Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

leitheoireacht as Gaeilge/reading in Irish

Options
  • 28-05-2003 9:07pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭


    Ta ceist agam dos na daoine go leir anseo a labhrann Gaeilge go liofa no ata a foghlaim!

    An leann sibh leabhair as Gaeilge(ficsean) riamh?
    Ce hiad na hudair is fearr libh?
    Cad a cheapann sibh mar gheall ar litriocht na Gaeilge i gcoitinne?

    Ta scata leabhar as Gaeilge leite agam fein mar dheineas ceim sa Ghaeilge ach taim fiosrach mar gheall ar na nosanna leitheioreachta ata ag daoine le Gaeilge las amuigh den saol acaduil:)


    *************************************************


    Some qs for Irish speakers and those learning the language!

    Do you ever read books in Irish(fiction)?
    Who are your favourite authors?
    What do you think about literature in Irish in general?

    I've read lots in Irish as I did it for my degree but I'm curious about the reading habits of Irish-speaking ppl outside of academia:)


Comments

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Dia dhuit Simu.

    Is mac léinn Gaeilge mé féin faoi láthair. An gciallaíonn sé sin gur duine acadúil mé? Ach bhí úrscéalta Gaeilge á léamh agam mar chaitheamh aimsire sula ndeachaigh mé ag an ollscoil. Ní dóigh liom go bhfuil údar ar bith ar bith a thaitníonn liom thar aon cheann eile ach tá cúpla ceann maith ann.

    Thaitin "Cré na Cille" le Máirtín Ó Cadhain liom, cé gur thóg sé dhá iarracht orm é a chríochnú agus cé go bhfuil sé léite agam dhá uair faoi seo, bheadh orm é a léamh cúpla uair eile chun ciall iomlán a bhaint as. Tá sé deacair dul i dtaithí ar an stíl scríbhneoireachta sa leabhar, ach is fiú coinneáil leis.

    Thaitin an t-úrscéal stairiúil suite in Éirí Amach 1798, "Ceol an Phíobaire", le Colm Mac Confhaola liom. Thaitin forbairt na gcarachtar ann go mór liom. Eisíodh an dara húrscéal leis le déanaí agus tá cóip de agamsa cé nach bhfuair mé an deis é a léamh go fóill. Tá sé suite in Éirinn in aimsir Chromail. "Cogadh agus Cathú" an teideal atá air.

    Tá scéalta suimiúla ag Pádraig Standún in chuid leabhar agus caithfidh mé a rá go bhfuil siad deich n-oiread níos suimiúla nuair a smaoiníonn tú gur sagart é an scríbhneoir. Tá cur síos an-sonrach aige ar chúrsaí craicinn iontu, rud nach bhfuil le feiceáil mórán in úrscéalta na Gaeilge.



  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Chun freagra a thabhairt ar mo cheist féin:

    Táim ag déanamh máistreacht sa Ghaeilge faoi láthair.

    Go dtí seo, is dánta agus prós ón ochtú céad déag agus roimhe sin a bhíodh á léamh agam don ollscoill.

    Chomh maith leis sin thaitin litríocht Chúige Mumhan liom - lucht an Bhlascaoid agus daoine níos nua-aimsirí cosúil le Pádraig Ua Maoileoin agus Pádraig Ó Cíobháin.

    Táim ag iarraidh níos mó eolais a chur ar litríocht na 20ú haoise le déanaí -

    Taitníonn an-chuid den nuafhilícht go mór liom - Ó Ríordáin, Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock, Micheál Davitt agus mar sin de.

    Tá sé i gceist agam tosnú ar shaothair le húdair ó Ghaeltachtaí eile a léamh anois - lucht Chonamara - Ó Díreáin, Ó Cadhain agus chuala leis go bhfuil Micheál Ó Conghaile an-mhaith agus scríbhneoirí ó Thír Chonaill agus ón dtuaisceart leis, cé ná fuil mórán cur amach agam orthu.

    Bhíos fiosrach mar gheall ar nósanna léitheoireachta dhaoine eile le Gaeilge mar deirtear nach mbíonn fonn orthu a bheith ag léamh as Gaeilge go minic.


  • Closed Accounts Posts: 155 ✭✭revelate


    is leabhar iontach é "an béal bocht" le flann o' brien /myles na gopaleen. tá sé an-ghreannmhar ar fad ach tá an ghaeilge casta go leor mura bhfuil tú liofa (agus nilim ar chor ar bith). tá teideal eile ar an leabhair - " an milleánach" agus mar a cheapfá, tógann sé an piss ó leabhar thomáis ó croimhthainn.


Advertisement