Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An Bille Teanga/The Language Bill

Options
  • 23-05-2003 7:55pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭


    This week the Long awaited Equal Status Bill for Irish goes before the Dáil. It's been about six/seven years in the making. It seeks to make real, the lip-service of the constitution as regards Irish being an equal language to English in terms of state services.
    From gaelport.com in Irish and English:

    Leasuithe Breise

    An Chéadaoin seo caite 21.05.2003 seoladh leasuithe breise de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2002 chuig an Aire Éamon Ó Cuív T.D. Seoladh iad freisin chuig Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra agus chuig baill an Choiste Dála a bheidh ag plé an Bhille ag céim an choiste sa Dáil. Is léir anois go dteastaíonn ón Aire go n-achtófar an Bille seo roimh bhriseadh an tsamhraidh. Cuirfidh pobal na Gaeilge fáilte roimh an gcinneadh seo ach na leasuithe atá á moladh acu a bheith mar chuid den Acht céanna.

    MORE AMENDMENTS
    Last Wednesday more amendments to the Official Languages Bill 2002 by Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge were sent to Minister Éamon Ó Cuív T.D. They were also sent to oppposition TDs and to members of the Dáil Committee who will be debating this Bill at committee stage in the Dáil. It is clear that the Minister wishes to enact this bill before the summer recess. The Irish Language community welcome this decision as long as the amendments that they are recommending are part of the same Act.


    Also at the moment a number of private individuals are still taking court cases against the State to receive their constittutional right to conducting their legal business in Irish.
    From Lá:

    E500,000 amú


    D’fhéadfadh go n-íocfadh an Stát suas le leath-mhilliún euro i gcostais dlí de bharr na faillí atá déanta in aistriú rialacha cúirte go Gaeilge.
    Thug foinse dlí le fios do Lá go raibh costas amach is isteach le E100,000 ag gabháil le cúig chás atá os comhair na cúirte faoi láthair de bharr nach bhfuil leagan Gaeilge de Rialacha na Cúirte Dúiche ar fáil.
    Ach ní fada a bheidh seo amhlaidh nó thug urlabhraí de chuid na Roinne Dlí, Cirt, Comhionannais agus Ath-chóirithe Dlí le fios don nuachtán seo go raibh sé i gceist an t-aistriúchán ar na rialacha seo a chríochnú roimh thús mhí Mheán Fómhair.
    Cáipéis 1,900 leathnach atá i gceist.
    Cé gur cuireadh fáilte roimh an scéal go raibh leagan Gaeilge ar na bacáin go luath, dúirt foinse dlí le Lá gur mhithid gurbh amhlaidh a bheadh.
    “Ní mór smaoineamh gur chinn an Chúirt Uachtarach, i gcás Uí Bheoláin, dhá bhliain ó shin agus go raibh an cás sin ag rith ar feadh tuairim is sé bliana roimhe sin.”
    Tugadh le fios ar na mallaibh, agus tuairiscíodh i Lá é ag an am, go raibh an Stát ag troid ar a laghad sé chás ar an cheist áirithe seo san Ard-Chúirt.
    Tá faigthe amach ag Lá go bhfuil dlíodóirí don Stát tar éis a chur in iúl go mbeidh páipéir chosanta á lóisteáil acu go luath.
    Dar leis an bhfoinse dlí, ba iad na daoine a bhí sásta cás a thabhairt in éadan an Stáit ar an cheist seo de bhrí go rabhadar os comhair na Cúirte Dúiche ar cheist-eanna eile, ba iad na daoine seo a chuir iachall ar an Stát an t-aistriúchán a dhéanamh go gasta – chan breith na Cúirte Uachtaraí i gcás Uí Bheoláin.
    Ina measc siúd a throid an cheist seo sna cúirteanna, bhí Maolsheach-lainn Ó Caollaí, ball de Fhoras na Gaeilge agus iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Tharraing an Stát siar an cás in éadan an Chaollaigh sa Chúirt Dúiche, tamall ó shin, ach tá a chás bunreachtúil sa tsiúl go fóill.
    Beidh dáta d’éisteacht á eisiúint go luath san Ard-Chúirt.
    Cé go mbeidh díomá ar dhlíodóirí go bhfuil an chúis dlí seo ar tí teacht chun deiridh le foilsiú leagan Gaeilge Rialacha na Cúirte Dúichí, níl siad gan dóchas.
    “Níl aistriúchán déanta go fóill ar Rialacha na Cúirte Cuardaí agus Rialacha na nUas-Chúirteanna,” a dúirt an fhoinse dlí le Lá. “Agus tá riaráistí a shíneann siar go 1979 ann maidir le hAchtanna Oireachtais nach bhfuil aistrithe go Gaeilge fós.”
    Is cosúil go bhfuil cúpla lá eile sa chúirt roimh an Ghaeilge go fóill.


Advertisement