Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cén t-amhrán Nollag Gaeilge is fearr leat?

Options
  • 03-12-2004 5:29pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭


    An ceann is fear liomsa ná "An Oíche úd i mBeithil"

    Is maith liom an ceol, go háirithe.
    Don oíche úd i mBeithil,
    beidh tagairt ar ghrian go brách
    Don oíche úd i mBeithil,
    go dtáinig an Briathar slán
    Tá gríosghrua ar spéartha,
    's an talamh 'na chlúdach bán
    Féach íosagán sa chléibhín,
    's an Mhaighdean in aoibhneas grá

    Ar leacain lom an tsléibhe,
    go nglacann na haoirí scáth
    Nuair in oscailt gheal na spéire,
    tá teachtaire Dé ar fáil

    Céad glóir anois don Athair,
    i bhFlaitheasa thuas go hard
    Is feasta fós ar talamh,
    d'fheara, dea-mhéin síocháin


Comments

  • Registered Users Posts: 33,519 ✭✭✭✭dudara


    Oiche ciúin, gan dabht, amhrán álainn atá ann


  • Closed Accounts Posts: 92 ✭✭rosa


    Tháinig mo dhearthair óg abhaile ón scoil ag canadh ' Rudolph, an fhia rua'
    Cheap mé go raibh sé go deas.......


  • Closed Accounts Posts: 15,552 ✭✭✭✭GuanYin


    An Chéad Nollaig Mhór

    An Chéad Nollaig Mhór, bhí cor aingeal Dé
    Sa spéir go ceolmhar a fogairt dea-scéil
    Mbun cúraim a dtréad, bhí aoirí na mbán
    'S d'airíodar an scéala, dea-mhéinne 'gus grá
    Nóel, Nóel, Nóel, Nóel
    Rugadh an lá seo Rí Iosrael

    Do dhearcadar i gcéin, an réalt lonnrach breá
    In oirthear an spéire, gan néal gan scáth
    Agus líon an saol, de ghlé-sholas óir
    'S lean uirthi a soilsiú, idir oíche 'gus ló

    Nóel, Nóel, Nóel, Nóel
    Rugadh an lá seo Rí Iosrael

    Do bhreoigh an réalt, triúir éigeas gan cháim
    thíortha i gcéin, thar sliabh 'gus thar má
    A d'iarraidh an Rí, bhí 'na soithe mór-chlú
    'S do lean siad de shíor, an rinn réilteann iúil

    Nóel, Nóel, Nóel, Nóel
    Rugadh an lá seo Rí Iosrael


  • Closed Accounts Posts: 5 dtraynor


    Tá brón orm ach.... "Driving Home for Christmas"


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Ag tiomáint abhaile don Nollaig? :)


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    A Oíche naomh aistriúchán le Liam Prút

    A oíche naomh
    Is geal sa spéir na réalta
    Oíche bhreith Chríost
    Thug slán sinn ón mbás
    B’fhada an domhan
    Fé pheaca is fé earráid
    Gur tháinig Sé
    Is gur ghin ionainn grá
    De dhóchas ard
    Tá lúcháir ar an saol bocht
    Is ann atá
    An mhaidin ghlórmhar bhreá
    Cromaíg go humhal
    Tabhair aird ar cheol na n-aingeal
    A oíche Dé
    A oíche bhreith ár dTiarna
    A oíche Dé, a oíche Dé.

    Fé threoir na Cré
    ag soilsiú ina gcroíthe
    Ár gcroí lán grá
    i ndeas dá chliabhán
    Fé threoir an réalt
    ag taitneamh ins na spéartha
    tháinig an triúr
    an bóthar anoir
    Féach Rí na Rí
    ’na luí go humhal sa mhainséar
    Pé fad ár mbuairt
    ár gcara é sa chúirt
    ’S eol dó ár ndíth
    Ár laigíocht tá soiléir dó
    Seo Rí na naomh
    Ar do ghlúine ina láthair
    Seo Rí na naomh, seo Rí na naomh.

    Eisean a mhúin dúinn
    A chéile a ghráú
    Dlí Dé an grá
    A shoiscéal síocháin
    Briseann slabhraí
    An daor, ’sé ár mbráthair
    ’gus faoina réim
    cuirtear leatrom chun fáin
    le háthas croí
    gabhaimidne ceolta buíochais
    de chroí iomlán
    gabhaimidne buíochas Dó
    ’Sé Críost an Triath
    tá a Ainm síor le móradh
    Is ard go deo
    a Ainm is a ghlóir
    Is ard go deo
    a Ainm is a Ghlóir.

    – Aistriúchán ar “O Holy Night” (Dwight Sullivan)
    d’éis “Cantique de Noël” (Adolphe Adam).


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Fadó riamh i gCathair Dháibhí aistriúchán le Liam Prút

    Fadó riamh i gCathair Dháibhí
    I gcró eallach mar a bhí
    Chuir an Mháthair Naí sa mhainséar
    Amhail i leaba ina luí
    Dob í Muire an Mháthair chaoin
    Dob é Íosa Críost an Naí

    Tháinig Sé ó neamh ar thalamh,
    an Tiarna is Dia ar gach n-aon
    Ins an stábla fuair a lóistín,
    b’é a chliabhán an mainséar
    Le bochtáin do bhí ’na chónaí
    B’é a shlánaigh sinn ón mbás.

    – Aistriúchán ar “Once in Royal David’s City”


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Stoc an Aingil aistriúchán le Liam Prút

    Stoc an aingil d’fhógair scéal
    Glóir don Rí nua ar an saol
    Síth ar talamh trócaire Dé
    Dia ’s an peacach ar aon taobh
    Bíodh gairdeas ar náisiúin an tsaoil
    Cluineadh spéartha an chaithréim
    Fógraíg’ leis na haingil scéal
    Gur saolaíodh Críost i mBeitlehéim
    Stoc an aingil d’fhógair scéal
    Glóir don Rí nua ar an saol.

    Críost a adhrann aingil Dé,
    Críost is Tiarna síoraí
    Más déanach féach é ar an saol,
    Gin na Maighdin’ ’s an Spioraid Naoimh
    Faoi chlúdach colainne tá Dia,
    Féach an Diagacht ar an saol
    Sásta bheith in éintíos linn,
    Íosa is Éamanuel
    Stoc an aingil d’fhógair scéal
    Glóir don Rí nua ar an saol

    Ar neamh do rugadh Síocháin Dé
    Mac na córa, prionsa glé
    Soilsíonn an bheatha do gach n-aon
    Nuair d’éirigh leath íocshláinte uaidh
    D’fhág a ghlóir uaidh i leataobh
    Rugadh chun ná caillfí sinn
    Rugadh chun go n-éireoimis,
    Rugadh é mar athshaol dúinn
    Stoc an aingil d’fhógair scéal
    Glóir don Rí nua ar an saol.

    – Aistriúchán ar “Hark the Herald Angels Sing”


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Trí Long mhór aistriúchán le Liam Prút

    Sheol trí long mhór isteach sa chuan
    Ar lá ’le Críost
    Ar lá ’le Críost
    Sheol trí long mhór isteach sa chuan
    Ar lá ’le Críost leis an lá geal

    Agus céard a bhí ag gach long ar bord
    Ar lá ’le Críost
    Ar lá ’le Críost
    Agus céard a bhí ag gach long ar bord
    Ar lá ’le Críost leis an lá geal.

    An Slánaitheoir is a Mháithrín
    Ar lá ’le Críost
    Ar lá ’le Críost
    An Slánaitheoir is a Mháithrín
    Ar lá ’le Críost leis an lá geal.

    Agus inis dom cár sheol siad triúr
    Ar lá ’le Críost
    Ar lá ’le Críost
    Agus inis dom cár sheol siad triúr
    Ar lá ’le Críost leis an lá geal.

    Sheoladar go Bethlehem
    Ar lá ’le Críost
    Ar lá ’le Críost
    Sheoladar go Bethlehem
    Ar lá ’le Críost leis an lá geal.

    Agus éist le ceol na gclog go léir
    Ar lá ’le Críost
    Ar lá ’le Críost
    Agus éist le ceol na gclog go léir
    Ar lá ’le Críost leis an lá geal.


    Beidh ceol na n-aingeal ins an spéir
    Ar lá ’le Críost
    Ar lá ’le Críost
    Beidh ceol na n-aingeal ins an spéir
    Ar lá ’le Críost leis an lá geal.

    Is beidh ceol ar talamh ag gach n-aon
    Ar lá ’le Críost
    Ar lá ’le Críost
    Beidh ceol ar talamh ag gach n-aon
    Ar lá ’le Críost leis an lá geal.

    – Aistriúchán ar “I Saw Three Ships”


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Is breá liom an dán seo, leis (cé nach ngéillim don gcreideamh taobh thiar de in aon chor - nach ait an rud é sin!) Ba dheas é dá gcuirfeadh duine éigin ceol leis.


    Oíche Nollag
    le Máire Mhac an tSaoi



    Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,
    Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc,
    Adaigh an tine is téir chun na leapan,
    Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

    Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne,
    An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,
    Deonaigh do shuaimhneas a ligint, a Mhuire,
    Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

    Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,
    Cóiriú gan caoile, bia agus deoch,
    Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,
    Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,377 ✭✭✭An Fear Aniar


    simu wrote:
    Is breá liom an dán seo, leis (cé nach ngéillim don gcreideamh taobh thiar de in aon chor - nach ait an rud é sin!) Ba dheas é dá gcuirfeadh duine éigin ceol leis.

    Is deas an dán sin, cinnte.


  • Registered Users Posts: 32,136 ✭✭✭✭is_that_so


    Don oiche ud i mbeithil an ceann is fearr liom


  • Registered Users Posts: 2,055 ✭✭✭snickerpuss


    Tá daidí na Nollaig ag teacht!
    Tá brón orm ach bhí sin an t-amhrán go brea liom sa bunscoil.


Advertisement