Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Bono agus an Ghaeilge

  • 07-08-2009 12:08PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    An raibh éinne ag an gceolchoirm sin i bPáirc an Chrócaigh?


    Thug mé suntas den méid a bhí le rá ar bhlag Thaidhg Mhic Dhonnagáin ina leith:
    ...ag pointe amháin, bhí fógra ann don charthanacht one.org - píosa cainte ón Ardeaspag Desmond Tutu a bhí ann. In íochtar an scáileáin bhí fotheidil dá chuid cainte ann, i nGaeilge (Gaeilge ghlan, chruinn, beidh áthas oraibh a chloisteáil!).
    031.jpg

    Is dóigh go raibh na fotheidil sin ann mar go raibh spás ann dóibh ar an scáileán ag an bpointe sin - dá mba i Rio a bhí muid, is i bPortaingéilis a bheadh an téacs, nó Sualainnis, mar a bheas in Gothenberg san oíche amárach. Ach ní hiad na fotheidil amháin a thug aitheantas don teanga s'againne - is léir go bhfuil ceangal déanta le gairid ag Bono é féin idir féiniúlacht na hÉireann agus an Ghaeilge. Ghabh sé buíochas leis an slua i nGaeilge. Chas sé cúpla líne, gan tionlacan, d'amhrán Gaeilge nár aithin mé sular chroch an banna suas an t-amhrán "Beautiful Day" agus ag deireadh na hoíche ghuigh sé "Codladh sámh" orainn. Léiriú é sin ar sheasamh na teanga, ar bhonn siombalach ar aon nós, in Éirinn an lae inniu - athrú suntasach é sin i gcultúr na tíre seo, feictear dom, ón uair ar thosaigh U2 ag casadh ceoil.

    Cad é an t-amhrán Gaeilge a chas sé?

    U2 ag casadh ar Ceol10?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Níl ach comharthacht ann i ndáiríre ach tá sé níos fearr ná naimhdeas is dócha.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Níor mhaslaigh mé aon bhall eile den bhfóram seo cheana ach ba bhreá liom é a dhéanamh anois a Choncubhair, tá mé bréan dóite de bheith ag féachaint ar do phostálacha as Béarla anseo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Poll Dubh wrote: »
    Níor mhaslaigh mé aon bhall eile den bhfóram seo cheana ach ba bhreá liom é a dhéanamh anois a Choncubhair, tá mé bréan dóite de bheith ag féachaint ar do phostálacha as Béarla anseo.

    :confused: Céard a dhearna an créatúr bocht anois Polll Dubh? Ní fheicim faic anseo i mBéarla ná i nGaeilge le Conchubhair.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    topper75 wrote: »
    :confused: Céard a dhearna an créatúr bocht anois Polll Dubh? Ní fheicim faic anseo i mBéarla ná i nGaeilge le Conchubhair.

    Bhain na modhnóirí a theachtaireacht. Tá craiceann tiubh ag an mboc sin - gan dabht beidh sé ar ais.


  • Posts: 0 ✭✭ [Deleted User]


    Bheadh sé ar fheabhas dá mbeadh amhrán Gaeilge Bhono ar YouTube. Nílim in ann teacht air, áfach.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    gabh mo leithsceál - rinne mé dhearmad air cén forám a raibh mé

    tóg go bog é, a phollín


Advertisement