Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An Ghaeilge ina teanga oifigiúil san AE!

Options
  • 13-06-2005 3:45pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭


    Stádas Oifigiúil don Ghaeilge

    A Chara,

    Is é seo a leanas preasráiteas ó Dháithí Mac Cárthaigh, Uachtarán
    Chonradh na Gaeilge, maidir le cinneadh Pharlaimint an Aontais
    Eorpaigh stádas oifigiúil oibre a thabhairt don Ghaeilge san AE.


    Tar éis chinneadh Chomhairle na nAirí inniu tá an Ghaeilge ina teanga
    oifigiúil oibre den Aontas Eorpach. Tá 20
    teanga oifigiúil oibre eile ag an Aontas. Fáiltíonn Conradh na Gaeilge
    roimh an gcinneadh stairiúil seo. Thíos tá
    liosta de na mórimpleachtaí dearfacha, dar le Dáithí Mac Cárthaigh,
    Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a bheidh ag
    an stádas seo don Ghaeilge.

    Tá mór-impleachtaí dearfacha ag an stádas seo do thodhchaí na Gaeilge
    agus cuirfidh sé lena húsáid.

    1. Eiseofar dlíthe an Aontais Eorpaigh i nGaeilge. Ní foláir
    reachtaíocht na hÉireann a chur amach i nGaeilge agus
    i mBéarla. Tagann 75% den dlí againne ón Eorap; anois tiocfaidh sé
    chugainn sa dá theanga oifigiúla againn.

    2. Bíonn postanna in institiúidí an AE oscailte do shaoránaigh an
    Aontais a bhfuil 2 cheann (nó níos mó) de
    theangacha oifigiúla an AE acu. Is acmhainn anois í an Ghaeilge ar
    mhargadh fostaíochta na hEorpa.

    3. Beidh cead Gaeilge a labhairt i bParlaimint na hEorpa.

    4. Fostóidh an tAontas aistreoirí breise agus teangairí breise agus
    beidh deiseanna fostaíochta ann dá réir do
    Éireannaigh.

    Íocfadh ciste aistriúcháin an AE (a chosnaíonn €3 an duine faoi láthair)
    as an gcúram agus íocann Éire isteach sa
    chiste sin pé scéal é.



    Cén fáth go mbeidh oiread sin teangacha oifigiúla ag an AE agus cén fáth
    go mbeadh Gaeilge, le lion réasúnta
    beag cainteoirí, san áireamh?

    Tá an tAontas bunaithe ar éagsúlacht cultúir, rud a fhágann an
    t-ilteangachas ag croí-lár an Tionscnaimh Eorpaigh.
    Agus tionchar an Aontais ar ár saol laethúil ag méadú, tá sé riachtanach
    dá todhchaí go mbeidh an Ghaeilge in
    úsáid i ngnóthaí an AE.

    Féadfaidh institiúidí an AE a leagan síos ina gcuid rialacha féin cé acu
    teangacha oifigiúla a mbainfear leas astu i
    gcásanna áirithe. Ó lá go chéile, is iad gnáth-theangacha oibre
    Choimisiúin na hEorpa, m.sh., ná Béarla, Fraincis
    agus úsáid na Gearmáinise ag méadú léi freisin.

    Baintear leas as teangacha “droichid” chun teangacha na náisiún beag a
    aistriú; m.sh. aistrítear Mailtis go Béarla
    agus ansin go Slóivéinis agus vice versa. Beidh a leithéid de leagan
    amach oiriúnach don Ghaeilge.


Comments

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Bhíos ag teacht anseo direach chun an rud cheanna a rá! Nuacht iontach chun cloisteal, amach is amach!! Táim rí sasta anois!


  • Closed Accounts Posts: 440 ✭✭Shyster


    mise ach an oiread, tá an scoil direach fagtha agam agus táim ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis an gaeilge i mo shaol as seo amach, is céim ollmhór é seo, ana shásta leis!


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Céard í an chéad chéim eile do lucht na Gaeilge meas sibh?


  • Registered Users Posts: 3,228 ✭✭✭Breezer


    Céard í an chéad chéim eile do lucht na Gaeilge meas sibh?
    Brú a chur an an Rialtas agus ar Rialtais áitiúla an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach ceantar na tíre seo. Táim an-sásta go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigúil anois ach chun an fhírinne a rá, ní úsáidfear í go ró-mhinic san Eoraip. Tá sé níos tábhachtaí, dá bhrí sin, úsáid a bhaint amach as an stádas nua seo chun stádas na Gaeilge a chur chun cinn in Eirinn.

    Cloistear go minic daoine ag rá nach bhfuil an Ghaeilge "úsáideach" mar Fhraincis nó Ghearmáinis. Anois, tá sí, agus caithfear úsáid a bhaint as sin. Cúis mhór náire ba ea í tar éis an fheachtais seo dá mbeadh cead ag polaiteoirí sa todhchaí an Ghaeilge a úsáid agus iad gan Gaeilge ar bith.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Breezer wrote:
    Tá sé níos tábhachtaí, dá bhrí sin, úsáid a bhaint amach as an stádas nua seo chun stádas na Gaeilge a chur chun cinn in Eirinn.

    Aontaím leat. Tá an-chuid daoine ar fuaid na tíre a bhfuil eolas éigin ar an nGaeilge acu ón scoil agus suim acu inti agus is trua nach mbíonn níos mó deiseanna acu í a labhairt. Táim ag cuimhneamh ar iar-dhaltaí Gaelscoile go háirithe - cailleann an chuid is mó dóibh a gceangal leis an nGaeilge nuair a fhágann said an scoil.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Is cac é, caithfear a rá. Cén úsáid teanga a bheith aistrithe a lán ama agus gach achta a bheith as Gaeilge nuair nach úsáideann daoine in Éirinn í fiú. Cé a léodh é? Níl Gaeilge ag beagnach éinne sa Dáil agus éinne a bheidh ar chuairt chuig Bruiséal. Is gá an teanga a neartú in Éirinn sula cuirimis amú airgead ag aistriú gach rud go Gaeilge nuair nuach léodh éinne é. Ní labróidh níos mó daoine an Ghaeilge de réir an mhéid seo, D'féach mé ar an nuacht an paráid go dtí Teach Laighin, cé mhéid as na daoine seo a bheith in ann Gaeilge a labhairt, ceapaim agus iad ag ceiliúradh go raibh an 'éacht' seo bainte amach acu.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Dalta wrote:
    Is cac é, caithfear a rá. Cén úsáid teanga a bheith aistrithe a lán ama agus gach achta a bheith as Gaeilge nuair nach úsáideann daoine in Éirinn í fiú. Cé a léodh é? Níl Gaeilge ag beagnach éinne sa Dáil agus éinne a bheidh ar chuairt chuig Bruiséal. Is gá an teanga a neartú in Éirinn sula cuirimis amú airgead ag aistriú gach rud go Gaeilge nuair nuach léodh éinne é. Ní labróidh níos mó daoine an Ghaeilge de réir an mhéid seo, D'féach mé ar an nuacht an paráid go dtí Teach Laighin, cé mhéid as na daoine seo a bheith in ann Gaeilge a labhairt, ceapaim agus iad ag ceiliúradh go raibh an 'éacht' seo bainte amach acu.

    Glacaim le do phointe go pointe áirithe ach ní ghlacaim leis nach mbainfear aon leas as. Cuireadh bac ar roinnt feisirí Éireannacha roimhe seo Gaeilge a labhairt sa pharlaimint mar nach teanga ofigiúil a bhí inti. Bhí óráidí Gaeilge á dhéanamh ag Seán Ó Neachtain agus Mary Banotti nuair a cuireadh cosc orthu.


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Gael wrote:
    Glacaim le do phointe go pointe áirithe ach ní ghlacaim leis nach mbainfear aon leas as. Cuireadh bac ar roinnt feisirí Éireannacha roimhe seo Gaeilge a labhairt sa pharlaimint mar nach teanga ofigiúil a bhí inti. Bhí óráidí Gaeilge á dhéanamh ag Seán Ó Neachtain agus Mary Banotti nuair a cuireadh cosc orthu.
    Mmm, bhuel, b'fhéidir. Ach, ní ceart é seo a cheiliúradh agus ansin suí ar ár dtóin amhail is an cogadh buaite againn. Tá an Ghaeilge á chailleadh agus go han-tapaidh. I m'aonair féin, tá sé caillte mura ndéanann an Roinn Oideachas rud faoi an Córas Oideachais sa Gaeltacht go díreach. Ach le Hannafin i gcumhacht, ní cheapaim go ndéanfaidh rud ar chor ar bith. Is trí oideachas ceart agus deiseanna é a úsáid a ath-nuafaidh Gaeilge, ní trí airgead a cur amú ar a lán aistriú nach léfidh duine.


  • Registered Users Posts: 3,228 ✭✭✭Breezer


    Tá an ceart agat - ní léifidh a lán daoine na haistriúcháin seo, cinnte, ach tabhairfidh siad níos mó stádas don Ghaeilge - feicfear í mar theanga oibre, agus tá súil agam go spreagfaidh sé sin níos mó suime sa Ghaeilge i ndaoine.

    Ní ach céim amháin í an dlí seo - mar a dúirt mé cheana féin, is gá go ndéantar a lán rudaí eile anois chun an teanga a chur chun cinn, san oideachas ach go háirithe. Ní thugaim mórán tacaíochta d'Fhianna Fáil de ghnáth, ach caithfaidh mé a admháil go bhfuil Hannafin ag déanamh a seacht ndícheall ar son an oideachais - i bhfad níos mó ná na hAirí eile a bhí againn le blianta beaga anuas i mo thuairimse. Is duine í freisin den líne bheag pholateoirí a úsáideann siad Gaeilge go minic agus ceapaim nach ligeann sí leis an nGaeilge a bheith caillte sa Ghaeltacht.

    Tá a fhios agam go bhfuil géarchéim againn maidir leis an oideachas Gaeilge - ní dhearna ach cúigear as seachtó dalta i mo scoilse Gaeilge Ardleibhéal don Ardteist an bhliain seo. Níl aon suim ag na daltaí (mé féin ina measc, caithfidh mé a rá) sa siollabas - is teanga í an Ghaeilge agus ba chóir go múintear í mar theanga, cosúil le Fraincis nó Gearmáinis nó aon teanga eile. Is cuma linn faoi Nóra Mharcais Bhig nó aon charactar eile atá ar an siollabas leadránach!


  • Registered Users Posts: 65 ✭✭Dalta


    Ní fheicim é mar chéim ar bith, chun an fírinne a rá. Is cuma go bhfuil stádas ag an teanga, beidh stádas aici dá labhróinn cúpla míle duine í. Ní bheidh daoine níos dóchúla an teanga a labhair má tá sí ina teanga oifigiúl an tAontas, ní thugann sé sin ach deis do na frith-Gaelgóirí an teanga a cáineadh arís.

    Aontaím leat ar an iomlán maidir leis an oideachas. As thart ar chéad daoine i mo bhliain, rinne timpeall ar deichniúr Ardleibhéal agus ní dócha gur gheobhaidh siad níos mó ná grád D nó grád C sa scrúdú. Aontaím leat leis an siollabas. Ach, liomsa, bhí an mhúinteoir an fhíor-fhadhb, duine ana-ana-leisciúl ab ea é, ní raibh fonn ar bith air an teanga a múineadh mar theanga beo, ba mhaith leis grád C a fhaigheadh do ghach duine. Ní spreagann suim ar chor ar bith sa teanga sa daltaí. Mura ngráim an teanga sa mhéid a gráim í, tar éis é, ba fhuath liom í. Is scannal é, níor mhúinigh sé gramadach ar bith, ba mhaith leis muid aistí a fhoglaim sa dochas go dtiochfadh siad suas ar an lá. Níor thug sé nodanna ar bith dúinn agus lena mheon áitiú ar a lán den rang gnáthleibhéal a dhéanamh. Agus an siollabas, pah! Bhíamar ag foghlaim faoi gearrscéalaí gearra, leadránacha gan aon tábhacht i saol na ndéagóirí sa lá atá inniu ann, seachas Gafa, ach ní raibh sé sin ach sliocht as agus an chaoi ina mhúin mo dhuine é, bhí sé leadránach cósúil leis an mhéid eile. Nuair a cheapaim air! Íosa Chríost!


  • Advertisement
Advertisement