Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Sneachta!

Options
  • 25-12-2004 11:13am
    #1
    Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭


    Tá an sneachta breá álainn anseo i gCathair na Mart maidin na Nollag! :)


Comments

  • Closed Accounts Posts: 5,366 ✭✭✭luckat


    I mBaile Átha Cliath freisin. Nollaig shona dhaiobh, agus athbhlian faoi mhaise dhaoibh go léir.

    Táimíd ag dul go dtí an Forty Foot, chun na daoine bochta geal a fheiceáil ag déineamh boc-léim isteach san uisce fríochta. Agus ansin siúileóid dheas leis an mhadra agus ar ais sa bhaile chun an lachan a ullmhú.

    Tá na calóga sneachta ag cur anois... go h-álainn ar fad.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Tá sé ag cur sneachta i gCorcaigh anois cé nach bhfuil an talamh clúdaithe le brat sneachta fós!


  • Registered Users Posts: 246 ✭✭baggins


    Tá sneachta ar fud na h-áit i gcill mhantáin, thuas sna shléibhte.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Bhí sé ag cur i gContae na Mí chomh maith, ach tá se i bhfad ró-thanaí domsa. B'fhearr liom clúdach mór millteach! :D


  • Registered Users Posts: 7,426 ✭✭✭Roar


    Bhí sé ag stealladh thart ar tigh mo mháthair i gCorcaigh. Bhí sé go háilinn. Agus rinne me fear sneachta le mo deartháir!


  • Advertisement
  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Bhí sé iontach chun dúsaigh go dtí maidin mar sin. Cosúil le bringlóid. :)


  • Registered Users Posts: 246 ✭✭baggins


    Bhí sé go hointach nuair a raibh sé ann, ach anois tá sé go léir imithe anseo.


  • Closed Accounts Posts: 1,377 ✭✭✭An Fear Aniar


    Ní raibh calóg ar bith againn anseo i Londain, agus is breá liom é mar sin, cé go bhfuil sé millteach fuar.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Níor mhair sé ach aon lá amháin i gCorcaigh. Is mór an trua é mar d'fhéach an áit go hálainn faoi bhrat sneachta.


  • Registered Users Posts: 246 ✭✭baggins


    chuala mé áit éigin go mbeigh sneachta anseo am éigin timpeall feabhra agus go mbeidh sé chomh dona leis an "sneachta mór" de 1963.
    nílimse ach 21 bliain d'aois, ach deireann na daoine níos sine go raibh timpeall ar 6 troith de sneachta ansin. Ba aoibheann an aimsir sin.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Bheadh sé sin go hiontach (chomh fada is nach gcuirfeadh sé seandaoine agus daoine i gceantair iargúlta i ndainséar) ach conas is féidir an aimsir a thuar chomh fada sin isteach sa toghchaí?


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    baggins wrote:
    chuala mé áit éigin go mbeigh sneachta anseo am éigin timpeall feabhra agus go mbeidh sé chomh dona leis an "sneachta mór" de 1963.
    nílimse ach 21 bliain d'aois, ach deireann na daoine níos sine go raibh timpeall ar 6 troith de sneachta ansin. Ba aoibheann an aimsir sin.

    Dhúnfadh an tír seo síos sa chás sin. Tá cleachtadh maith ag tíortha eile ar aimsir mar sin ach níl ag Éirinn.


Advertisement