Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Michael Davitt caillte

Options

Comments

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Is mór an trua é. Agus é cuíosach óg go fóill. Seo píosa faoi as LÁ:




    Bhí aos litríochta faoi ghruaim inné leis an scéala go raibh an file Michael Davitt (55) ar shlí na fírinne.
    Shíothlaigh sé maidin Dé Domhnaigh i ndiaidh gur bhuail taom croí é ag a bhaile i Sligeach.
    Ba é Michael, in éineacht le dream an-bheag eile, a chuir friotal na Gaeilge ar shaol na cathrach, agus a chuir tús leis an iris cheannródaíoch, Innti.
    Ag caint ar a sheanchomrádaí éigse, dúirt Gabriel Rosenstock:
    “Ag deireadh na seascaidí, bhí athruithe sóisialta agus cultúrtha ag teacht chun cinn.
    “Bhí deis ag glúin óg seilbh a fháil ar an teanga agus bhí Michael Davitt ar dhuine de na daoine a mháirseáil go Baile Átha Cliath nuair a bhí Scoil Dhún Caoin i mbaol a dúnta agus bhí sé ann nuair a d’ionsaigh na Gardaí iad os comhair Ardoifig an Phoist.”
    Ba mar fhile ba mhó a thuill sé clú, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta.
    “D’éag an file ba mhó a bhí ina fhile iontach ach ag an am céanna a spreag filí óga,” arsa Pádraig Ó Snodaigh, an duine a d’fhoilsigh an chéad chnuasach aige, Bligeard Sráide, sa bhliain 1983.
    ‘Treallchogaí cathrach na filíochta’ a tugadh air agus, mar a dúirt Gabriel Rosenstock, “thug sé an fhilíocht amach as póirsí dorcha na n-ollscoileanna go dtí an tsráid agus na pubanna.”
    “Ba bheag aird a bhí ar fhilíocht na Gaeilge go dtí sin agus bhain sé cearta don teanga sa réimse litríochta.
    “Gan é, ní luafaí an Ghaeilge i leabhair amhail The Oxford Companion to Irish Literature.”
    Seolfar a chorpán go Séipéal Naomh Pádraig i gCathair Chorcaí anocht ar 7.30, áit a léifear aifreann na sochraide ar 2.00, Dé Céadaoin. Beidh seirbhís eile ag Créamatóiriam Newlands, Déardaoin, ar 2.00in.


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Mór an trua, gan dabht. Ar dheis Dé go raibh a anam agus ár mothuithe go dtí a chlann.


Advertisement