Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An Hobad as Gaeilge

Options
  • 11-08-2005 3:49pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭


    PREAS-RÁITEAS -- PRESS RELEASE

    An Hobad as Gaeilge

    Biolbó Baigín, Gandalf draoi, na habhaic, Smóg an dragan -- ní fada go mbeifear in ann léamh fúthu uile as Gaeilge agus faoi na carachtair eile sa chlasaic do pháistí a scríobh J.R.R. Tolkien, The Hobbit, or There and Back Again.

    Tá leagan Gaeilge faoin teideal An Hobad, nó Go Ceann Scríbe agus Ar Ais Arís á ullmhú i láthair na huaire. Is é Nicholas Williams an t-aistritheoir, an duine a chuir Gaeilge le gairid ar Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas agus ar Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi le Lewis Carroll, dhá aistriúchán a fuair ardmholadh ó phobal na Gaeilge.

    Is é Evertype, Cathair na Mart, Contae Mhaigh Eo, an foilsitheoir agus táthar ag súil go mbeidh an leabhar amuigh roimh dheireadh 2005. Bainfear feidhm san eagrán Gaeilge as na maisiúcháin a rinne Tolkien féin.

    Is leis an abairt cháiliúil "In a hole in the ground there lived a hobbit" a thosaíonn an bunleagan Béarla. Seo an chéad alt ar fad in aistriúchán Williams:

    "I bpoll sa talamh a bhí cónaí ar hobad. Níor pholl gránna, salach, fliuch é, lán le giotaí de phéisteanna agus le boladh láibe. Níor pholl tirim, lom, gainmheach a bhí ann ach an oiread, gan aon rud ann le n-ithe ná le suí síos air; poll hobaid ab ea é agus is ionann sin agus compord."

    http://www.evertype.com/gram/hobad.html


Comments

  • Closed Accounts Posts: 520 ✭✭✭foxybrowne


    Jaysus, féar plé dhuit, beidh mé ag léamh sin gan dabht.


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    foxybrowne wrote:
    féar plé dhuit

    Togha Fir, Maith thú, Maith an buachaill.

    Níl aon ghá a bheith ag caint as Béarla i nGaeilge.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    foxybrowne wrote:
    Jaysus, féar plé dhuit, beidh mé ag léamh sin gan dabht.
    and a grass discussion to you too...
    Sin do gaeilge!


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    (It would be nice if people didn't bitch at other people's Irish.)

    Nior mhiste liom freagraí don cheist seo a leanas. Tá orainn roinnt focal a aistriú go Gaeilge. Rinneamar roghanna cheana, ach... cén focal a cuireann sibh ar "elf, elves", "wizard", "goblin/orc"?


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Yoda wrote:

    Nior mhiste liom freagraí don cheist seo a leanas. Tá orainn roinnt focal a aistriú go Gaeilge. Rinneamar roghanna cheana, ach... cén focal a cuireann sibh ar "elf, elves", "wizard", "goblin/orc"?

    elf - síofra

    wizard - draoi

    goblin - lutharacán

    Ach ní dóigh liom go bhfuil na créatúirí díreach mar a chéile sa dá theanga.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Tá mé ag iarraidh seachaint na téarmaí "sí", "síog", "síofra", agus "síogaí". Sílim go bhfuil siad ró-Ghaelach. Tá orainn An Hobad a ghaelú, ach tá difear ann idir sin agus an Hobad a dhéanamh Éireannach.

    Bhí an t-aistritheoir ag iarraidh "asarlaí" < "astrologus" a úsáid ar dtús, toisc go raibbh na draoithe ró-Cheilteach. Dúirt mé leis go bhfuil "draíodóir" in úsáid i Harry Potter. Shocraigh an t-aistritheoir ar "Gandalf draoi" le haghaidh "Gandalf the Wizard", agus táim sásta leis.

    Bheadh mise sásta "Orc" a úsáid trí síos, ach aontaím leis an aistritheoir: is féidir "Púca" a úsáid sa Hobad le haghaidh 'goblin', mar fhocal ráite ó Tholkien dá chuid páiste.

    Ach... cad faoi Elves, mura bhfuilimid sásta leis an lucht sí?


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Yoda wrote:
    Tá mé ag iarraidh seachaint na téarmaí "sí", "síog", "síofra", agus "síogaí". Sílim go bhfuil siad ró-Ghaelach.

    Tuigim díbh.
    Bheadh mise sásta "Orc" a úsáid trí síos, ach aontaím leis an aistritheoir: is féidir "Púca" a úsáid sa Hobad le haghaidh 'goblin', mar fhocal ráite ó Tholkien dá chuid páiste.

    Sea - bheadh orc deas mar fhocal Gaeilge leis. Caithfidh mé a admháil nár léigh mé an Hobad riamh mar sin nílim cinnte cén saghas créatuirí iad an "goblins" i gcomhthéacs an leabhair sin.
    Ach... cad faoi Elves, mura bhfuilimid sásta leis an lucht sí?

    Hmm... focal nua a chumadh?


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Ochón, ochón, a Shimu. Téir agus ceannaigh an leabhar agus léigh é!


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Is ionann na Goblins sa Hobad agus na hOirc i Tiarna na bhFáinní. D'úsáid Tolkien an focal "orc" uair amháin sa Hobad.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Yoda wrote:
    Ochón, ochón, a Shimu. Téir agus ceannaigh an leabhar agus léigh é!


    Fanfaidh mé leis an leagan Gaeilge anois. :)


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 78 ✭✭Gwyllin


    Hehe.. This is fun. I can hardly understand anything. ;)


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Yoda wrote:
    (It would be nice if people didn't bitch at other people's Irish.)

    Nior mhiste liom freagraí don cheist seo a leanas. Tá orainn roinnt focal a aistriú go Gaeilge. Rinneamar roghanna cheana, ach... cén focal a cuireann sibh ar "elf, elves", "wizard", "goblin/orc"?
    Ach nil se gaeilge....


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Cliste wrote:
    Ach nil se gaeilge....

    Neither is the above! It should be "Níl Gaeilge atá ann" or "Ní Gaeilge í" not "Níl sé Gaeilge"(Gaeilge is feminine, sé is masculine)

    The "Tá mé fear" phenomenon is the ultimate example of Béarlachas. A native speaker will actually say féar plé dhuit/fair play dhuit whereas only learners ever say "Tá sé fear". So everyone ease up on the pedantics please.

    Publically correcting people's Irish without invitation, only damages people confidence and discourages them from using Irish. So as moderator I'm asking everyone to refrain from it, unless it's done in private or when actually requested as a learning aid. Thank you.


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Ní minic a úsáideann foghlaimeoirí féar plé. Agus, an té a d'úsáid an focal, foxybrowne, ní foghlaimeoir é. Agus, caithfidh tusa a rá, is cac dearg é 'féar plé' agus dá leanfadh rudaí mar sin, beidh an Ghaeilge marbh i dtamallín rí-bheag.


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Níl sé seo fíor, áfach.

    Deirtear sa Gaeilge, go minic, "Fair play dhuit, a chara." Úsáidtear na focail Béarla. Ciallaíonn "féar plé" 'grass of conversation'.


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Ach is féidir libh labhairt faoin Hobad.


Advertisement