Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Lá gach lá

Options
  • 30-04-2003 2:34pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭


    On Monday, the weekly Irish newspaper Lá, launched itself as the first daily Irish language newspaper(Monday to Friday) for a very long time.
    Rumour had it that Foinse also have plans to follow suit. The website has all the detail about the paper, where you can buy it etc.

    www.nuacht.com


Comments

  • Registered Users Posts: 76 ✭✭Dónall


    Tá sé sin go hiontach. I presume they've done they're market research and found a demand for a daily paper like this. What's the projected reader profile I wonder?
    I've bought Foinse a couple of times when I've been back in Ireland, ever since I got interested in Irish again. I couldn't find it anywhere in Athlone, where I'm from originally - and in Dublin I could only find it in Easons. I didn't see Lá on sale anywhere. (They've a long list of Dublin outlets on their site, it must have been a bad day - no listing for Athlone though despite its little Gaeilgóir community; .anseo ) Even up in Glencolmcille in the Donegal Gaeltacht Foinse was only on sale in one of the three shops seling papers, and again no sign of Lá.
    It's a great way for learning and practising though, reading fresh news you're interested in anyway. I find the online magazine Beo excellent for this too, Beo also gives you translations of some of the words.


  • Registered Users Posts: 76 ✭✭Dónall


    No, I'm wrong. Athlone's there - listed under IARMHÍ - county Athlone being still but a pipe dream :cool:


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Is féidir leat síntiús a bhaint amach ar an suíomh murar féidir leat an nuachtán a cheannach i do shiopa áitiúil. Faoi láthair tá sprioc acu 1000 síntiúsóir a bhaint amach. Go bhfios dom seolfaidh siad é thar lear má tá tú ansin.

    I]You can get a subscription to the paper on the site if you can't get it in your local newsagent. They currently have a target to get 1000 subscribers. As far as I know they'll post it abroad to you if that's where you are.[/I]


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    From www.beo.ie

    Lá laethúil:
    ardú meanman do phobal na Gaeilge
    Tá an nuachtán Lá, a fhoilsítear i mBéal Feirste, ag teacht amach go laethúil ó bhí deireadh na míosa seo caite ann agus tá moladh mór tuillte ag lucht a fhoilsithe.

    Is ardú meanman é do phobal a labhraíonn mionteanga, agus d'eagraíochtaí an phobail sin, bíodh siad deonach nó ag feidhmiú mar ghnó, dream a fheiceáil ag tabhairt faoi pháipéar laethúil a fhoilsiú sa teanga sin. Tá seo fíor go háirithe sa Ghaeilge de bharr na ndeacrachtaí atá tar éis a bheith ag gach foilseachán go dtí seo léitheoirí a mhealladh. Níor cheart an locht a chur ar na foilseacháin féin - ní léann ach céatadán áirithe de phobal ar bith nuachtáin, bíodh an pobal sin beag nó mór.

    Is ceart aitheantas a thabhairt agus meas a léiriú ar mhisneach Mháirtín Uí Mhuilleoir agus a fhoireann a bhí sásta glacadh leis an dúshlán agus an páipéar Lá a chur ar fáil go laethúil ar fud na tíre. Seo an chéad uair riamh i stair na Gaeilge go bhfuil a leithéid ar fáil agus tá seo ag ardú stádas na teanga ar bhealach nach ndearnadh ó bunaíodh Raidió na Gaeltachta agus TG4.

    Tá lucht éisteachta dílis agus forleathan ag Raidió na Gaeltachta agus meas as cuimse ag daoine ar TG4 de bharr an chaighdéain cláracha atá bainte amach le buiséad an-bheag. Dár ndóigh, ní bheadh lucht éisteachta nó féachána ag an dá stáisiún sin mura mbeadh siad ag cur ábhair ar fáil a bhfuil spéis ag daoine ann. Beidh ar Lá laethúil a mhacasamhail a dhéanamh mar ní cheannóidh fiú lucht na cúise an nuachtán mura mbeidh sásamh le baint as agus ábhar fiúntach i gcló ann.

    Tá foireann óg, fhuinniúil tugtha le chéile ag bainistíocht Lá agus is féidir a bheith cinnte go ndéanfaidh siad a ndícheall lena chinntiú go n-éireoidh leis an tionscadal.

    Tá sé cruthaithe ag Beo!, a bhfuiltear ag tabhairt suas le 70,000 cuairt sa mhí air faoi láthair, gur féidir léitheoirí a mhealladh chuig foilseachán Gaeilge atá ar fáil ar an idirlíon. Más féidir le Lá 5,000 ceannaitheoir nuachtáin a mhealladh, beidh leo.

    Guíonn Beo! gach rath ar an tionscadal úr fiúntach seo.



    Gluais • Glossary

    nuachtán newspaper

    a fhoilsítear which is published

    go laethúil daily

    moladh mór great praise

    meanma spirit, morale

    mionteanga minority language

    eagraíochtaí organizations

    deonach voluntary

    ag feidhmiú functioning

    foilseachán publication

    céatadán áirithe a certain percentage

    aitheantas recognition

    misneach courage

    dúshlán challenge

    dílis loyal

    meas as cuimse great respect

    caighdéan cláracha standard of programmes

    bainte amach achieved

    lucht éisteachta listeners

    laethúil a mhacasamhail a dhéanamh to do the same

    lucht na cúise those interested in the cause

    ábhar fiúntach worthwhile material

    fuinniúil energetic

    bainistíocht management

    tionscadal project

    cruthaithe proven

    cuairt visit

    gur féidir léitheoirí a mhealladh that readers can be attracted

    ar an idirlíon on the internet

    beidh leo they will succeed

    gach rath every success


  • Closed Accounts Posts: 23 reimo


    Rinne an oifige margaíochta an MSc Fiontar anuraidh, agus bhí sí ag labhairt linn faoi Gach Lá cúpla mí ó shin.
    Tá an BSc á dhéanamh agam faoi láthar agus bhí sí ag labhairt linn ar feadh uair an chloig.
    Ní coimheann liom a ainm!! Tá sí ó Béal Féirste agus bhí í ag labhairt faoi na fadhbanna agus mar sin a bheadh ag Gach Lá.
    Bhí sé an spéisiúil ar fad... ach dúirt sí go mbeadh timpeall 12 leathannaigh ag an páipéar?!!
    Níl alán ansin... agus níl sé ar fáil ach i siopaí áirithe, agus mar sin is fearr síntús a fháil.


  • Advertisement
Advertisement