Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cymraeg

Options
  • 11-08-2005 10:59pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 520 ✭✭✭


    Tha mé ag éisteacht le clár raidió as Breatnais, agus caithfidh mé a rá go bhfuil cuid mhaith stuif le cluinsint atá an-ghar don Gheailge. An bhfuil Gaeilge agus Cymraeg ag éinne anseo a mbeadh na cosúlachtaí a chur in iúil dúinn, nó a rá liom nach bhfuil cosúlacht ar bith ann.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 520 ✭✭✭foxybrowne


    Chuala me "go bheil" agus "pobal" agus "ach", ach seans nach bhfuil ann ach mo aigne ag ligint orm.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    N'fheadar - aon uair a chuala féin Breatnais á labhairt, níor thuigeas faic! Tá an dá theanga scartha amach go leor óna chéile.


  • Closed Accounts Posts: 520 ✭✭✭foxybrowne


    Muise, bhí mé ag cumadh na focail a chuala mé is dócha. An bhfuil Cymraeg ar bith agat fhéin? Cé mar a deir tú "Dia dhuit" agus "Cuiche bhfuil tú?"?


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Níl. Caithfidh mé cúpla focal a fhoghlaim uair éigin! Bheadh sé suimiúil, déarfainn.


  • Closed Accounts Posts: 520 ✭✭✭foxybrowne


    Beidh gan dabht, caith súil ar an nGáidhlig freisin, tá sé éasce go leor do chainnteoirí Gaeilge.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Tá - dheineas cúrsa Gáidhlig uair amháin. Tá dearmad déanta agam ar an gcuid is mó anois ach déarfainn go dtiocfadh sé chugam arís dá gcloisfinn duine éigin á labhairt nó dá bhféachfainn siar ar na nótaí.


  • Closed Accounts Posts: 520 ✭✭✭foxybrowne


    Ní feidir dul amú leis na nótaí.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Ní bheadh a fhios agat!

    An tseachtain seo chugainn ar TG4: Hector: Amú sna Nótaí! :)


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Níl an Bhreatnais agus an Ghaeilge ró-chosúil anois. Deir siad "Dwy'in Liam" ar "Is mise Liam", níl a fhios agam faoi Cé chó bhfuil tú. Tá a lán cosúlachtaí ann, ámh, ach níl sé sothuighthe do Gaeilgeoirí. Mar shampla, tá na huruithe acusan, ach, ní chuirtear os comhair an litreach tosú, iondaíonn siad an litreach tosú. Tá trí chinn athraithe(mutations) acu freisin, rud mar an shéimhiú, rud mar an urú mar a dúirt mé agus ceann eile chomh maith.

    Tá méid ollmhór cosúlachtaí ann maidir leis an ngramadach, tá an "ag" foirm acusan agus tá an Verb-Subject-Object ann chomh maith. Ceapann go bhfuil an ghramadach beagnach mar an gcéanna go díreach ach nílim cinnte.

    Chomh maith, maidir leis na focla, tá cosúlachtaí ann ach ni a lán, go háirithe tar éis an fhuaimniú. Mar shampla - mawr - mor, Llyr - Lir. Déanaim dearmad ar a lán acu anois, ach tá focal ann cosúil le "deas" agus tá na huimhreacha an-chosúil le chéile.

    Maidir leis an Ghàidlig, tá Gaeilge agus í dóthain difríocht a chéile chun glaotar teangacha difríochta orthu. Tá siad thar a bheith cosúlacht, ámh.


Advertisement