anois is arís, éirím uaigneach gan Gaeilge i mo shaol agus muna bhfuil éinne timpeall chun comhrá a bhaint amach, bímse ag caint os ard liom féin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 66 ✭✭ciaran1212


    Feictear go bhfuil a lán daoine anseo nach bhfuil aithne acu ar éinne a bhfuil Gaeilge aige, agus mar sin níl aon seans acu úsáid a bhaint as an teanga. Sin é an fadhb leis an teanga. Cá bhfuilimid uile?


  • Banned (with Prison Access) Posts: 67 ✭✭bananarama22


    Ó am go chéile. Is gealt mé.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Ní amháin gur nós liom bheith ag cabaireacht liom fhéinig sa saol réadúil ach is cosúil go mbím ag caint liom fhéinig leis nuair a bhím ag scíobh anseo ar líne.

    Arra! cén dochar.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,436 ✭✭✭Suaimhneach


    Biom ag scriobh as gaeilge go minic, uaireanta nuair is maith liom rud a chomeid faoi ruin, no uaireanta eile toisc nar husaid me an teanga ar fad tamill fada.


  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Labhair mé le m'fhear céile as Gaeilge ar feadh leathuair a chloig toisc go raibh sé ag cur isteach orm cúpla bliain ó shin.

    Is féidir a rá go raibh mé ag labhairt liom féin... :D


  • Closed Accounts Posts: 92 ✭✭somairle


    Dúirt mé an rud céanna sa post eile díreach anois... Labhraim liom féin an t-am ar fad.


Advertisement