Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Dia Daoibh

Options
  • 16-12-2004 9:14pm
    #1
    Registered Users Posts: 130 ✭✭


    Dia Dhaoibh, a dhaoine,

    Is mise Daithí Ó Mhaoldhia. Is pearsanta nua mé anseo, agus táim anseo chun usáid a bhaint amach as mo chuid Gaeilge. Muna bfhuil caighdeán sármhaith agam sa Gaeilge, tá brón orm. Gach bhliain, nuair a théam go dtí an Gaelteacht, bíonn mo chuid Gaeilge.....go maith, nuair a schroicheann mé abhaile. Sin an fáth go bfhuil mé anseo. Caithfidh mé mo caighdeán a coimeád suas, mar beidh an Ardteist agam sa Samraidh- agus, ar ndóigh, tá grá agam don teanga.

    An mbeidh cómhrá againn?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Fáilte romhat!

    Sea, ba dheas an rud é comhrá a chur ar siúl anseo - thabharfadh sé seans do dhaoine cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge!

    An bhfuil aon scéal suimiúil agat mar sin nó an mbeidh orainn go léir a bheith ag caint mar gheall ar an aimsir.:)


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Fáilte romhat! Céard ba mhaith leat a phlé Dave?


  • Closed Accounts Posts: 1,377 ✭✭✭An Fear Aniar


    Dave3x wrote:
    agus, ar ndóigh, tá grá agam don teanga.

    An mbeidh cómhrá againn?

    Fáilte Uí Cheallaigh romhat, a chara.

    An maith leat an píosa ceoil seo?

    Fan leath nóiméid nó mar sin agus tosóidh sé i gceart. 'Sé an blúire ceoil is ansa liom faoi láthair.

    Tá roinnt suímh eile atá Gaelchairdiúil :

    www.daltai.com

    www.beo.ie/ple

    www.irishgaelictranslator.com

    www.craiceailte.com


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Agus an Politics.ie ta Fóram Gaeilge anois chomh maith:

    http://www.politics.ie/modules.php?name=XForum&file=forumdisplay&fid=96


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Nollag shona daiobh go leir! :)


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 8,676 ✭✭✭Chong


    Nollaig Shona, Is Maith Liom Gaelige.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Nollaig shona do chách! Ná ithigí an iomarca turcaí!


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Beannachtaí na Nollag uaimse chomh maith


  • Closed Accounts Posts: 3,243 ✭✭✭kelle


    Cen chaoi a chur sibh an fada ar na gutai? An bhfuil eochair leis an fada ar gach riomhaire nach raibh fhios agam faoi??? Inis dom, le bhur dtoil!!!!!


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    kelle wrote:
    Cen chaoi a chur sibh an fada ar na gutai? An bhfuil eochair leis an fada ar gach riomhaire nach raibh fhios agam faoi??? Inis dom, le bhur dtoil!!!!!

    Brúigh "alt gr" agus an guta ag an am céanna.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 3,243 ✭✭✭kelle


    á é
    Go raibh míle maith agat, a Shimu! An bhfuil aon duine as "Boards" as an Gaeltacht?


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    kelle wrote:
    á é
    Go raibh míle maith agat, a Shimu! An bhfuil aon duine as "Boards" as an Gaeltacht?


    Féach anseo:

    http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=190982


  • Closed Accounts Posts: 147 ✭✭mcscrub


    Dave3x
    Molaim duit dul ar http://www.gaeilge.ie tá eolaire maith acu agus tá siad nascaithe le go leor áiteanna eile chomh maith


  • Closed Accounts Posts: 147 ✭✭mcscrub


    Gael, a Chara,
    An bhfuil tú ag stáidéar i Maigh Nuad??


  • Registered Users Posts: 699 ✭✭✭hada


    Fáilte a chara go dti an suíomh seo!!

    Bionn na daoine ar boards.ie an-chardiúil..bheul, den chuid is mo! ;)

    Duirt tú, go bhfuil tú ag deanamh an ardteist i mbliana.. Gach rud ag dul go maith?
    Cá beidh tú ag staidear anuraidh?


  • Registered Users Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    hada wrote:
    Cá beidh tú ag staidear anuraidh?

    anuraidh = last year.
    an bliain seo chugainn = next year.


Advertisement