Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

faigh re le qzxv...

Options
  • 26-07-2005 9:20pm
    #1
    Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭


    Cen fath a bhfuil 'angleisation' (ni mo litriu ro-mhaith :D ) den gaeilge?
    Fiu nur ata na cumann politiciul ag 'leabhairt' :rolleyes: as gaeilge ta se leath bearla... cad is bri le votail? is bhotail an sli ceart (ceapaim)


Comments

  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    bhuel, is drochfhocal ar fad é vótáil ar aon nós, ba cheart an fhoirm sin a bheith ina ainmneach briartha ach úsáidtear mar an "gas-fhocal". Ach is é an Béarlachas scéal na dteangacha ar fud an domhain, úsáidtear "cool", "great", "bye", fiú "yes" agus "no" sa Fhraincis inniu. Is fuath liom féin an "Fair Play" nó "Féar Plé" an cac a thugtar air, tá neart nathanna ann chun an mothú sin a rá. Togha Fir, Maith Thú, Go n-éirí leat srl. srl.

    Ar an taobh eile, is é iasacht focail scéal teangacha ar fud na háite, tagann cuid mór de fhocla Béarla ón bhFraincis agus tá an scéal leanta ar fud an domhain. Ach, mura n-úsáidtear iad, ní bheadh sé cuid den teanga, mar sin, ná habair iad. An pháirt bheag is féidir leat a dhéanamh.

    Agus is 'anglicisation' an litriú ceart.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Le fírinne, níl sé ceart a bheith ag caint faoi "anglicisation" nó "Béarlú/Béarlachas" i gcás na litreacha seo, mar tá siad ann i bhfad níos faide ná teanga an Bhéarla!
    Bhí an chonspóid chéanna ann thart ar 50 bliain ó shin nuair a fuair siad réidh leis an gcló Gaelach. Cheap daoine áirithe gur Béarlú a bhí ann, ach ní hé go n-úsáidtear an Cló Sasanach(má tá a leithéid ann), úsáidtear an cló Rómhánach.
    Tháinig sé ó aimsir na Rómhánach agus fuair na Rómhánaigh go leor de na litreacha sin ó na Gréagaigh roimhe sin. Tá an cló seo in úsáid anois i ngach teanga in Iarthar na hEorpa, ní ag na mBéarla amháin(úsáideann na Rúisigh na litreacha Gréagach amháin)
    Níor chruthaigh na Sasanaigh na litreach x, y, z, etc. chruthaigh na Rómhánaigh/Gréagaigh iad. níor chuthaigh na Sasanaigh/Bearlóirí litreacha ar bith!

    I.S. Is focal Gréigise é "vote", ní focal Béarla é, fiú má úsáideann Béarlóirí é. Ciallaíonn sé "guth".


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ceart go leor
    ach nil gach uile focal Rómhánach... zoo nozu as gaeilge...
    An rud ceanna cein fath a bhfuil Rómhánachasden gaeilge? nios fear duit? no yo-yo(le fada's)...feach i do focloir ma's ga


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Cliste wrote:
    Ceart go leor
    ach nil gach uile focal Rómhánach... zoo nozu as gaeilge...
    An rud ceanna cein fath a bhfuil Rómhánachasden gaeilge? nios fear duit? no yo-yo(le fada's)...feach i do focloir ma's ga

    ní thuigim do phointe. :confused:


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Bron orm... Ta me a ra cen fath a chaithigh anglicisation no Rómhánachas den gaeilge a tharlu... agus is cuma an feck liom cen saighes teanga eile a bhfuil ag athru an Gaeilge... Nilimid sasta an teanga a fagant(?) mar a bhfuil


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Athraíonn gach aon teanga seachas iad siúd ná labhartar a thuilleadh. Níl aon dul as - bíonn orthu iad féin a chur in oiriúint d'athraithe an tsaoil. Féach ar théacs éigin i Meán nó i Sean-Ghaeilge suas le leabhair an lae inniu!

    Tagann an focal zoo ón nGréigis, creid nó ná creid! Ciallaíonn an focal zóion rud beo! An bhfuil tú á rá gur chóir dúinn focail do na coincheapa nua seo go léir a fháil taobh istigh den nGaeilge - "gairdín na n-ainmhithe " nó rud éigin mar sin in oinead zú. mar shampla? Nó an ag cur i gcoinne an litrithe atá tú - gur chóir sú seachas zú a úsáid?


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Ní bheadh fadhb agam ar sú, ní focal ann agus i gcásanna mar sin, tá cúis ann chun focal nua a chur sa teanga. Ach nuair atá focla ann chéanna, níl aon cúis ar bith ann chun an Ghaeilge a uiscíonn. Nuair a thagann foclaí iasachta isteach sa teanga, níl sé chomh láidir is a bhí, sa deireadh ní bheadh Gaeilge ann, ach Béarla le fadaithe.

    Agus ní tháinig zoo nó vote isteach sa Ghaeilge ón nGréigis ní aon teanga eile, tháinig siad ón mBéarla. Tháinig siad isteach sa Bhéarla ón Laidinis(is dócha) agus tháinig siad ón nGréigis go Laidinis. Níl baint ar bith leis an nGréigis leis an nGaeilge. Agus, mar a dúirt mé, is é mo phríomh-fhadhb le vótáil ná go n-úsáideann an ainm briartha mar an gas-fhocal(stem), agus, go soiléir, an 'v'.


Advertisement