Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An bhfuil baint leis an nGaeilge ag an ngnáthshaol?

Options
  • 06-08-2005 8:21pm
    #1
    Registered Users Posts: 65 ✭✭


    Níl a fhios agam faoi sibhse, ach nílim in ann mo theanga féin a úsáid i mo shaol agus tá'im ag éirí beagnach bréan de. Cén taithí atá agaibhse? Rinne mé iarracht san oifig an phoist an lá eile an Ghaeilge a úsáid agus chaith siad liom amhail ba galarach mé, bhí bothán agam féin agus thóg sé chomh fada chun rud a dhéanamh, ceapfaidh mé dhá uair sula ndéanaim an rud céana arís.

    Le gnáthdaoine, tá an scéal cheanna agam. Rinne mé iarrachtaí éagsúla an Ghaeilge a úsáid, chun 'GRMA' nó 'Cé chó bhfuil tú', rud beag a rá agus bhí olldhua agam, ní dhéanfad an rud céanna arís, go deimhin.

    Agus, ar an idirlín, an áit a cheapas gur féachadh i ndiadh gach duine, ach ní an Ghaeilgeoir, is cosúil. Tá cúpla fóram aimsithe agam, áit chun mo Ghaeilge a chleachtadh ach tá timpeall ar teachtaireacht amháin nó dhá ann gach lá, má tá aon ann. Tá'im ag ceapadh faoin teanga sinn a thréigeadh nuair a fágfaidh mé an tír i gceann mí.

    Cad a cheapann sibhse faoi? An bhfuil taithí cosúlacht agaibh, an bhfuil áit agatsa chun do Ghaeilge a chleachtadh go minic go rialta.


Comments

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Tá. Ach braitheann se ar an áit a bhfuil tú sa tír. An bhfuil tú i do chónaí mBÁC?


  • Registered Users Posts: 1,235 ✭✭✭Odaise Gaelach


    Ní úsáidim Gaeilge ag an ngnáthshaol, mar táim í mo chonaí í gCuntae Mhuineachán. Tá a fhios agam go bhfuil mo Ghaeilge úafasach, ach tá alán grá agam faoin teanga, agus tá alán smacht ag an teanga orm - thosaigh mé ag smaoineamh i nGaeilge, mar shampla.

    Ach freisin táim bunoscionn go minic, mar táim ábalta a chaint i nGaeilge, i mBearla, i bhFraincis, agus táim ag fhoglaim Rúisis freisin. Agus ba mhaith liom a rá "Dia duit" ach deirim "Bonjour" nó "Zdrastvooytye" ina áit!


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Seans go bhfuil grúpaí Gaelacha i Muineachán, nach bhfuil ar eolas agat.
    Tuigim nach ceantar Gaeltachta é, ach ná bí ag ceapadh nach bhfuil aon duine sa chontae le Gaeilge atá ag iarraidh í a úsáid.
    Seans maith go bhfuil grúpa beag ag Conradh an Gaeilge ann. Agus fiú mura bhfuil, féadfaidh tú do ghrúpa féin a bhunú. Tá an t-idirlíon go hiontach chun dul i dteagmháil le daoine eile le Gaeilge ar fud an domhain, gan trácht ar Éirinn. Déanann googláil ar Muineachan agus Gaeilge agus féach céar da thiocfaidh aníos.
    Tá a fhios agam go cinnte go bhfuil grúpaí Gaeilge ann i gCábhán, pé scéal é.


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Cad a cheapann sibh faoi Ghealtach nua a chruthú, lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an méid daoine ann sna cathraigh gan dabht. Bhí mé ag ceapadh faoi arasán líon le Gaeilgeoirí nó b'fhéidir eastáit tithíochta nó sráid éigin. An bhfuil a leithéid dlíthúil?

    Agus a Ghael, tá'im i mBÁC.


  • Registered Users Posts: 1,235 ✭✭✭Odaise Gaelach


    Chonaic mé i nGoogle faoi grupaí Gaelacha i Muineachán, ach ní tháinig freagra ar áis :(

    Ach is cuma liom. Rachaidh mé go dtí coláiste Maigh Nuad sa Mheán Fómhair, agus tá seans mhaith go bhfuil grupaí ansin.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 520 ✭✭✭foxybrowne


    Yes


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Dalta wrote:
    Cad a cheapann sibh faoi Ghealtach nua a chruthú, lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an méid daoine ann sna cathraigh gan dabht. Bhí mé ag ceapadh faoi arasán líon le Gaeilgeoirí nó b'fhéidir eastáit tithíochta nó sráid éigin. An bhfuil a leithéid dlíthúil?

    Agus a Ghael, tá'im i mBÁC.

    Bíonn ciorcail comhrá rialta ar siúl i Trí-D agus i gCaife Úna go minic:

    http://www.daltai.com/discus/messages/21/14035.html?1123582446
    http://www.caifeuna.com/


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Agus ná déan dearmad ar an Ionad Buaileadh Isteach i mBarra an Teampaill.

    www.ionad.org


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Sea, d'aimsigh mé iad go déanaí, maith agat, agus beidh mé á dtaighdiú go luath. Ach, sa ghnáthshaol, níl baint mhór leis an nGaeilge. Má tá na Gaeltachtaí ag caolú agus, tá súil agam nach tharlaíonn sé ach, dá gheobadh siad bás, is cuma cé mhéad ciorcail díospóireachta atá ann, beidh an teanga marbh.


  • Closed Accounts Posts: 55 ✭✭young nastyman


    Gael wrote:
    Bíonn ciorcail comhrá rialta ar siúl i Trí-D agus i gCaife Úna go minic:

    [/url]

    ta tri-d dunta anois le breis is 4 mi


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 520 ✭✭✭foxybrowne


    Leaids, Club a’ Chonradh, I mean like hello, an áit is fearr ariamh sa gcathair chun an auld tongue a chleachtadh.


  • Closed Accounts Posts: 520 ✭✭✭foxybrowne


    Ach tá an Ionad Buail Isteach ar dóigh gan dabht ar bith faoi sin.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    D'aimsigh mé inné gur féidir leat do thicéad traenach a cheannach as Gaeilge anois(ní bhím ar an traein go ró-mhinic). Tá seirbhís as Gaeilge ag na meaisíní anois, chomh maith le Béarla, Fraincis agus Gearmáinis! Bhí áthas an domhain orm í a fheiceáil. :D


  • Registered Users Posts: 130 ✭✭Dave3x


    foxybrowne wrote:
    Leaids, Club a’ Chonradh, I mean like hello, an áit is fearr ariamh sa gcathair chun an auld tongue a chleachtadh.

    Tá mo chuid Gaeilge go measartha (bhuel, i bhfad níos fearr ná an tromlacht!), ach táim críochnaithe anois leis an Gaelteacht, agus tá imní orm faoi mo chleachtadh.....

    Ba mhaith liom dul go Conradh na Gaeilge, ach 'sé an fadhb atá agam ná: mothaím go rud "exclusive" í, idir na Gaelgioirí (conas a litríonn tú an focal sin?). An dtuigeann sibh? Like, níl mo Gaeilge chomh mhaith?


  • Registered Users Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Dave3x wrote:
    Ba mhaith liom dul go Conradh na Gaeilge, ach 'sé an fadhb atá agam ná: mothaím go rud "exclusive" í, idir na Gaelgioirí (conas a litríonn tú an focal sin?). An dtuigeann sibh? Like, níl mo Gaeilge chomh mhaith?

    Is cinnte go bhfreastalaíonn gaeilgeoirí ar an áit níos mó ná éinne eile, ach is minic a bhfeictear turasóirí san áit chomh maith.
    Ná bí ró-bhuartha, má tá tú sásta iarracht a dhéanamh gaeilge a labhairt beidh fáilte an domhain ort teacht.
    Na hoícheanta is fearr dul ná ar an Céadaoin nó an Déardaoin i rith an tSamhraidh, shílfinn. Ach nuair a filleann na coláistí, sí an Máirt (oíche na mac-léinn) an oíche is bríomhaire, le ceol beo agus piontaí ar 3 iúró.


Advertisement